Max Planck
Fisiceoir Gearmánach ab ea Max Karl Ernst Ludwig Planck (23 Aibreán 1858 - 4 Deireadh Fómhair 1947). Chítear mar bhunaitheoir na meicnice chandamaí é.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Planck in Kiel na Gearmáine.
Candam
[cuir in eagar | athraigh foinse]Óna staidéar ar theirmidinimic is radaíocht dúchoirp, chuir sé an teoiric chandamach le chéile i 1900, céim fhíorthábhachtach chun tosaigh san eolaíocht i dtús na 20ú haoise.[1]
B'é Planck a chéadchuimhnigh ar Theoiric an Chandaim. Is é seo prionsabal bunaidh na teoirice seo: ní mar athróg leanúnach a astaítear fuinneamh ach ina aonaid scoite nó ina bhearta. 'Candaim' a thugtar ar na bearta seo.
Shaothraigh Niels Bohr is Albert Einstein teoiricí tábhachtacha eile a díorthaíodh ón mbunsmaoineamh seo.[1]
Níos déanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bronnadh Duais Nobel na Fisice ar Phlanck sa bhliain 1918.
Chroch na Naitsithe a mhac, Erwin Planck, fear gnó agus polaiteoir, sa bhliain 1945. Chuaigh sé i gcomhcheilg chun Hitler a fheallmharú. Tháinig beaguchtach ar Max Planck agus d'éág 4 Deireadh Fómhair 1947, in aois 89 dó.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |