Teirmidinimic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar theas is feiniméin atá bunaithe ar an teas, agus 4 dhlí bunúsach na teirmidinimice. De réir an dlí nialasaigh, má bhíonn dhá chóras i gcothromaíocht theirmidinimiciúil leis an 3ú ceann, beidh siad i gcothromaíocht le chéile. Mar shampla, má fhágtar dhá réad i seomra socair ar feadh achair, tiocfaidh siad chuig teocht an tseomra, agus mar sin, beidh siad araon ag an teocht chéanna. De réir an chéad dlí, is nialas suim na n-athruithe fuinnimh taobh istigh de chóras aonraithe, is é sin go n-imchoimeádtar an fuinneamh iomlán ann. Mar shampla, is féidir bataire a úsáid chun uisce a théamh go leictreach, an fuinneamh ceimiceach sa bhataire tiontaithe ina fhuinneamh leictreach sa bhataire, agus an fuinneamh leictreach tiontaithe ina theas sa téitheoir friotaíochta san uisce. Sa chás seo, is ionann fuinneamh iomlán an chórais ag deireadh an phróisis is ag a thús. Cuirtear síos ar an dara dlí ar bhealaí éagsúla. Bealach amháin is ea nach féidir le hinneall teasa éifeacht 100% a bhaint amach, is é sin, ní féidir teas a thiontú go hiomlán go dtí fuinneamh meicniúil. Uaidh seo, ní féidir éifeacht 100% a bheith ag inneall gluaisteáin nó stáisiún ginte cumhachta, is cuma conas a thógtar iad. Bealach eile leis an dara dlí a rá is ea nach féidir teas a aistriú ó réad fuar go dtí réad te gan ionchur fuinnimh nó oibre. Mar shampla, bíonn gá le cuisneoir fuinnmhithe chun ábhar a fhuarú, ach má chuirtear réad fuar i seomra te, éireoidh an réad sin te ann féin go mbaineann sé teocht an tseomra amach. Bealach eile fós is ea go mbainfidh córas amach an staid is féidir leis a bhaint amach ar an líon slite is mó is féidir. Mar shampla, má shiltear braon dúigh in eascra uisce, scaipfidh an dúch go cothrom san uisce, staid a fhreagraíonn d'uasmhéid eagair adamh an dúigh is an uisce. Bealach eile fós leis an dara dlí a scríobh is ea, maidir le córas iata, go bhfanann eantrópacht an chórais tairiseach nó méadaíonn sí, agus ní théann i laghad ar chor ar bith. De réir an 3ú dlí, ní féidir dearbhnialas teochta a bhaint amach riamh. Roimh an 19ú céad cheaptaí gur ábhar substaintiúil an teas, a dtugtaí calrach air, agus go raibh níos mó calraigh ag réada teo ná réada fuara. Benjamin Thompson a thug an coincheap is an tuiscint nua-aoiseach isteach i 1798 gur foirm fuinnimh a bhí sa teas. Thuig Sadi Carnot coincheap imchoimeád an fhuinnimh i 1830. Thaispeáin James Joule tiontú fuinnimh mheicniúil go dtí teas, is an choibhéis idir teas is fuinneamh meicniúil, i 1845, le trealamh inar thit meáchain chun liáin, tumtha in uisce, a rothlú is an t-uisce a théamh. Mhol Hermann von Helmholtz i 1847 gur coibhéiseach gach foirm fuinnimh. Thug William Thomson (Tiarna Chaolbheinn) an dearbhscála teochta (atá ainmnithe as) chun cinn i 1845. Thomson (i 1851) is Rudolf Clausius (i 1850) a shaothraigh dara dlí na teirmidinimice. Thug Thomson an tuiscint isteach go scaipeann fuinneamh meicniúil ina theas, agus d'fhorbair Clausius an tuiscint seo go dtí coincheap na heantrópachta. Tá an chuid is mó den teirmidinimic chlasaiceach, ina samhlaítear iompar córais ina iomláine gan a shonraí micreascópacha a chur san áireamh, bunaithe ar shaothar na beirte seo. Tugtar teirmidinimic staitistiúil ar an staidéar nuair a phléitear córas mar seo ar an mbunús go bhfuil sé comhdhéanta as líon ollmhór adamh scoite.