Leabhar
Is éard atá i gceist le leabhar ná cnuasach de leathanaigh, ar a bhfuil focail nó íomhánna clóite, déanta de pháipéar nó ábhair eile atá fáiscthe le chéile ar thaobh amháin. Is féidir ríomhleabhair a fháil sa lá atá inniu ann. Ní leabhar clóite atá ann, ach comhad ar ríomhaire ar féidir é a léamh ar nós leabhair. Cuirtear bailiúchán mór leabhar i dtaisce i leabharlann. Leabhragán a ghlaoitear ar an dtroscán ar a gcuirtear leabhair ina seasamh.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Is é ‘The Lord of the Rings’ an leabhar is mó díol ar domhan (ón mbliain 2011). Tá 150 milliún cóip díolta.[1]
- Is é ‘The Etruscan Gold Book’ an leabhar is sine ar domhan (660RC).
- Sa bhliain 2011, thosaigh níos mó daoine ag ceannach E-Leabhar ná gnáthleabhar.
Lá na Leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ceiliúrtar “Lá na Leabhar” in Éirinn ar an gcéad Déardaoin de mhí an Mhárta. Bíonn a lán imeachtaí éagsúla ar siúl sna scoileanna and sna leabharlanna in Éirinn. Ma shampla gléasann páistí suas mar charachtair éagsúla ó leabhair spéisiúla.
Bhí Lá na Leabhar ar siúl den chéad uair in Éirinn sa bhliain 1995.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Eleathanach 316, 11 Márta 2019
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |