Sóidiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachSóidiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Sóidiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachNa
Uimhir adamhach11
Mais adamhach22.98976928
Cumraíocht leictreon1s² 2s² 2p⁶ 3s¹ agus [Ne] 3s¹
Peiriad, Grúpapeiread 3
dúil ghrúpa 1
miotail alcaile
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1
Ga ianach0.99, 1.02, 1.18, 1.24 agus 1.39
Stair
AimsitheoirHumphry Davy
Fionnachtain1807
Eapainmcarbónáit sóidiam, tinneas cinn, hiodrocsaíd sóidiam agus natron (en) Aistrigh

Is é an sóidiam dúil uimhir a 11, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Na. "Natrium" a thugtar air ina lán teangacha, sa Ghearmáinis mar shampla. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s22p63s1. Is é sin, tá aon fhiúsleictreon amháin - an s-leictreon is dual do na miotail alcaileacha go léir - aige, agus ina chuid imoibriúchán leis na dúile eile, bíonn an sóidiam ag iarraidh an leictreon seo a thabhairt uaidh le hian deimhneach (Na+) a dhéanamh. Dá réir sin, is í an t-aon uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn aige ina chuid comhdhúl ná +1.

Ba é Sior Humphry Davy ba thúisce a d'aonraigh an sóidiam mar dhúil, nuair a chuir sé sruth leictreachais trí hiodrocsaíd sóidiam a bhí leáite. Níl sé éasca, áfach, sóidiam a choinneáil ina dhúil i bhfad, ós rud é go bhfuil sé chomh fonnmhar sin chun imoibriúcháin. Má bhíonn sé i dteagmháil dhíreach leis an aer, ocsaídeofar é, ionas go ndéanfar ocsaíd sóidiam Na2O nó sárocsaíd sóidiam Na2O2, agus má chuirtear san uisce é, cuirfidh sé bladhaire as agus é ag dul in áit na hidrigine san uisce, i gcruth is go dtiocfaidh hiodrocsaíd sóidiam as:

2 Na + 2 H2O -> H2 + 2 NaOH

Imoibriú eisiteirmeach, spontáineach atá i gceist leis seo, agus má chuirtear cuid mhór sóidiam san uisce in aon iarracht amháin, is féidir go mbeidh pléasc ann agus an t-uisce á stialladh ar fud na háite. Ós rud é go mbeidh an t-uisce sin lán hiodrocsaíd sóidiam ansin, fágfaidh sé cneácha loiscthe ar na daoine a bhuailfidh sé. An duine a bhainfidh triail as an imoibriú seo sa tsaotharlann, caithfidh sé a bheith an-chúramach. Mar sin, ní mór an sóidiam a choinneáil i dtaisce in ola nach ligeann don uisce ná don ocsaigin teacht in aon chóngar dó.

In éineacht le hainiain na n-aigéad, cruthaíonn an sóidiam comhdhúile ianacha - salainn - a bhíonn sothuaslagtha san uisce, cosúil leis an ngnáthshalann féin (clóiríd sóidiam, NaCl). Má chuirtear salann sóidiam trí thine, aithneofar ar dhath láidir buí na lasrach é, agus dá réir sin, baintear úsáid as an sóidiam i lampaí le solas buí a dhéanamh.

Tá an sóidiam - i bhfoirm an iain Na+, ar ndóigh - an-choitianta sa dúlra. Mianraí sóidiam iad an salann, an hailít, an chrióilít, an t-amfaból, an tróna, an tseoilít, agus a lán eile. Tá sé ar fáil go flúirseach sna farraigí mar chlóiríd. Teastaíonn an sóidiam ó na horgánaigh bheo go léir, an duine san áireamh.

Tá aon iseatóp cobhsaí amháin ag an sóidiam, is é sin, 23Na. Mar sin féin, bíonn rianta beaga de na hiseatóip úd 22Na (leathré: 2.605 bliain) agus 24Na (leathré timpeall ar cúig uair an chloig déag) ar fáil sa dúlra in áiteanna, ó ghintear iad faoi thionchar na radaíochta cosmaí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]