Niels Bohr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Niels Henrik David Bohr
Niels Bohr.jpg
Dáta breithe 7 Deireadh Fómhair, 1885
  Cóbanhávan, An Danmhairg
Dáta báis 18 Samhain, 1962
  Cóbanhávan, An Danmhairg
Náisiúntacht Danmhairgeach
Réimsí Fisic
Iomráiteach do Comhlántacht
Samhail Bohr
Éifeacht Bohr
Teoiric Sommerfeld-Bohr
Teoiric BKS
Díospóireachtaí Bohr-Einstein
Duaiseanna Duais Nobel (1922)
Síniú
Niels Bohr Signature.svg

Fisiceoir as Cóbanhávan, An Danmhairg ab ea Niels (Henrik David) Bohr [nels ˈb̥oɐ̯ˀ] (7 Deireadh Fómhair, 188518 Samhain, 1962).

Bronnadh Duais Nobel na Fisice air sa bhliain 1922 don obair cheannródaíoch a bhí déanta aige, as a thaighde ar struchtúr an adaimh is speictream hidrigine agus a réiteach siúd leis an teoiric chandamach a rinne sé sa bhliain 1913[1].

Rinne Bohr rannaíocht búnasacha i dtaobh thuiscint dhéantús an adaimh agus na meicnice candamaí. Deirtear gurb é Bohr ceann de na fisceoir is fearr den fichiú aois[2].

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir dlíthe na meicnice clasaicí, bheadh a leithéid d'adamh neamhchobhsaí mar go gcaillfeadh sé fuinneamh trí astú radaíochta leictreamaighnéadaí.

Chomh maith leis sin, ní léireodh an t-adamh sin na speictrim adamhacha inbhraiteacha. Réitíodh na fadhbanna seo le samhail fheabhsaithe an adaimh a shaothraigh Niels Bohr sa bhliain 1913, ina raibh gach leictreon i bhfithis ar leith (sceall ar leith) timpeall an núicléis, le fuinneamh ar leith a bhraithfeadh ar gha na fithise.

Ós rud é nár ceadaíodh ach fithisí (scealla) ar leith, níorbh fhéidir ach fuinnimh ar leith a bheith ag na leictreoin, ionas go mbeadh patrún de leibhéil scoite cheadaithe fuinnimh i gceist.

Ní astódh leictreoin i bhfithis cheadaithe fuinneamh leictreamaighnéadach, ach chomhfhreagródh léim leictreoin ó fhithis amháin go fithis eile d'astú nó ionsú cainníochtaí dea-shainithe solais, rud a réitigh leis na speictrim bhraite adamhacha. Samhail áisiúil amhairc ab ea samhail Bohr, agus de réir a chéile feabhsaíodh í le léargais ón meicnic chandamach.

Niels Bohr le hAlbert Einstein

Tá airíonna tonnacha ag leictreoin, agus is féidir fithisí nó scealla Bohr a thuiscint mar oiriúnú slánuimhir tonnta leictreon timpeall ar an núicléas. Is fearr cruinne gach leictreon a shamhlú mar dháileadh luchta leictrigh le huimhir chandamach ar leith ná mar phonc luchta i bhfithis chiorclach. Comhfhreagraíonn gach uimhir chandamach is feidir do leibhéal ar leith fuinnimh, ach ní féidir iad uile a shealbhú ag an am céanna.

Niels Bohr ina óige

Thug samhail Bohr míniú ginearálta ar speictrim adamhacha, ach ligeann teoiric na gcandam dúinn ríomhanna mionchruinne a dhéanamh ar na speictrim. Cinneann na huimhreacha candamacha is gá chun na leictreoin in adaimh neamhfhlosctha dúl a shainiú ionaid chruinne na ndúl sin ar an gclár peiriadach

Niels Bohr, Weizmann Institue, ,1958

Samhail Bohr[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tá fithiseach móiminteam uilleachna na leictreon candamaithe; L=nħ
  • Teoiric go dtaistlíonn leictreoin i bhfithis scoite timpeall núicléas an adaimh, le gnéithe ceimiceacha den dúil socraithe ag an méid leictreoin atá ag timpeallú an adaimh
  • An tuairim go bhféadfadh leictreon titim ó fhithis le léibhéal airde dfhuinneamh go dtí léibhéal níos isle, ag astaigh fótóin (candam eadrom) le fuinneamh scoite (bhí seo buntús na teoirice candamaí)
  • An Prionsabal Comhlántíochta : go bhféadfadh staidear a dhéanamh ar ábhar ina gceann agus ina gceann ach a aimsiú go bhfuil cúpla gnéithe frithráiteacha.
Niels Bohr Institute

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Léirmhíniú Cóbanhávan
  • Karl Siegbahn : D'éirigh leis fianaise ar sceallsamhail Neils Bohr don adamh a aimsiú, agus d'fhorbair sé an speictreascópacht X-ghathach.
  • Maighnéatrón Bohr : Móimint mháighnéadach an leictreoin a fhaightear ó mheicnic chandamach choibhneasaíoch, ag glacadh an leictreoin mar phonccháithnín. Ainrnnithe as Niels Bohr.
lena bhean Margrethe Nørlund sa bhliain 1910

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne sé taighde ar an mbuama adamhach sna Stáit Aontaithe le linn an dara cogadh domhanda.

Chuidigh sé le bunú Institiúid na Fisice Teoiriciúla i gCÓbanhávan

Báireoir cumasach sacair ab ea Niels Bohr.

Líon tí stuama staidéartha ab ea muintir Bohr. Sa bhliain 1975, lean Aage Bohr lorg a athar nuair a rug sé Craobh Nobel leis i ngort na fisice eithní.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais". 
  2. Muiris Ó Meara. "A bhFuil Romhainn Amach". Dáta rochtana: 2018.