Salann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaSalann
Sonraí
Cineálcomhábhar bia
Príomh-chomhábhairclóiríd sóidiam, impurity (en) Aistrigh, breiseán bia, anticaking agent (en) Aistrigh agus potassium iodide (en) Aistrigh

Sa bhunchiall, tugtar salann ar an gclóiríd sóidiam, an salann coiteann, a chuirtear leis an mbia lena leasú. Sa cheimic, is é is brí le salanncomhdhúil cheimiceach a ghinfear má neodraíonn an t-aigéad agus an bun a chéile, ionas go rachaidh ainian an aigéid agus caitian an bhun le chéile. Is salann é an salann coiteann sa chiall cheimiceach freisin, nó tá ainian an aigéid hidreaclóraigh, an t-ian clóiríde Cl- agus caitian na hiodrocsaíde sóidiam, an t-ian sóidiam Na+ ann.

Tá blas goirt sa salann, agus is ceann den cheithre bunbhlas é a aithníonn teanga an duine. Is féidir bia a leasú le salann ionas go mairfidh sé inite ar feadh i bhfad, agus mar sin, tá an cine daonna ag leasú bia le salann ón am anallód. Tá salann le fáil go flúirseach sa dúlra, go háirithe sna farraigí, ach is féidir teacht ar fhosuithe salainn ar an talamh slán féin.

Tá an dá ian atá sa salann - sóidiam agus clóiríd - géar-riachtanach do na neacha beo go léir. Mar sin féin, níl sé inmholta an iomarca salainn a úsáid, nó cuireann an salann le do bhrú fola.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]