Leictreon
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Gramadach, stíl, litriú, infobox, srl
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
![]() | |
Rangú | charged lepton (en) ![]() ![]() ![]() |
---|---|
idirghníomhaíochtaí | idirghníomhú lag, idirghníomhú leictreamaighnéadach agus imtharraingt ![]() |
Frithcháithnín | Posatrón ![]() |
Fionnachtain | 1897 ![]() |
Lucht leictreach | −1 ![]() |
Móimint mhaighnéadach | −1.0011596521808 ![]() |
Guairne | 0.5 ![]() |
Paireacht | 1 ![]() |
Forshiméadracht | selectron (en) ![]() ![]() |
Eapainm | ómra ![]() |
Uimhir Monte Carlo | 11 ![]() |
Is éard atá sa leictreon (tugtar neigeatrón air freisin; is é e− an gnáthchomhartha) ná cáithnín fo-adamhach. Taobh istigh den adamh a fhaightear na leictreoin, i gcumraíocht leictreonach, ag timpeallú an núicléas (is de phrótóin agus de neodróin atá sé sin cumtha).
Tá an lucht leictreach is lú ag na leictreoin, agus gineann siad sruth leictreach agus iad ag taisteal. Toisc go bhfuil baint ann idir an méid leictreon atá ag adamh agus a chuid tarraingt chuig adaimh eile, is bunúsach an pháirt a ghlacann an leictreon sa cheimic.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí George Johnston Stoney, fisiceoir Éireannach, ar na chéad daoine a d’úsáid an focal ‘leictreon’ ar an gcainníocht bhunúsach luchta a fhaightear sa leictrealú[1].
Ba é Robert Millikan, Meiriceánach, an chéad duine a rinne luach an luchta ar an leictreon a thomhas[2]. D’úsáid sé turgnamh cáiliúil ar a dtugtar an turgnamh ola-bhraonach. Fuair sé amach go bhfuil lucht dar luach −1.6 × 10−19C (nó an luach sin iolraithe faoi shlánuimhir éigin) ar bhraon ola a luchtaítear go leictreastatach. Rinne sé amach gurb in é méid an luchta ar an leictreon.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Alex Keller: The Infancy of Atomic Physics. Hercules in His Cradle, Oxford University 1983. ISBN 0-19-853904-5
- ↑ GCE Physics A2 1 (Irish) Sum06.indd
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Of the "Electron", or Atom of Electricity Curtha i gcartlann 2005-08-08 ar an Wayback Machine - le G. J. Stoney, Philosophical Magazine, Series 5, Vol 38, l. 418-420, 1894