Idirghníomhú láidir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Adamh héiliam QM

Is é an rud is an t-idirghníomhú láidirfórsa núicléach láidir ann ná idirghníomhú, nó fórsa, idir dhá chuarc, idir chuarc agus ghlúon, nó idir cáithníní comhdhéanta de chuarcanna nó glúóin.

Sainmhíniú a thug Matt Hussey, ná "Fórsa bunúsach sa nádúr a choimeádann na prótóin is na neodróin le chéile taobh istigh de núicléas an adaimh, agus a choimeádann na cuairc taobh istigh de phrótóin is neodróin"[1].

Neamhspleách ar, is níos láidre ná, an fórsa leictreamaighnéadach, agus rialaíonn sé eamhnú núicléach is alfa-mheath. Glactar go forleathan le crómaidinimic chandamach mar theoiric shásúil ar an bhfórsa núicléach láidir.

Ceanglaíonn an t-idirghníomhú láidir cuarcanna le chéile laistigh de bharón ar nós an phrótóin nó an neoidreoin. Cruthaíonn sé leis an fórsa a ceanglaíonn núicleoin le chéile i núicléas. Tugtar "láidir" ar an idirghníomhú seo toisc go bhfuil sé i bhfad níos láidre ná aon fhórsa eile. Cé gurb é "an t-idirghníomhú láidir" an gnáth-théarma a thugtar ar an bhfórsa seo, tugtar "an fórsa láidir", "an fórsa láidir núicléach", agus "an fórsa datha" air freisin.

Lucht datha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í "crómaidinimic an chandaim" an teoiric a mhíníonn iompar an idirghníomhaithe láidre. Dar leis an teoiric seo, tá cineál luchta ag cuarcanna agus glúóin, nach ionann é agus lucht leictreach, ar a dtugtar "dath".

Tá trí dhath ann: dearg, gorm, and uaine. Ní fíordhathanna infheiscithe atá i gceist, dar ndóigh, ach cuireann na hainmneacha seo síos go gonta ar an bhfíric gur féidir trí luach difriúla a bheith ag an lucht seo. Glacann dath cáithnín an pháirt sa bhfórsa láidir a ghlacann an lucht leictreach sa leictreamaighnéadas. Chun barón a dhéanamh as trí chuarc ní foláir trí chuarc le trí dhath dhifriúla a bheith ann, agus deirtear go bhfuil an barón ina iomlán "gan dath", sa tslí chéanna gur gcruthaítear solas bán ó soilse dearga, uaine, agus gorma a mheascadh le chéile.

Faoi mar a iompraíonn fótóin an fórsa leictreamaighnéadach idir dhá cháithnín atá luchtaithe le lucht leictreach, iompraíonn glúoin an fórsa láidir idir dhá cháithnín le dath. Ach i gcodarsnacht le fótóin, a bhaineann le luchtanna leictreacha gan lucht a bheith acu féin, tá na glúóin féin daite mar aon leis na cuarcanna. Dá bhrí sin, is féidir le glúón amháin greamú do ghlúóin eile, agus is deacra áirimh na teoirice a chur i gcrích ná i gcás an leictreamaighnéadais.

Ceann de na tréithe is sainiúla a bhaineann leis an bhfórsa láidir ná nach féidir teacht ar cháithnín daite ina aonar, ach amháin nuair atá sé mar chuid de cháithnín comhdhéanta nach bhfuil a dhath féin aige. Tugtar braighdeanas na gcuarc air seo. Mar sin, níl ann d'aon chuarc aonarach. Ceaptar go bhfuil an fórsa láidir chomh láidir nach féidir cuarc aonarach a bhaint as cáithnín eile fiú.

De réir na teoirice, is gá go bhfuil aon cháithnín aonarach bán, nó "gan dath". I gcás baróin, ciallaíonn sé sin go bhfuil aon chuarc dearg, aon chuarc uaine, agus aon chuarc gorm laistigh de. Is cás méasóin, atá déanta as cuarc agus fríthchuarc, ní foláir dath amháin a bheith ag an gcuarc agus a fhríthdath an an bhfríthchuarc.

Toisc nach féidir luchtanna datha aonaracha a bheith ann, bíonn raon gearr ag an bhfórsa láidir, mar má bhíonn tú i bhfad ó cháithnín atá déanta as cuarcanna, cealaíonn na cuarcanna le dathanna éagsúla fórsaí a chéile. Ní bhíonn an cealúchán foirfe, áfach, gar don cháithnín.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Matt Hussey, Fréamh an Eolais, Coiscéim (2011)