Leictreonaic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar eolaíochtúil ar ghluaisní leictreon, agus feidhmiú an eolais seo. D'fhás an disciplín as turgnaimh sa 19ú céad ar leictreachas, a raibh ceapadh an fheadáin fholúsaigh theirmianaigh mar thoradh orthu. Tháinig an trasraitheoir in ionad an fheadáin theirmianaigh sa dara leath den 20ú céad tar éis ceapadh an trasraitheora i Saotharlanna Bell sna Stáit Aontaithe i 1948. Laghdaíodh méid na gcomhbhall leictreonach as cuimse, mar a tharla leis an slisne sileacain agus an ciorcad iomlánaithe. Faoi seo is réabhlóideach amach is amach tionchar na leictreonaice ar bheagnach gach gné de shaol na ndaoine sa bhaile agus i ngnó, le raidió, teilifís, ríomhairí is a bhfeidhmeanna, físchluichí, feistí míochaine cosúil le séadairí, córais íomháithe is eolais, spásárthaigh, teileafóin iniompartha, ríomhairí, agus an iliomad feidhmeanna eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Leictreonaic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 405.