Teileafón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is gléas teileachumarsáide é an guthánteileafónfón, chun fuaim (caint ach go háirithe) a tharchur agus a ghlacadh, go hiondúil idir bheirt, nó níos mó, ag caint le chéile. Tá an gutháni measc na ngléasanna tí is coitianta sa domhan nua-aimseartha. Mar aon le sin, is ceann dos na huirlisí gnó is tábhachtaí ar domhan é.

timpeall na 1940idí

Sansaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann an focal guthán ón nGréigis τηλέ (i bhfad) agus φωνή (guth), a úsáidtear.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Alexander Graham Bell an phaitinn sa bhliain 1876 chun an ionstraim a fhorbairt. Leag sé síos bunús an teileafóin le glacadóir ionduchtaithe a cheap sé féin chun an fhuaim a chruthú, ceangailte le sreang le tarchuradóir carbóin de chuid Thomas Edison chun comhartha leictreach a chruthú ó fhuaim an ghutha.[1]

Sa bhéalóg d'imbhuail creathanna na fuaime san aer le scannán anuas ar chiseal gráinníní carbóin, agus d'athraigh brú an scannáin friotaíocht an chisil seo chun sruth athraitheach leictreach a chruthú mar chomhartha na fuaime. Nuair a shroich an comhartha srutha seo an cluasán sa ghlacadóir, rith sé trí leictreamaighnéad, agus chrith a réimse athraitheach seo scannán, rud a chruthaigh fuaimthonn, díreach i bpas leis an gcomhartha, agus mar sin díreach i bpas le bunfhuaim an ghutha a labhair isteach sa bhéalóg thosaigh.

Guthán bunúsach ón bhliain 1984.

De réir a chéile tugadh isteach athchraoltóirí (aimplitheoirí, i ndáiríre) chun cur leis an gcomhartha ar an tsreang agus glaonna thar chianfhaid a chur ar fáil.[1]

Teicneolaíocht inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

I láthair na huaire, ar cheangail raidió le satailítí agus naisc le micreathonnta, seachas sreanga, a bhíonn córais teileafóin bunaithe den chuid is mó. Teileafóin sho-ghluaiste nó iniompartha is ea iad.

Bunús eile leis na córais nua-aoiseacha is ea na córais ríomhaire chun glaonna a ródú go huathoibríoch. Anois bíonn na hionstraimí teileafóin leictreonach, le heochaircheap in ionad diaile, agus tréithe cliste, bunaithe ar ríomhairí is cuimhní digiteacha, cosúil le liosta uimhreacha na ngnáthghlaonna, glaoch ar ais ar an uimhir is déanaí, ceangal leis an Idirlíon, físteileafóin, is tréithe ilmheáin eile.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.