Sylvia Plath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sylvia Plath
Sylvia Plath.jpg
Saol
Eolas breitheBostún, 27 Deireadh Fómhair 1932
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Áit chónaitheLondain
BásLondain, 11 Feabhra 1963
Áit adhlacthaHeptonstall
Cúis bháisféinmharú
Muintir
AthairOtto Plath
MáthairAurelia Plath
Céile/CéilíTed Hughes  (1956 -  1963)
Páistí
Siblíní
Oideachas
Alma materSmith College (en) Aistrigh Baitsiléir Ealaíon : eolaíocht liteartha
Coláiste Newnham, Cambridge
Wellesley High School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmfile, scríbhneoir, úrscéalaí, scríbhneoir aistí, dírbheathaisnéisí, dialannaí agus scríbhneoir litríocht pháistí
FostóiríSmith College (en) Aistrigh
Saothar iomráiteachThe Bell Jar (en) Aistrigh
Ariel (en) Aistrigh
The Colossus (en) Aistrigh
Duaiseanna
SloinnteVictoria Lucas
Gluaiseacht ealaíneconfessional poetry (en) Aistrigh
Cleamhnú
ReiligiúinAn tÚinitéireachas
IMDbnm0686799
sylviaplath.info
Discogs ID854503
Sylvia Plath signature (Mademoiselle 1953).svg

B'fhile, úrscéalaí agus gearrscéalaí Meiriceánach í Sylvia Plath. Rugadh i mBostún, Massachusetts í ar an 27 Deireadh Fómhair, 1932 agus cailleadh í ar an 11 Feabhra, 1963 i Londain Shasana tar éis di lámh a chur ina bás féin.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhreastail sí ar Choláiste Mhic Gabhainn (Béarla: Smith College) in Northampton, Massachusetts, (Sasana Nua), agus ar Choláiste Newnham in Cambridge nuair a bhronnadh an Scoláireacht Fulbright uirthi.[2]

Phós sí an file Ted Hughes sa bhliain 1956. Is minic a bhí mí-úsáid á dhéanamh sa chaidreamh a bhí eatarthu.

Chuir siad fúthu i Meiriceá, sular bhog go Sasana sa bhliain 1959[3]. Bhí beirt clainne acu: Frieda agus Nicholas.

Bhí fulaingt dhian ag Sylvia Plath leis an ghalar dubhach, agus bhí sí sin, maraon lena hidirscaradh pósta sa bhliain 1962, ar cheann de na príomhchúiseanna lena féinmharú, is cosúil (chuir sí a ceann sa ghásoigheann).[4]

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Clogad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é An Clogad[5] (Béarla: The Bell Jar) an leabhar is mó le rá de chuid Sylvia Plath. Úrscéal dírbheathaisnéiseach atá sa Chlogad, an t-aon úrscéal dár scríobh Plath riamh. Foilsíodh den chéad uair é sa bhliain 1963 (mí roimh bhás an údair) faoin ainm cleite Victoria Lucas.

B'iarracht é An Clogad a léiriú "cé chomh scaoilte aonrach is a mhothaíonn an té atá i mbun clise néarach... Rinne mé iarracht samhail a tharraingt de mo shaolsan agus de na daoine atá ann de réir mar a bhfeicfear duit iad agus tú ag faire orthu trí ghloine chlogaid, agus í sin ag feidhmiú mar lionsa a chuireann íomhánna as a riocht".[6]

curtha i Heptonstall, Yorkshire

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Encyclopedia Britannica
  2. Helle (2007) p44
  3. Kirk (2004) pxx
  4. Becker. (2003)
  5. Focal.ie http://www.focal.ie/Search.aspx?term=bell+jar
  6. Plath Biographical Note 294-5. From Wagner-Martin (1988) p107