Ollphléasc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fairsingiú na cruinne

Ba í an Ollphléasc an phléasc a chuir bun agus tús leis an Ollchruinne, de réir dealraimh, timpeall 14 billiún bliain ó shin.

An chéad 10-43 soicind (is é sin, an tríú deachúil is dhá scór den tsoicind - codán atá chomh beag is go bhfuil dhá nialas is dhá scór idir an t-aon agus an ponc deachúlach) i ndiaidh na pléisce (nó an túsphointe) ní raibh ceithre phríomhfhórsa na hollchruinne (an imtharraingt, an leictreamaighnéadas agus an dá chineál fórsa núicléach) dealaithe ó chéile go fóill. Bhí mais iomlán na hOllchruinne comhchruinnithe i bpointe a bhí i bhfad ní ba lú ná an míle milliúnú cuid den phrótón. Ré Planck a thugtar ar an tréimhse seo i stair na hollchruinne. Bhí teocht na hOllchruinne ag 1034 céim Celsius (is é sin, ceithre nialas déag agus fiche i ndiaidh an t-aon).

Nuair a sroicheadh deireadh an chéad 10-43 soicind, dhealaigh an imtharraingt ón trí chineál príomh-idirghníomhú eile. I ndiaidh an phointe seo ama, is féidir leis an eolaíocht léargas ceart a thabhairt ar fhorbairt na hOllchruinne. Ba é seo Ré na Mórtheoirice Aontaithe, ré atá ainmnithe as an gcineál teoiric atá na fisiceoirí ag iarraidh a fhorbairt leis na príomhfhórsaí éagsúla seo a mhíniú in éineacht.

Tháinig an ré seo chun deiridh 10-36 soicind i ndiaidh an túis, nuair a scar an tIdirghníomhú Láidir leis an dá fhórsa eile. Sa scaradh sin, fuasclaíodh cuid mhór fuinnimh, agus thosaigh an ollchruinne ag dul i bhfairsinge. An ollchruinne chéanna nach raibh inti, ar tús, ach mionbhlúirín agus é i bhfad níos lú ná an chomhchuid is éadroime san adamh mar is eol do na heolaithe inniu é, síneadh amach í anois go méid na seadóige nó an oráiste mhóir. Tugtar an Ré Leictrealag ar an ré seo, ó bhí an leictreamaighnéadas agus an t-idirghníomhú lag in éineacht i gcónaí, mar fhórsa a dtugtar an fórsa leictrealag air. An fuinneamh a bhí ar fud na hOllchruinne, rinne sé an rud a dtugtar pas-trasdul air. Pas-trasdul, nó athrú staide atá i gceist, cuir i gcás, le reo an uisce go leac oighir.

Bhí imthosca antoisceacha na hOllphléisce de dhíth leis sin a chur i gcrích. D'iompaigh cuid mhór den fhuinneamh ina cháithníní: glúóin, leictreoin agus cuarcanna. Tháinig moilliú éigin ar an dóigh a raibh an Ollchruinne á fairsingiú, ach má tháinig féin, bhí an leathadh sin ag dul ar aghaidh i gcónaí, agus sin go géar gasta.

10-10 soicind i ndiaidh thús na hOllchruinne, dhealaigh an leictreamaighnéadas agus an t-idirghníomhú lag ó chéile, agus dlíthe na fisice, mar is eol dúinn inniu iad, ag teacht i bhfeidhm. B'é seo Ré na gCáithníní. Thosaigh na cuarcanna is na frithchuarcanna ag díothú a chéile (nó is díothú dá chéile iad an cáithnín agus a fhrithcháithnín) agus iad ag táirgeadh an dúrud fuinnimh nuair a dhíothaigh siad a chéile. Thiontaigh sé amach go raibh níos mó cuarcanna ná frithchuarcanna ann, agus fágadh an oiread de chuarcanna ann mar fhuíoll agus mar fharasbarr agus gurbh fhéidir na prótóin, na neodróin is na hadaimh a thógáil astu. Chuaigh na cuarcanna le chéile ina hadróin, ach ní raibh fad saoil ach sa dá chineál hadróin a bhfuil muid féin agus ár bpláinéad agus ár ngrianchóras agus ár n-ollchruinne déanta astu - na prótóin agus na neodróin. I ndiaidh ré seo na hadrón, gheal lá na leaptón. Cosúil leis na cuarcanna roimhe sin, dhíothaigh na leaptóin is na frithleaptóin a chéile, agus fágadh farasbarr leaptón ann i ndiaidh na teagmhála.

Ansin, bhí soicind iomlán aoise ag an Ollchruinne. Thosaigh na hadróin ag dul le chéile le núicléis adamh a dhéanamh. Rinneadh na dúile is simplí agus is éadroime ansin, mar atá, an hidrigin, an héiliam, agus an litiam.

Céad soicind i ndiaidh na hOllphléisce, thosaigh an Ollchruinne á fuarú agus í ag dul i bhfairsinge. Bhí radaíocht ardfhuinnimh na hOllchruinne ag claochlú go cáithníní, agus an damhna ag teacht in áit na radaíochta mar phríomh-chomhábhar na hOllchruinne. Thóg sé na mílte bliain, áfach, leis an chéad adamh a chruthú. Tháinig na hadaimh chun saoil an tríú cuid den mhilliún bliain i ndiaidh an túis, nuair a d'fhuaraigh an Ollchruinne a fhad is a thosaigh na leictreoin á socrú síos agus ag cur fúthu ar na fithiseáin thart ar na núicléis. Go dtí sin, bhí flúirse mhillteanach radaíochta ann a choinníodh na leictreoin ag dul de rúchladh fud fad na hOllchruinne, agus iad ag baint a ndóthain fuinnimh as na gathanna a bhuaileadh iad. Caor chianársa thine a bhí san Ollchruinne ag an am, mar a deirtear.

De réir a chéile, sheadaigh na leictreoin síos ar a gcuid fithiseán thart timpeall ar na núicléis, ionas gur tháinig na hadaimh chun saoil. D'éirigh an ollchruinne trédhearcach - ní caor thine lán radaíochta a bhí ann a thuilleadh. Anois, áfach, bhí aois na hollchruinne ag druidim le deireadh an chéad mhilliún bliain, cheana féin.

Ón am seo a thagann micreathonnta cúlra na hOllchruinne. Solas a bhí sa radaíocht seo ar dtús, is dócha, ach, in imeacht na milliún bliain, deargaistríodh an chuid is mó den radaíocht seo go dtí banda minicíochta na micreathonnta. Is é sin, tonnta raidió den chineál is giorra tonnfhaid atá sa chuid is mó den radaíocht atá fágtha ag dul trasna na hOllchruinne, mar chuimhneachán deiridh ar an Ollphléasc.