J. K. Rowling

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJ. K. Rowling

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Joanne Kathleen Rowling
Beathaisnéis
Breith(en) Joanne Rowling
31 Iúil 1965
58 bliana d'aois
Yate, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Exeter - an Fhraincis (1983–)
Wyedean School (en) Aistrigh (–1983) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheKilliechassie House (en) Aistrigh
Kensington
Teanga dhúchaisBéarla na Breataine
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht, litríocht fantaisíochta agus litríocht do pháistí
Gairmléiritheoir scannáin, scríbhneoir scripte, údar, scríbhneoir litríocht pháistí, scríbhneoir, úrscéalaí, léiritheoir feidhmiúcháin Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1997 –
Ball de
SeánraGreanntraigéide, coirscéal agus fantaisíocht
Faoi thionchar
Ainm cleiteRobert Galbraith
J. K. Rowling Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus Béarla na Breataine
GníomhaireThe Blair Partnership (en) Aistrigh
Ghlac sé/sí páirt i
2008commencement at the Harvard University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileJorge Arantes (en) Aistrigh (1992–1995), colscaradh
Neil Murray (2001–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJessica Isabel Rowling Arantes
 ( Jorge Arantes (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairPeter James Rowling  agus Anne Rowling
Gradam a fuarthas
Ainmnithe do
Síniú

Veu de J. K. Rowling (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáinjkrowling.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0746830 Allocine: 68219 Rottentomatoes: celebrity/jk_rowling_2 Allmovie: p302985 TCM: 546661 Metacritic: person/jk-rowling TV.com: people/j-k-rowling IBDB: 514846 AFI: 318266
Facebook: JKRowling Twitter: jk_rowling TED: jk_rowling Musicbrainz: 569c0d90-28dd-413b-83e4-aaa7c27e667b Discogs: 431656 Cuir in eagar ar Wikidata

Is údar Briotanach ficsin í Joanne Rowling (31 Iúil 1965 a rugadh í), a thugtar J.K. Rowling uirthi don chuid is mó. Tá clú agus cáil ar Rowling mar gheall ar an tsraith Harry Potter atá scríofa aici. Scríobhann sí coirfhicsean faoin ainm cleite Robert Galbraith[1]. Tá neart duaiseanna bainte ag na leabhair ar fud an domhain.

I 2003, mheas The Times go raibh Rowling an bhean is saibhre sa Ríocht Aontaithe, i bhfad níos saibhre arís ná Banríon Eilís II[2]. I 2019, mheas The Times gur fiú £750 milliún (€854 milliún) a maoin[3]. Sa lá inniu ann, tuilleann Rowling cuid is mó dá hairgead óna gnóthaí a bhaineann le Harry Potter, ar nós sraith scannán Fantastic Beasts agus Páirceanna Théama Harry Potter i Londain, Orlando agus Hollywood[4].

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail tuismitheoirí Rowling lena chéile ar traein ó King's Cross go hAlbain[5]. Diagnóisíodh a máthair le scléaróis iolrach agus í 15 bliana d'aois, agus fuair sí bás sna 1990í luatha. Tá deirfiúr amháin aici, darb ainm Dianne, dhá bhliain níos óige ná í, atá ina dlíodóir anois.

D'aistrigh teaghlach Joanne dhá uair agus í ag fás aníos, ar dtús go Winterboure i mBriostó agus ansin go Tutshill in aice le Chepstow. D'fhreastail sí ar mheánscoil Wyedean Comprehensive, áit a d'insíodh sí scéalta dá chomhscoláirí. Rinne sí staidéar ar an Fhraincis ar Ollscoil Exeter, agus bliain á caitheamh aici i bPáras mar chuid dá cúrsa ollscoile.

I ndiaidh di an ollscoil a chríochú, d'aistrigh sí go Londain agus chuir sí chun oibre le hAmnesty International mar thaighdeoir agus rúnaí dátheangach.

Scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idir turas traenach ceithre huaire an chloig idir King's Cross agus Albain, a cheap Rowling faoi ghasúr a mbíonn ag freastal ar scoil draíodóireachta.[6] Dar léi, faoin am a bhain sí a ceann scríbe amach, bhí na carachtair agus cuid mhaith den scéal do Harry Potter and the Philosopher's Stone ar intinn aici.

Ina dhiaidh sin, d'aistrigh Rowling go hOporto sa Phortaingéil, chun Béarla a theagasc mar dhara teanga. Nuair a bhí sí ansin, phós sí iriseoir teilifíse Portaingéalach, Jorge Arantes, ar 16 Deireadh Fómhair 1992. Bhí páiste amháin acu, iníon a tugadh Jessica Rowling Arantes uirthi (27 Iúil 1993 a rugadh í). Fuair sí colscaradh sa bhliain 1995.

I ndiaidh an cholscartha, d'aistrigh sí go Dún Éideann lena hiníon, chun bheith in aice lena deirfiúr. Chuir sí críoch leis an úrscéal, agus í dífhostaithe agus ag maireachtáil ar leas sóisialta. Rinne sí cuid den obair i gcaife i nDún Éideann[5].

Clann agus Céile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Rowling agus Dr. Neil Murray (ainéistéisí) ar 26 Nollaig 2001[7]. Ar 23 Márta 2003, saolaíodh páiste do Rowling, David Gordon Rowling Murray[8]. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, ar 23 Eanáir, 2005, rugadh páiste eile, Mackenzie Jean Rowling Murray[9].

I 2011, cheannaigh Rowling "Church Cottage" i Tutshill, an teach ina raibh sí ina cónaí ón aois 9 go 18[10].

Daonchairdeas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugann Rowling airgead agus tacaíocht do roinnt carthanais. Bhronn í beagnach $19 milliún chuig taighde scléaróis iolrach[11], galar a fuair a mháthair bás de i 1990; rud a chuir i bhfeidhm go mór ar a scríbhneoireacht[12].

Agus i ag scríobh Harry Potter, foilsíodh Rowling dhá leabhar bhreise a bhaineann leis an tsraith. Foilsíodh Fantastic Beasts and Where to Find Them agus Quidditch Through the Ages i mí an Mhárta, 2001 agus go dtí seo, thuill na leabhair níos mó ná £17 milliún do Comic Relief[13]. I 2000, bhun Rowling Volant Charitable Trust, carthanas a oibríonn i gcoinne bochtaineacht agus neamhionannas sóisialta[14]. I 2005, bhun í Lumos, carthanas ag tabhairt tacaíocht do phaistí i ndílleachtlanna[15]. Is pátrún í don Gingerbread, carthanas do theaghlaigh aontuiste[16].

Harry Potter[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhol foilsitheoir Rowling, Bloomsbury di chun inisealacha a úsáid ar chlúdaigh na leabhar Harry Potter mar smaoinigh siad go mbeadh drogall ar ghasúir na leabhair a cheannach dá mbeadh a fhios acu gur bhean a scríobh iad. Shocraigh Rowling chun ainm láir a sheanmháthar, Kathleen, a roghnú. D'éirigh go geal le Harry Potter and the Philosopher's Stone nuair a foilsíodh é i 1997. Aistríodh é ina céadta teanga, Gaeilge ina measc siúd. Ar 4 Deireadh Fómhair 2004, foilsíodh Harry Potter agus an Órchloch (Máire Nic Mhaoláin a d'aistrigh).

Scríobh Rowling seacht leabhar Harry Potter sa tsraith, ceann acu le haghaidh gach bliana a chaitheann Harry ar scoil. Foilsíodh an dara leabhar, Harry Potter and the Chamber of Secrets i 1998 agus foilsíodh Harry Potter and the Prisoner of Azhaban i 1999. Rinne díolachán na leabhar milliúnaí de Rowling, agus i 2001, cheannaigh sí mainteach macnasach, Killiechassie House, ar bhruach an Abhainn Tay i bPerthshire, Albain.

I 2011, scríobh Rowling dhá leabhar breise a bhaineann leis an tsraith: Fantastic Beasts and Where to Find Them agus Quidditch Through the Ages. Bhronn í an t-airgead do Comic Relief.

Cuireadh moill ar an cúigiú leabhar, Harry Potter and the Order of the Phoenix, mar gheall ar chúis bradaíle ón údar Nancy Stouffer[17]. Ghlac Rowling sos ón scríbhneoireacht ag an am sin, mar mhothaigh sí go raibh barraíocht le déanamh aici agus í ag scríobh an cheathrú leabhair. I ndiaidh di insint dá bhfoilsitheoir an spriocdháta a chur siar, chaith sí trí bliana ag obair ar rud éigin, dar léi, agus go bhfuil seans ann go bhfillfidh sí air nuair atá sí réidh leis an tsraith Harry Potter. Cuireadh an cúigiú leabhar amach ar an 21 Meitheamh 2003.

Foilsíodh an séú leabhar sa tsraith, Harry Potter and the Half-Blood Prince, ar an 16 Iúil, 2005. Sháraigh é curiarrachtaí nuair a díoladh 9 milliún cóip sa lá a foilsíodh é[18]. Bhuaigh é Leabhar Briotanach na Bliana i 2006. Foilsíodh an seachtú leabhar sa tsraith, Harry Potter and the Deathly Hallows, ag meán oíche ar an 21 Iúil, 2007. An deireadh leabhar sa tsraith, sháraigh é curiarracht: ba é an leabhar is tapúla díol riamh. Díoladh 11 milliún cóip sa lá a foilsíodh é sa Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe.

Scannáin Harry Potter[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh leagan scannáin de Harry Potter and the Philosopher's Stone amach i 2001 agus Harry Potter and the Chamber of Secrets sa bhliain 2002. I 2004, bhí atmaisféar níos dorcha sa tríú scannán, Harry Potter and the Prisoner of Azkaban, mar gheall ar an stiúrthóir nua, Alfonso Cuarón. Thaitin saothar Chuarón le Rowling agus deir sí gurb é an tríú scannán an ceann ab ansa léi[19].

Chuaigh Rowling in éadan dhéantóirí na scannán nuair a dúirt siad gur chóir go dtaifeadfaí é sna Stáit Aontaithe agus aisteoirí Meiriceánacha bheith páirteach sna scannáin (ní raibh ach aon Mheiriceánach amháin sa chéad scannán). D'aontaigh sí go drogallach chun Philosopher's Stone (Órchloch) a athrú chuig Sorcerer's Stone, ach dúirt sí gur na Stáit Aontaithe amháin a ligfeadh sí é. Is mar gheall air go ndúirt Rowling go gcaithfidh na príomhaisteoirí bheith ina mBriotanaigh, nach ndearna Steven Spielberg na scannáin.

Bhí Rowling páirteach i scríbhneoireacht na scripteanna scannáin ar fad, chun bheith cinnte nár chuir iad in aghaidh ar leabhair níos déanaí. Chuireadh na scannáin eile amach ó 2005 go 2011. Rinneadh dhá scannán ar an leabhar deireanach, Harry Potter and the Deathly Hallows. Léiritheoir ba ea Rowling ar an scannán deireanach, Deathly Hallows.

Úrscéalta do Dhaoine Fásta[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2012, foilsíodh Rowling The Casual Vacancy, úrscéal dírithe ar dhaoine fásta[20]. Ba é seo an chéad úrscéal a scríobh sí taobh amuigh an domhan Harry Potter. Tá an scéal suite i Pagford, baile ficseanúil sna Cotswolds. Baile aoibhinn atá ann, ach bíonn coimhlint ann nach léir don tsúil. Díol 125,000 leabhar sa tseachtain a foilsíodh é[21] agus rinneadh an BBC sraith theilifíse bunaithe ar an leabhar i 2015[22].

Scríobh Rowling úrscéal coirfhicsin, The Cuckoo's Calling, a foilsíodh i 2013, faoin ainm cleite Robert Galbraith[23]. I mí Iúil 2013, fuair an pobal amach gurb í Rowling an t-údar[24]. Lean sí ar aghaidh ag scríobh faoin ainm seo, agus foilsíodh tríú leabhar eile sa tsraith: The Cuckoo's Calling (2013), The Silkworm (2014), Career of Evil (2015) agus Lethal White (2018). Tugtar Cormoran Strike ar an tsraith chóir. I 2017, rinneadh an BBC sraith theilifíse ar a dtugtar Strike agus ghlac Tom Burke an príomhpháirt[25]. Dáileadh HBO an clár sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada faoin teideal CB Strike[26].

Leabhar Harry Potter Níos Déanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2016, tar éis sos ocht mbliana ó Harry Potter, scríobh Rowling Harry Potter and the Cursed Child, scéal faoi Albus Potter, mhac Harry[27]. Scríobh sí an scéal i gcomhair le drámadóirí Jack Thorne agus John Tiffany; scríobh Jack Thorne dráma in dhá pháirt bunaithe ar an scéal. Cuireadh é ar an ardán den chéad uair ar an 30 Iúil 2016, i Londain[28].

An bhliain chéanna, foilsíodh Rowling ceithre leabhar a bhaineann le Harry Potter, script scannáin Fantastic Beasts and Where to Find Them san áireamh, an chéad scannáin sa tsraith Fantastic Beasts. Foilsíodh na leabhair ar líne tríd an suíomh Pottermore ar an 6 Meán Fómhair, 2016[29]. Thosaigh na scannán Fantastic Beasts i 2016 agus beidh cúig scannán ar fad sa tsraith[30].


Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daoine Óga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sraith Harry Potter[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Harry Potter agus an Órchloch (26 Meitheamh, 1997)
  2. Harry Potter agus an Seomra Diamhair (2 Iúil, 1998)
  3. Harry Potter agus Príosúnach Azkaban (8 Deireadh Fómhair, 1999)
  4. Harry Potter agus Cuach na Lasracha (8 Iúil, 2000)
  5. Harry Potter agus Ord an Fhéinics (21 Meitheamh, 2003)
  6. Harry Potter agus an Prionsa Leathfhola (16 Iúil, 2005)
  7. Harry Potter agus Taisí an Bháis (21 Iúil, 2007)

Saothar a bhaineann le Harry Potter[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Fantastic Beasts and Where to Find Them (forlíonadh ar an tsraith Harry Potter) (1 Márta 2001)
  • Quidditch Through the Ages (forlíonadh ar an tsraith Harry Potter) (1 Márta 2001)
  • The Tales of Beedle the Bard (forlíonadh ar an tsraith Harry Potter) (4 Mí na Nollaig 2008)
  • Harry Potter and the Cursed Child (dráma) (31 Iúil 2016)
  • Short Stories from Hogwarts of Power, Politics and Pesky Poltergeists (6 Meán Fómhair 2016)
  • Short Stories from Hogwarts of Heroism, Hardship and Dangerous Hobbies (6 Meán Fómhair 2016)
  • Hogwarts: An Incomplete and Unreliable Guide (6 Meán Fómhair 2016)
  • Fantastic Beasts and Where to Find Them: The Original Screenplay (19 Samhain 2016)
  • Fantastic Beasts: The Crimes of Grindelwald: The Original Screenplay (16 Samhain 2018)

Gearrscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Réamhscéal Harry Potter (Iúil 2008)

Daoine Fásta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Casual Vacancy (27 Meán Fómhair 2012)

Sraith Cormoran Strike (faoin t-ainm Robert Galbraith)[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Cuckoo's Calling (18 Aibreán 2013)
  2. The Silkworm (19 Meitheamh 2014)
  3. Career of Evil (20 Deireadh Fómhair 2015)
  4. Lethal White (18 Meán Fómhair 2018)

Saothar Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Neamhficsean[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • McNeil, Gil and Brown, Sarah, comheagarthóirí (2002). Réamhrá an bailiúchán Magic. Bloomsbury.
  • Brown, Gordon (2006). Réamhrá, "Ending Child Poverty" i Moving Britain Forward. Selected Speeches 1997–2006. Bloomsbury.
  • Sussman, Peter Y., eagarthóir (26 Iúil 2006). "The First It Girl: J. K. Rowling reviews Decca: the Letters by Jessica Mitford". The Daily Telegraph.
  • Anelli, Melissa (2008). Réamhrá, Harry, A History. Pocket Books.
  • Rowling, J. K. (5 Meitheamh 2008). "The Fringe Benefits of Failure, and the Importance of Imagination". Harvard Magazine.
    • J. K. Rowling, Very Good Lives: The Fringe Benefits of Failure and Importance of Imagination, Sphere, 14 Aibreán 2015, 80 leathanaigh (ISBN 978-1-4087-0678-7).
  • Rowling, J. K. (30 Aibreán 2009). "Gordon Brown – The 2009 Time 100". Iris Time.
  • Rowling, J. K. (14 Aibreán 2010). "The Single Mother's Manifesto". The Times.
  • Rowling, J. K. (30 Samhain 2012). "I feel duped and angry at David Cameron's reaction to Leveson". The Guardian.
  • Rowling, J. K. (17 Mí na Nollaig 2014). Isn't it time we left orphanages to fairytales? The Guardian.
  • Rowling, J. K. (eagarthóir guest) (28 April 2014). "Woman's Hour Takeover". Woman's Hour, BBC Radio 4.
  • Rowling J.K. (scríbhneoir) (31 October 2019) A Love Letter to Europe.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Strike Series – Robert Galbraith". robert-galbraith.com. Dáta rochtana: 2020-04-10.
  2. "JK Rowling 'richer than Queen'" (en-GB) (2003-04-27). Dáta rochtana: 2020-04-10.
  3. The Sunday Times. "The Sunday Times Rich List 2019: JK Rowling net worth" (en). Dáta rochtana: 2020-04-10.
  4. Megan Elliott, More Articles, 2018 October 02 (2018-10-02). "How Much Did J.K. Rowling Earn for Writing the 'Harry Potter' Books?" (en-US). Showbiz Cheat Sheet. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-05-24. Dáta rochtana: 2020-04-19.
  5. 5.0 5.1 "The JK Rowling story" (en). www.scotsman.com. Dáta rochtana: 2020-04-13.
  6. "vicipéid - J.K. Rowling". Dáta rochtana: 15ú lá Feabhra.
  7. Robin McKie (2001-12-30). "Harry Potter author marries in secret" (en-GB). The Observer. Dáta rochtana: 2020-04-09.
  8. 1:10PM GMT 25 Mar 2003 (2003-03-25). "Baby joy for JK Rowling" (en). www.telegraph.co.uk. Dáta rochtana: 2020-04-09.
  9. "Rowling names new daughter Mackenzie" (as en) (2005-01-26). 
  10. Rebecca Nicholson (2020-04-18). "JK Rowling: her old home is where her heart is | Rebecca Nicholson" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2020-04-19.
  11. Jacob Stolworthy. "JK Rowling just donated nearly $19 million to multiple sclerosis research in honor of her mother, who died of MS at 45". Business Insider. Dáta rochtana: 2020-04-19.
  12. Hayley Dixon (2014-04-28). "JK Rowling tells of her mother's battle with multiple sclerosis" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-04-19.
  13. "Comic Relief" (en-GB). J.K. Rowling. Dáta rochtana: 2020-04-13.
  14. "Volant Charitable Trust" (en-GB). Volant Charitable Trust. Dáta rochtana: 2020-04-17.
  15. "Home - Lumos" (en). www.wearelumos.org. Dáta rochtana: 2020-04-13.
  16. Hannah Furness (2013-09-18). "JK Rowling: 'I am prouder of my years as a single mother than of any other part of my life'" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-04-13.
  17. David D. Kirkpatrick (2001-04-01). "Harry Potter and the Court Battle Over Creativity" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2020-04-10.
  18. Tina Fineberg / AP (2005-07-18). "New Potter book topples U.S. sales records" (en). msnbc.com. Dáta rochtana: 2020-04-11.
  19. "Why "Prisoner of Azkaban" Is Actually the Best "Harry Potter" Film" (en-US). MuggleNet (2017-09-12). Dáta rochtana: 2020-04-19.
  20. "The Casual Vacancy" (en-GB). J.K. Rowling. Dáta rochtana: 2020-04-19.
  21. Anita Singh (2012-10-02). "The Casual Vacancy: sales figures revealed" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-04-08.
  22. "BBC One - The Casual Vacancy" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2020-04-08.
  23. "The Cuckoo's Calling (Cormoran Strike, book 1) by Robert Galbraith". www.fantasticfiction.com. Dáta rochtana: 2020-04-19.
  24. Haroon Siddique (2013-07-14). "JK Rowling publishes crime novel under false name" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2020-04-12.
  25. "C.B. Strike" . 
  26. HBO PR (2018-04-06). "C.B. STRIKE DEBUTS FRIDAY, JUNE 1 ON CINEMAX" (en). Medium. Dáta rochtana: 2020-04-12.
  27. Bloomsbury.com. "Harry Potter and the Cursed Child - Parts One & Two (Special Rehearsal Edition)" (en). Bloomsbury Publishing. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-06-20. Dáta rochtana: 2020-04-19.
  28. Michael Paulson (2019-11-05). "Harry Potter’s Sophomore Slump: ‘Cursed Child’ Loses Steam on Broadway" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2020-04-19.
  29. Jocelyn McClurg. "J.K. Rowling's new Pottermore e-books make the Top 10" (en-US). USA TODAY. Dáta rochtana: 2020-04-19.
  30. Hugh Armitage, Ian S, well (2020-03-09). "Fantastic Beasts 3-5: Everything you need to know" (en-GB). Digital Spy. Dáta rochtana: 2020-04-19.