Glúón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí CáithnínGlúón
Rangúbósón tomhais, massless quantum particle (en) Aistrigh, bósón, iompróir fórsa agus cáithníní bunúsacha Cuir in eagar ar Wikidata
Comhdhéanamhluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
idirghníomhaíochtaíidirghníomhú láidir agus imtharraingt Cuir in eagar ar Wikidata
Frithcháithnínglúón Cuir in eagar ar Wikidata
Meatha goluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Lucht leictreach0 Cuir in eagar ar Wikidata
Guairne1 Cuir in eagar ar Wikidata
Paireacht−1 Cuir in eagar ar Wikidata
Forshiméadrachtgluino (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir Monte Carlo21 Cuir in eagar ar Wikidata

De réir chrómaidinimic an chandaim, is é an glúón bunaonad nó candam fuinnimh an idirgnhíomhaithe láidir idir cuairc. Greamaíonn siad cuairc dá chéile (ar nós “gliú”) i dtreo go gcruthaítear prótóin agus neodróin.

Iompraíonn siad lucht datha (lucht leictreach) an idirghníomhaithe láidir, murab ionann is na fótóin, a dhéanann idirghníomhú leicreamhaighnéadach a roinnt ach nach bhfuil lucht leictreach acu féin. Fágann seo nach amháin go roinneann na glúóin an t-idirghníomhú láidir ach gur cuid de iad. Dá bhrí sin, is deacra go mór chrómaidinimic chandamach a anailísiú ná leictridhinimic chandamach.

Níl mais ar bith ag an nglúón, agus tá 1 aonad de ghuairne aige, rud a chiallaíonn gur bósón é. Tá an glúón ar aon dul leis an bhfótón sa mhéid seo.

Tá ocht gcinn de ghlúóin ann le dathanna éagsúla. Iompraíonn cuairc trí chineál luchtanna datha; iompraíonn frithchuairc trí chineál frithdhathanna. Is féidir a shamhlú go n-iompraíonn glúóin idir dathanna agus fhrithdhathanna, agus dá bhrí sin is féidir naoi dteaglaim dathanna agus frithdhathanna a áireamh i nglúóin.

  • dearg-frithdhearg (), dearg-frithghlas (), dearg-frithghorm ()
  • glas-frithdhearg (), glas-frithghlas (), glas-frithghorm ()
  • gorm-frithdhearg, (), gorm-frithghlas (), gorm-frithghorm ()
Léaráid: e+e → Υ(9.46) → 3g

Ní “fíordhathanna” glúón atá i gceist anseo ach dathanna “éifeachtacha”. Chun a thuiscint conas a chuirtear le chéile iad, ní foláir aird a thabhairt ar an matamaitic.

Lucht datha agus forshuíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

I meicnic chandamach is féidir staideanna cáithníní a chur le chéile de réir phrionsabal an fhorshuímh: sin é le rá, is féidir leo a bheith i “staid chomhcheangailte” agus, dá dtomhaisfí roinnt áirithe, d’fhéadfadh a lán torthaí a bheith air sin. Mar shampla, tógaimis glúón a dtugtar cuntas ar a dhath mar seo:

Tá seo le léamh mar "dhearg-frithghorm móide gorm-frithdhearg". (Teastaíonn fachtóir fhréamh chearnach an dó i gcomhair normalú, rud nach gá a thuiscint anseo.) Dá bhféadfaí dath glúóin a thomhas go díreach sa staid seo, ní dóichí go mbeadh lucht dearg-frithghorm aige ná go mbeadh lucht gorm-frithdhearg aige.

Staideanna singléadacha datha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iondúil go ndeirtear gur cáithníní gan dath iad na cáithníní cobhsaí a dhéanann idirghníomhú láidir, leithéidí an phrótóin agus an neodróin (i.e. hadróin), ach b’fhearr a rá go bhfuil siad i “staid shingléadach datha” atá cosúil le staid shingléadach “ghuairneach”.[1] Is féidir le staideanna dá leithéid dul i bhfeidhm ar shingléid datha eile, ach ní thig leo gabháil le staideanna datha eile; ní idirghníomhaíonn glúóin le chéile thar achar fada, rud a thaispeánann nach bhfuil glúóin le fáil sa staid shingléadach.[1]

Seo í an staid shingléadach datha:[1]

I bhfocail, bheadh dearg-frithdhearg, gorm-frithghorm agus glas-frithghlas chomh dealraitheach lena chéile mar dhath na staide.

Ocht ndath glúóin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ocht staid neamhspleácha datha ann a fhreagraíonn d’ocht ndath na ngluón. Is féidir na staideanna seo a mheascadh le chéile agus is féidir iad a léiriu ar a lán bealach dá bharr. Seo liosta coitianta:[1]

      

Is ionann iad seo agus maitrísí Gell-Mann. Is í príomh-airí na staideanna seo iad a bheith neamhspleách go líneach agus neamhspleách freisin ar an staid shingléadach: mar sin 32 − 1 or 23. Ní féidir aon teaglaim de na staideanna seo a chur leo chun staid eile a chruthú.[2]. Tá a lán roghanna eile ann, ach is mar a chéile iad ó thaobh na matamaitice de. Tá siad chomh casta lena chéile agus tá na torthaí fisiciúla céanna orthu.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 David Griffiths (1987). "Introduction to Elementary Particles": 280–281. John Wiley & Sons. 
  2. J. Baez. "Why are there eight gluons and not nine?".