Encyclopædia Britannica

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharEncyclopædia Britannica
Encyclopaedia Britannica 15 with 2002.jpg
Sampla desaothar scríofa
Sonraí teicniúla
ÚdarAndrew Bell (en) Aistrigh
TeangaBéarla na Breataine
MaisitheoirAndrew Bell (en) Aistrigh
FoilsitheAn Ríocht Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, 1768
FoilsitheoirEncyclopædia Britannica Inc. (en) Aistrigh
Sonraí an tsaothair
Seánraciclipéid
Caibidlí22
Tuilleadh eolais
OCLC71783328 agus 156863675
Suíomh gréasáin oifigiúilhttps://www.britannica.com agus https://www.eb.com/
An 15ú heagrán den Encyclopædia Britannica

Ciclipéid ghinearálta i mBéarla is ea an Encyclopædia Britannica (Laidin: Ciclipéid Bhriotanach), arna foilsiú ag Encyclopædia Britannica, Inc. Oibríonn timpeall ar 100 eagarthóir uirthi go lánaimseartha agus cuireann breis is 4,000 duine léi. Orthu seo tá 110 duaiseoirí Nobel agus cúig huachtarán na Stát Aontaithe. Ba é an leagan den 15ú eagrán a cuireadh amach sa bhliain 2010 an leagan deireanach i bpár: chuimsigh sé 32 imleabhar agus 32,640 leathanach de théacs. Foilsítear ian chiclipéid i gcónaí i bhfoirm dhigiteach.

Is í Encyclopædia Britannica an chiclipéid ghinearálta is sine i mBéarla agus an ceann is mó aitheantais air. Cé gur cuideachta Meiriceánach atá ann anois, b'as Soilsiú na hAlban a chéad tháinig an EB ar an saol i nDún Éideann sa 18ú haois, sna blianta 1768–1771.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]