Amnesty International

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAmnesty International

ManaVal més encendre una espelma que maleir per sempre la foscor Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálnon-governmental organization for development (en) Aistrigh
eagraíocht neamhbhrabúis Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibrecearta daonna Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilBéarla, an Araibis, an Fhraincis agus an Spáinnis Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh28 Bealtaine 1961, an Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Peter Benenson Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh a chartlainne
Gníomhaíocht
Limistéar oibriúcháindomhanda Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deCampaign to Stop Killer Robots (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ballraíocht7,000,000 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
ArdrúnaíAgnès Callamard (en) Aistrigh (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán309 M€ (2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinamnesty.org Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: amnesty Twitter: amnesty Instagram: amnesty Youtube: UCREPamP892LJnJfJNWYKfPQ Cuir in eagar ar Wikidata

Is gluaiseacht domhanda é Amnesty International a théann i mbun feachtais ionas nach mbeidh a chearta daonna sáraithe ag aon duine agus chun na cearta daonna bunúsacha deimhnithe sa Dhearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine á gcosaint. Saothraíonn an ghluaiseacht neamhspleách ó idé-eolaíocht pholaitiúil ar bith, ó leas eacnamaíoch agus ó reiligiún ar bith. Bunaíodh Amnesty International sa bhliain 1961 i Sasana. Kumi Naidoo, ón Afraic Theas, atá i gceannas ar AI faoi láthair. Tá breis is 7,000,000 ball ag Amnesty International ar fud an domhain.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear de ghnáth gur tháinig Amnesty International as litir, "The Forgotten Prisoners"[1] ó Peter Benenson, dlíodóir Sasananach, a foilsíodh ar an 28 Bealtaine 1961 sa nuachtán The Observer (Londain) agus a athfhoilsíodh go forleathan. Bhunaigh sé an eagraíocht ar bhonn foirmiúil cúpla mí ina dhiaidh sin, chun an feachtas "Appeal for Amnesty, 1961" a sheol sé sa litir a chur chun cinn.[2]

Amnesty International, Coraigh, Feabhra 1996 agus Máire Mhic Róibín

Amnesty International Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Amnesty International Éire an eagraíocht cearta daonna is mó in Éirinn le beagnach 17,000 ball sa bhliain 2015. Glacann siad páirt i bhfeachtais ar fud an domhain:

  • Díshealbhuithe fórsáilte
  • Cearta Daonna sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh
  • Chun deireadh a chur le pionós an bháis
  • Chun deireadh a chur le ciorrú ball giniúna ban san Eoraip
Díshealbhuithe fórsáilte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá breis is billiún daoine timpeall an domhain ag maireachtáil i slumaí agus i lonnaíochtaí neamhfhoirmiúla. Maireann siad faoi scáth na himní agus na heagla i gcónaí go gcaithfear as baile iad gan choinne, gan chúiteamh. Tá béim curtha faoi láthair ar chás na Romach san Iodáil atá ag fulaingt dian-leithcheal ó na húdaráis.

Cearta daonna sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le blianta beaga anuas tá na milliúin daoine tagtha amach ar na sráideanna ag éileamh athruithe sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh. Go minic d´fhulaing siad foréigean, príosún nó céasadh nuair a d´éiligh siad a gcearta daonna bunúsacha. Oibríonn Amnesty International le gníomhaithe cearta daonna sa Libia, san Éigipt, sa Túinéis agus in áiteanna eile atá ag athrú go mall, agus chun drochíde a nochtadh ar dhá thaobh na coimhlinte uafásach sa tSiria.

Pionós an bháis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Séard atá i gceist le pionós an bháis ná seánadh cearta daonna atá go hiomlán dochúlaithe. Tá Amnesty International ag obair go dian chun deireadh a chur le pionós an bháis ar fud an domhain.

Ciorrú ball giniúna ban san Eoraip[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá feachtas de chuid Amnesty International, END FGM, ar siúl ar fud na hEorpa ar feadh roinnt blianta anois. Tá an feachtas ag iarraidh béim a chur ar chiorrú ball giniúna ban ar chlár oibre Aontais na hEorpa agus chun na mná a d´fhulaing é go dtí seo agus atá fós i mbaol a chur chun cinn.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Forgotten Prisoners" (as en) (2019-05-04). Wikipedia. 
  2. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-28.