Úrscéal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is iomaí ciall a bhaintear as an bhfocal úrscéal, agus is iomaí leabhar agus alt atá scríofa faoi. Go tipiciúil, áfach, is scéal fada eipiciúil é an t-úrscéal a bhfuil idir phlota agus laochra ann, agus na laochra curtha i láthair ar bhealach indibhidiúil, ionas gur féidir iad a aithint thar a chéile agus comhionannú a dhéanamh leo. Maítear gur cineál nua litríochta é a tháinig chun cinn tar éis an Renaissance, agus gurbh é Don Quixote (a ndearna an tAthair Peadar Ua Laoghaire leagan giorraithe Gaeilge de faoin teideal Don Cíochótae), a scríobh an Spáinneach Miguel de Cervantes sa séú haois déag, an chéad úrscéal de réir mar a thuigimid an téarma inniu. Ina dhiaidh sin bhláthaigh an seánra ar feadh na gcéadta bliain ó shin, go háirithe as Fraincis, as Rúisis, agus as Béarla. Deirtear freisin, áfach, go raibh úrscéalta á scríobh roimhe sin féin, agus luaitear leabhair sheanársa mar fhianaise, ar nós Satyricon, a scríobh comhairleoir an Impire Nero, Petronius, timpeall na bliana 61 i ndiaidh bhreith Chríost.

Is é an sainmhíniú is simplí is féidir a thabhairt ar úrscéal ná saothar ficsin ina bhfuil aontas plota agus carachtar agus é fada go leor le cur i gcló mar leabhar.

Na Chéad Úrscéalta sa Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Áirítear gurb é Deoraíocht (1904) le Pádraic Ó Conaire an chéad úrscéal nua-aimseartha Gaeilge. Is scéal é faoi dheoraí Éireannach i Londain agus na heachtraí a bhain dó tar éis dó cúpla ceann dá ghéaga a chailleadh i dtimpiste. Scéal dorcha duairc traigéideach is ea é, agus is iad na príomhthéamaí atá ann ná coimhthíos an phríomhcharachtair roimh an domhan agus an fhearg atá air leis. Leabhar an-nua-aimseartha í a chuir tús fiúntach le litríocht chomhaimseartha na Gaeilge.

Tá siad ann a deir gurb é Séadna leis an Athair Peadar Ua Laoghaire an chéad úrscéal Gaeilge, ach le fírinne, bhí an tAthair Peadar an oiread sin i ngeimhle na scéalaíochta traidisiúnta is nár éirigh leis a leabhar a phlotáil mar ba chóir don úrscéal. Is féidir a rá gurb é seo príomhfhadhb na próslitríochta Gaeilge sa lá atá inniu féin ann.

Dhírigh cuid mhaith d'úrscéalaithe na Gaeilge ar léiriú idéalach maoithneach a thabhairt ar shaol na Gaeltachta, daoine ar nós Pádraig Óg Ó Conaire, Seán Ó Ruadháin, Séamus Ó Grianna agus scríbhneoirí Gaeltachta eile. Thug scríbhneoirí eile, Piaras Béaslaí, Éamonn Mac Giolla Iasachta, agus Seán Óg Ó Caomhánach faoi nithe seachas tírghrá agus saol traidisiúnta na tuaithe a léiriú ach ba bheag an rath a bhí ar a gcuid iarrachtaí agus is beag duine a léann a saothar anois.

Carachtair gan doimhneacht a bhfuil a saol faoi thionchar na bpiseog, na dtairngreachtaí agus an tseanchais a bhí i scéalta Shéamais Uí Ghrianna an chuid is mó. San úrscéal is fearr a scríobh sé, Bean Ruadh de Dhálach (1966) tugann sé cur síos ar bhean a fhágann slán ag an dúchas agus a théann a bealach féin, duine neamhspleách láidir atá breá ábalta seasamh in aghaidh sheanghnátha a muintire. Ba é deartháir Shéamais, Seosamh Mac Grianna, áfach, an té a scríobh an saothar ba mhó indibhidiúlachta i lár na haoise seo caite, agus é go mór faoi thionchar Phádraic Uí Chonaire. Is é An Druma Mór, a tháinig ar pár sa bhliain 1934 ach nár foilsíodh go dtí 1969, an t-úrscéal is tábhachtaí ó pheann Sheosaimh, léargas ar bhaile beag tuaithe agus é ag dul i ngleic leis na hathraithe polaitiúla agus cultúrtha a tháinig le gluaiseacht na saoirse, agus carachtair réadúla ann a nochtann a laige agus a neart.

Tháinig Máirtín Ó Cadhain chun cinn mar scríbhneoir i ndeireadh na 1930idí, agus áirítear a úrscéal Cré na Cille ar an saothar próis is cumasaí a scríobhadh sa Ghaeilge lena linn. Úrscéal is ea é a thugann léargas ar theannais shóisialta na Gaeltachta trína gcur á gcardáil ag marbháin na reilige, agus iad ag cur is ag cúiteamh go deo na ndeor faoin saol a bhí acu sula bhfuair siad bás. Chuirfeadh sé an chuid is fearr de litríocht Mheiriceá Theas i gcuimhne duit. Is féidir cuid de na scéalta fada leis a foilsíodh i gcnuasaigh ghearrscéalta a áireamh mar úrscéalta chomh maith, go háirithe Fuíoll Fuine, eachtra fir a bhfuil a bhean díreach tar éis bás a fháil.

Úrscéalaí eile a bhí i Séamus Ó Néill, a rinne iarracht saol na cathrach a léiriú ach nár éirigh leis carachtair sách domhain a chruthú, agus Tarlach Ó hUid, scríbhneoir ionraic a bhí teoranta ó thaobh na teanga agus na samhlaíochta de. Is é an t-úrscéal is fearr le Séamus Ó Néill ná Máire Nic Artáin. Scéal grá é a thugann cur síos ar chleamhnas agus phósadh an chailín Chaitlicigh agus an bhuachalla Phrotastúnaigh i sochaí dheighilte an Tuaiscirt, agus d'fhéadfaí é a chur i gcomparáid leis na húrscéalta don aos óg a chum an scríbhneoir Albanach Joan Lingard faoi Kevin agus Sadie.

Úrscéalta doimhne machnamhacha iad Néal Maidine agus Tine Oíche(1964), agus An Branar gan Cur(1979) a scríobh Breandán Ó Doibhlin. Thug Eoghan Ó Tuairisc faoin úrscéal stairiúil i L'Attaque, sárinsint ar eachtraí feirmeora as Maigh Eo a ghlacann páirt in Éirí Amach 1798, agus Dé Luain (1966) iarracht ar an chéad lá d'Éirí Amach na Cásca 1916 a athchruthú trí shruthanna machnaimh na bpríomhcharachtar.

Is é Fonn a Níos Fiach (1978) an saothar is fearr de chuid Phádraig Uí Mhaoileoin, fear a scríobh Bríde Bhán freisin. Scríbhneoir Gaeltachta ó Chiarraí ab ea Pádraig, ach Gaeltacht eile ar fad a thaispeáin sé ina chuid leabhar seachas Gaeltacht Pheig agus an Oileánaigh. Bhí gaol dlúth aige leis an Oileánach, agus chuir sé an leabhar An tOileánach féin in eagar le haghaidh glúin nua léitheoirí.

Tá saothar an scríbhneora Diarmaid Ó Súilleabháin an-dúshlánach, go háirithe Caoin tú Féin (1967), An Uain Bheo (1968), Maeldún (1972) agus Lá Breá Gréine Buí (1984). Chuaigh an Súilleabhánach i ngleic leis an saol comhaimseartha agus é faoi thionchar mhórscríbhneoirí a linne san Eoraip.

Scríobh Séamas Mac Annaidh trí úrscéal comhaimseartha ina bhfuil meascán den ghreann chomhfheasach agus den dianléargas ar shaol a linne. Cuaifeach mo Londubh Buí an chéad cheann agus an ceann is fearr acu.

Scríobh Alan Titley trí úrscéal, an chéad cheann an-chasta ar fad, Meirscrí na Treibhe. Is scéal uafáis faoi chanablaigh i mBaile Átha Cliath é Stiall Fhial Feola, agus is úrscéal stairiúil é An Fear Dána.

Maidir leis na húrscéalaithe Gaeilge a chuaigh i mbun pinn le déanaí, is dócha gurb é Joe Steve Ó Neachtain an duine is tábhachtaí acu. Bhain sé amach a cháil ina scriptscríbhneoir don tsobalscéal teilifíse Ros na Rún, ach ansin, d'fhoilsigh sé cnuasach gearrscéalta (Clochmhóin) agus, ina dhiaidh sin, dhá úrscéal soléite, Scread Mhaidine agus Lámh Láidir.

Úrscéalaithe cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]