Walther Meissner
| Ainm sa teanga dhúchais | (de) Walther Meißner |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 16 Nollaig 1882 Beirlín, An Ghearmáin |
| Bás | 16 Samhain 1974 91 bliana d'aois München, An Ghearmáin |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Theicniúil München Ollscoil Humboldt Bheirlín Ollscoil Theicniúil Bheirlín |
| Comhairleoir dochtúireachta | Max Planck |
| Áit chónaithe | an Ghearmáin |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Fisic |
| Suíomh oibre | München |
| Gairm | fisiceoir, innealtóir, múinteoir ollscoile |
| Fostóir | Ollscoil Theicniúil München Physikalisch-Technische Bundesanstalt |
| Ball de | |
| Mac/iníon léinn de chuid | Max Planck |
| Teangacha | An Ghearmáinis |
| Teaghlach | |
| Athair | Waldemar Meissner |
Gradam a fuarthas | |
Ainmnithe do
| |
Fisiceoir teicniúil Gearmánach ab ea Fritz Walther Meissner (Gearmáinis: Meißner) (16 Nollaig 1882 – 16 Samhain 1974). [1]
Rugadh Meissner i mBeirlín do Waldemar Meissner agus Johanna Greger. Rinne sé staidéar ar innealtóireacht mheicniúil agus ar fhisic in Technische Universität Berlin (Ollscoil Theicniúil Bheirlín), agus ba é Max Planck a mhaoirseoir dochtúireachta. Chuaigh sé isteach sa Physikalisch-Technische Bundesanstalt i mBeirlín ansin. Ó 1922 go 1925, thóg sé an tríú leachtaitheoir héiliam is mó ar domhan, agus sa bhliain tháinig sé ar Iarmhairt Meissner,[2] díchur an réimse mhaighnéadaigh i bhforsheoltóirí. Bliain ina dhiaidh sin, ceapadh é ina stiúrthóir ar roinn na fisice teicniúla sa Technische Universität i München. (Ollscoil Theicniúil München).
Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, rinneadh uachtarán d'Acadamh Bavárach na nEolaíochtaí agus na nDaonnachtaí (Gearmáinis: Bayerische Akademie der Wissenschaften) de. Sa bhliain 1946, ceapadh é ina stiúrthóir ar an gcéad choimisiún taighde maidir le teocht íseal de chuid an acadaimh. Bhí saotharlanna lonnaithe i Herrsching am Ammersee go dtí 1965, nuair a aistríodh go Garching iad. Bhí Meissner ina chónaí ina aonar lena dhá mhadra le roinnt blianta anuas dá shaol. Fuair Meissner bás i München sa bhliain 1974.Bhí Meissner ina chónaí leis féin lena dhá mhadra le roinnt blianta sula bhfuair sé bás. Fuair Meissner bás i München i 1974.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Brickwedde, F. G. (February 1975). "Walther Meissner". Physics Today 28 (2): 84–85. doi:. Bibcode: 1975PhT....28b..84B. Curtha i gcartlann 2013-09-27 ar an Wayback Machine
- ↑ Walther Meißner and R. Ochsenfeld, Naturwissenschaften V21, p. 787 (1933).
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- “Walther-Meißner-Institute for Low Temperature Research”. Bavarian Academy of Sciences and Humanities (2016). Dáta rochtana: 2018-07-16.