Tairiseach Planck

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tairiseach bunúsach uilíoch a thagann isteach i gcothromóidí na teoirice candamaí. Úsáidtear an tsiombail h dó, agus is é a luach 6.626 × 10-34 giúl soicind (J s). Thug Max Planck isteach é i 1900 ina staidéar ar radaíocht dúchoirp. Tugann sé an gaol idir fuinneamh, E, candam solais is a mhinicíocht, ν, mar seo: E = hν. Uaireanta úsáidtear sa bhfoirm h*, agus h* = h/(2 π).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tairiseach Planck". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 523.