Cuarc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí CáithnínCuarc
Rangúelementary fermion (en) Aistrigh agus cáithnín luchtaithe Cuir in eagar ar Wikidata
idirghníomhaíochtaíidirghníomhú láidir, idirghníomhú lag, idirghníomhú leictreamaighnéadach agus imtharraingt Cuir in eagar ar Wikidata
Frithcháithnínantiquark (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Guairne0.5 Cuir in eagar ar Wikidata
Forshiméadrachtsquark (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
An bhundéanamh:

██ Cuairc

██ Leaptóin

██ Bósóin

Is cineál buncháithnín agus bunchomhábhar damhna é cuarc. Tagann cuairc le chéile chun cáithníní ilchodacha ar a dtugtar hadróin a fhoirmiú, arb iad na prótóin agus na neodróin is cobhsaí díobh, comhpháirteanna na núicléis adamhacha.[1] An focal cuarc féin, tháinig sé as an úrscéal úd Finnegans Wake le James Joyce.

Is iad na cuairc atá de dhíth leis an neodrón is an prótón a dhéanamh ná an t-uaschuarc is an t-íoschuarc. Thairis sin, tá an barrchuarc (nach ionann é agus an t-uaschuarc), an bunchuarc (nach ionann é agus an t-íoschuarc), an briochtchuarc is an cuarc aduain ann. Deirtear go bhfuil blas ar leith ag gach cineál cuarc. Níl ann ach iarracht le tréithre na gcuairc a dhéanamh intuigthe, nó déanta na fírinne, is beag lorg díreach a fhágann na cuairc is a saintréithe ar an saol laethúil. Tá na hadaimh agus a gcuid comhábhar, mar atá, na prótóin, na neodróin agus na leictreoin, i bhfad níos cóngaraí dár réaltacht féin.

Tá trí leagan ann do gach cuarc, nach bhfuil de dhifear eadarthu ach luach an "lucht datha" atá ag gach ceann. Mar shampla, tá trí shórt uaschuairc ann: uaschuarc déarg, uaschuarc uaine, agus uaschuarc gorm. Ní fíordhathanna infeiscithe atá i gceist, mar nach bhfuil sna ainmneacha sin ach lipéid chun an trí shórt a idirdhealú. Tá na dathanna cosúil le lucht leictreach. go bhfuil dá shórt ann (lucht leictreach deimhneach agus lucht leictreach diúltach), ach i gcás idirghníomhaithe láidre tá trí luach ann den lucht a dhéanann an fórsa láidir: lucht dearg, lucht uaine, and lucht gorm. Chun barón a dhéanamh as trí chuarc ní foláir trí chuarc le trí dhath dhifriúla a bheith ann, agus deirtear go bhfuil an barón ina iomlán "gan dath", sa tslí chéanna gur gcruthaítear solas bán ó soilse dearga, uaine, agus gorma a mheascadh le chéile.

Is í an airí is tábhachtaí atá ag na cuairc ná an braighdeanas ina bhfanann siad taobh istigh de na hadróin, agus an t-idirghníomhú láidir á gcoinneáil le chéile. Mar sin, ní féidir sonrú a chur iontu ach go hindíreach. Sin fíric atá bunaithe ar na breathnuithe praicticiúla, níos mó ná ar aon teoiric. Déanta na fírinne, níl braighdeanas na gcuairc mínithe go sásúil go fóill. Creidtear gur toradh é do chrómaidinimic an chandaim, an teoiric is nua-aimseartha atá ann leis an idirghníomhú láidir a mhíniú. Ní féidir, áfach, an braighdeanas a chur in iúl go matamaiticiúil mar thátal a bhainfeá as an gcrómaidinimic. Caithfear dul i dtuilleamaí na teoirice ar a dtugtar teoiric tomhais na laitísí leis an mbraighdeanas a mhíniú ar bhealach na matamaitice.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]