Iarnród

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is iarnród ann ná ráillí iarainn a leagtar ar an talamh mar bhealach taistil do thraenacha. Tugtar Bóthar Iarainn (chemin de fer) ar an iarnród chomh maith.

Iarnród sa tSeapáin, tá ród do gheidseacht ar an taobh deas

Bíonn trasnáin faoi na ráillí chun iad a choinneáil comhthreomhar lena chéile, agus ba d'adhmaid a rinneadh iad sin ar dtús, ach úsáidtear stroighean agus cruach chomh maith. Córas éifeachtach sábháilte é de ghnáth chun daoine agus earraí a iompar idir bailte móra. Tá stáisiúin mhóra ar fud an domhain ina dtagann na hiarnróid le chéile, agus is minic go mbíonn an stáisiún traenach ina fhoirgneamh an-suntasach.

Bhíodh ráillí á n-úsáid mar chabhair chun earraí troma a bhrú ó áit fiú in aimsir na SeanGhréige, ach ba san 18ú haois a rinneadh d'iarann iad chun trucail a bhrú nó a tharraingt le capaill i Sasana. Ba in 1804 a úsáideadh inneall gaile den chéad uair ar ráillí, agus leath an córas ar fud Shasana agus na hEorpa go mear ina dhiaidh sin.

Bhí na hiarnróid an-tábhachtach i bhforbairt na mórchumhachtaí impiriúla, An Bhreatain, Stáit Aontaithe Mheiriceá, An Rúis, agus tíortha nach iad, mar go bhféadfaí saighdiúirí agus lón cogaidh a bhogadh go mear trasna tíre nó go calafoirt.