Orgán giolcach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilOrgán giolcach
Cineáluirlis mhéarchláir agus comhpháirt foirgnimh
Aicmiú Hornbostel-Sachs421.222.11
Gairm ealaíontaorgánaí

Gléas ceoil ina bhfuil giolcacha a sheinntear le méarchlár amháin nó níos mó, rud a chuireann ag crith go saor iad faoi bhrú aeir ó na boilg. Tá saghsanna níos lú, cosúil leis an armóin, ina bhfuil méarchlár amháin is boilg fuinnmhithe le troitheán. San orgán mór bíonn dhá mhéarchlár is clár troitheán, na boilg oibrithe le luamhán eile nó mótar leictreach ag fuinnmhiú caidéil. Bhíodh na horgáin giolcach an-choitianta mar ghléasanna tí is in eaglaisí beaga de bhrí nach raibh siad chomh costasach le píoporgán ná nach raibh gá leis an oiread sin spáis dóibh. Sa 20ú céad tháinig orgáin leictreonacha chun ionad na n-orgán giolcach a thógáil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Orgán giolcach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 499.