Anraith
Jump to navigation
Jump to search
Anraith a tugtar ar an uisce ina mbeirítear feoil úr, glasraí nó rud inite eile. Cuirtear oinniúin agus glasraí agus luibheanna tríd an anraith go minic. Déanann siad é thiúachtaint agus tugann siad blas air. Cuirtear piobar agus salann, leis, air, agus uaireanta cuirtear beagán plúir nó mine coirce nó eornán tríd an anraith. Táid ar fheabhas chun é thiúachtaint agus tugaid blas, leis, air.
Deintear anraith as glasraí nó as meacain, leis. Bíonn anraith glasraí ann, anraith trátaí, anraith prátaí, anraith piseánach, anraith beacáin, agus mar sin de, do réir an ábhair go ndéantar as é. Tá anraith maith tiubh ar fheabhas, chun duine do théamh san aimsir fhuar.
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann le: Anraith. |