Traein

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Calafort Ros Láir. Traenacha go Baile Átha Cliath agus Dún Dealgan

Is modh iompair í traein a úsáideann inneall agus carráistí ag rith ar ráillí.[1]

Breosla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tiomáintear inneall traenach le hola díosal nó le haibhléis de ghnáth, ach tá traenacha á dtógáil sa Ghearmáin, sa tSín agus sa tSeapáin a ghluaiseann ar fholún adhmainteach. Ní bhíonn rotha ag na traenacha seo agus ní ar bhóthar iarann a bhogann siad ach ar ráille clúdaithe le hadhmaintí.[fíoras?]

Stáisiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Taistealaíonn traenacha ar iarnród ó stad go stad agus iompraíonn siad daoine agus earraí. Stadann na traenacha ag stad na dtraenach chun gur féidir le taistealaithe, dul isteach iontu agus tuirlingt astu. Is i mbailte móra agus i gcathracha a bhíonn na stáisiúin cinn aistir. I stáisiún traenach bíonn Seomra na gClócaí, Seomra Feithimh, Leithris, Seomra na mBeart agus Oifig na dTicéad. Bíonn oifigí eolais iontu chomh maith go minic, maraon le taisceadáin le cásanna agus málaí a stóráil, agus bialanna agus siopaí i stáisiúin mhóra. Is minic a bhíonn líon mór ardán i stáisiún mhóra.

Bíonn droichead ó ardán go chéile os cionn na ráillí, nó bíonn slí faoin talamh anonn is anall idir na hardáin, i dtreo nach baol go leagfaí an lucht taistil ag na traenacha. Bíonn ardaitheoirí ar na droichid seo freisin chun ligint do dhaoine i gcathaoireacha rotha trasnú gan deacracht.[fíoras?]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Traein paisinéirí in Éirinn, 17 Nollaig 1834

Bhíodh na céad innill thraenach ag rith ar ghal. Bhíodh tine ar lasadh san inneall a théadh an t-uisce leis an ngal a chruthú. Ní úsáidtear gal mórán níos mó seachas le haghaidh turais speisialta do thurasóirí agus iad siúd a chuireann spéis ar leith i dtraenacha.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Mac Aongusa, Brian (2014). "Traenacha in Éirinn". An Gúm 9781857918373 (1857918371).