Harry Potter
Is é Harry Potter sraith leabhar do pháistí leis an údar Sasanach J. K. Rowling, agus t-ainm an phríomhcharachtair. Draíodóir óg is ea Harry, agus an tsraith leabhar ag tabhairt cur síos ar na heachtraí a bhaineann leis agus lena chairde i Scoil Hogwarts.
Is sraith an-cáiliúil é. Díoladh os cionn 500,000,000 cóipeanna ó foilsíodh an chéad leabhar i 1997. Scríobhadh an tsraith as Béarla, ach tá na leabhair aistrithe go ochtó dteanga ar a laghad anois, Gaeilge san áireamh.
Ag tosú i 2001, rinne an comhlacht úd Warner Brothers sraith scannáin bunaithe ar na leabhair, le dha cheann faoin leabhar deireanach (Harry Potter agus Taisí an Bháis, Cuid a Haon agus a Dó). Rinne Daniel Radcliffe páirt an phríomhcharachtair, le Emma Watson agus Rupert Grint ag déanamh páirt a chairde Hermione Granger agus Ron Weasley.
Liosta Leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá seacht leabhar sa tsraith:
- Harry Potter agus an Órchloch
- Harry Potter agus an Seomra Diamhair
- Harry Potter agus Príosúnach Azkaban
- Harry Potter agus Cuach na Lasracha
- Harry Potter agus Ord an Fhéinics
- Harry Potter agus an Prionsa Leathfhola
- Harry Potter agus Taisí an Bháis
Tháinig an seachtú leabhar, Harry Potter agus Taisí an Bháis, i gcló ar an 21 Iúil 2007. D'fhoilsigh Bloomsbury, an chuideachta foilsitheoireachta a chuir na leabhair Bhéarla i gcló, leagan Gaeilge den chéad leabhar sa tsraith, Harry Potter agus an Órchloch, sa bhliain 2004. Ba í Máire Nic Mhaoláin a chuir Gaeilge ar an mbuntéacs.
Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is é is ábhar do na leabhair ná eachtraí an bhuachalla óig Harry Potter a fhaigheann amach go tobann nach gnáthstócach é, ós rud é gur draíodóirí ab ea a mhuintir roimhe, agus gur dual dó féin bheith ina dhraíodóir, chomh maith. Draíodóir as an ngnáth é, fiú, nó táthar cinnte go bhfuil sé ar an t-aon duine amháin atá in inmhe an cladhaire sa scéal, Voldemort, a mharú. Is iad Ron Weasley agus Hermione Granger an bheirt chara is fearr atá aige. I rith na scéalta, feictear ag siúl amach le cúpla cailín é chomh maith, mar atá, Cho Chang agus Ginny Weasley. Is asarlaí sármhaith é Harry cé a d'éalaigh a bhás óna Tiarna Voldemort agus tá colm mar splanc tintreach ar a éadán ag meabhrú an oíche a rinne sé an éacht sin ach ar mí-ámharaí an tsaoil cailleadh a chuid tuismitheoirí nuair a mharaigh Voldemort iad go neamhthrócaireach. Le linn a shaol bhí bearna ollmhór doscriosta sa chroí ach bíonn comhghuaillithe an dhílis aige,Ron Weasley agus Hermione Granger. Tugtar iad tacaíocht agus tuiscint dó nuair a bhíonn siad ag teastáil uaidh agus tarlaíonn an iomarca eachtraí eatharthu. Rinne Harry cairdeas leis an phríomhoide urramach an tOllamh Albus Dumbledore an fear críonna agus gaoiseach agus chuir Dumbledore e faoi a choimirce. Ach fuair na daoine bas a bhi caidreamh dluth le Harry agus bhi cath an ollmhor aige leis a dheargnamhaid Voldemort. Mhill se na horcrux cuspai draiochta olc a cheil voldemort cuid da anam agus tar eis cath fiochmhar mharaigh harrz voldemort le geis marfach agus bhi se sona sasta leis a mhuintir agus a bean cheile Ginny sa todhchai.
Hogwarts[cuir in eagar | athraigh foinse]
I dtús na sraithe, agus é tar éis a fháil amach go bhfuil sé ina ábhar draíodóra, tugann Harry aghaidh ar scoil na ndraíodóirí, Hogwarts. Albus Dumbledore atá ar phríomhoide na scoile.