Seán Ó Ruadháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Seán Ó Ruadháin, Saol agus Saothar
Seán Ó Ruadháin
Saol
Eolas breithe Gaoth Sáile, Feabhra 20, 1883
Bás Meitheamh 22, 1966
Gairm
Gairm aistritheoir, scríbhneoir agus múinteoir

Scríbhneoir Gaeilge ó Ghaeltacht Thuaisceart Mhaigh Eo ab ea Seán Ó Ruadháin (20 Feabhra 1883 i nDubhchloch é, in Iorras i dTuaisceart Mhaigh Eo - 22 Meitheamh 1966).

Is é an t-úrscéal Pádhraic Mháire Bhán, nó: An Gol is an Gáire an ceann is tábhachtaí dá chuid bunsaothar.

Scríobh sé don aos óg den chuid is mó; scríobh sé an díolaim Grinnscéalta do na páistí. Rinne sé a lán aistriúchán freisin: chuir sé Gaeilge ar David Copperfield le Charles Dickens, Travels with my Donkey (Mé féin is m'Asal) le Robert Louis Stevenson, agus Wild Sports of the West (Sealgaireacht an Iarthair) le William Hamilton Maxwell.

D'fhoilsigh sé ailt, scéalta agus aistí ar irisí éagsúla freisin, ar nós An Scuab, An Fáinne, Ar Aghaidh, An Connachtach agus The United Irishman, agus tháinig na mionscríbhinní seo i gcló faoi chlúdach leabhair i ndiaidh a bháis - An Mothall Sin Ort is teideal don díolaim seo.

Sna 1950idí, bhíodh aistí i gcló aige ar cheart na Gaeilge faoin teideal 'Ceart nó mícheart?'[1] agus is iomaí conspóid a mhuscail sé.

Tús a Shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Seán Ó Ruadháin, nó John Rowan nó Ruane as Béarla, i nDúloch, Co. Mhaigh Eo, ar an 26 Feabhra 1883, Ba iad Aodh Ó Ruadháin (Hugh Rowan), feirmeoir beag, agus Máire Bhairéad (Mary Barrett) a thuismitheoirí. Saolaíodh seachtar clainne d'Aodh agus do Mháire, agus Seán ar an tríú duine acu agus ar an mac ba sine.

Bhí léann agus Béarla ag máthair Sheáin, agus theastaigh uaithi oideachas a chinntiú dá clann. Ina dhiaidh sin féin ba í an Ghaeilge ba mhó a labhraítí leis na páistí sa bhaile. Nuair a tháinig Seán in aois scoile, áfach, ní raibh scoil ar bith ag obair i nDubhloch féin, agus chaithfeadh sé dul go dtí an tSraith ar lorg foghlama. Osclaíodh scoil úr i nDúloch sa bhliain 1891, áfach, agus ansin, thosaigh sé ag freastal ann.

Sa bhliain 1900, agus é ina stócach seacht mbliana déag d'aois, d'fhág Seán scoil Dhúlocha. Chruthaigh sé go maith ag tógáil léinn, ach dealraíonn sé nach ansin a d'fhoghlaim sé léamh agus scríobh a theanga dúchais, nó ba é an Béarla meán na múinteoireachta ansin. Is dealraitheach gur fhreastail sé ar ranganna oíche den chineál ar thug sé cur síos orthu ina úrscéal "Pádhraic Mháire Bhán" le scríbhneoireacht na Gaeilge a fhoghlaim.

Obair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith sé an chuid ba mhó de na blianta 1900-1904 ag sclábhaíocht i Sasana. Obair feirmeoireachta ba mhó a bhí i gceist. Sa deireadh, áfach, d'fhill sé abhaile le cuidiú lena athair in oibreacha an tí. Chuir sé suim i gcúrsaí na Gaeilge, agus is iomaí duais a thabhaigh a scileanna teanga agus óráidíochta dó.

Sa bhliain 1905 bhain sé amach dintiúir an mhúinteora, agus ansin thosaigh sé ag teagasc Gaeilge agus ag timireacht do ghluaiseacht na teanga (bhí sé ina thimire ag Conradh na Gaeilge sna blianta 1906-1921). Ó 1906 ar aghaidh, chaith sé seal i ndiaidh a chéile ag múinteoireacht in áiteanna éagsúla: Tuar Mhic Éadaigh, Caisleán an Bharraigh, Tuaim agus Baile Idir dhá Abhainn i gContae Shligigh.

I dTuar Mhic Éadaigh a casadh Éamon de Valera air, agus mhair an cairdeas go lá báis an Ruadhánaigh: tháinig de Valera ar a shochraid.[2]

I mBÁC[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Gúm.jpg

Sa bhliain 1922 d'aistrigh Ó Ruadháin go Baile Átha Cliath le teacht slán ó na trioblóidí i gCo. Shligigh, nó bhí Cogadh na gCarad faoi lán an tseoil san am. Ar dtús bhí sé ag múineadh i scoil mháisiúnach na mbuachaillí i gCluain Sceach.[fíoras?]

Sa bhliain 1928 fuair sé post nua i gcoláiste na Carraige Duibhe, agus sa bhliain chéanna a phós sé a bhean chéile, Maighréad Ní Óra. Múinteoir ó Mhaigh Eo a bhí i Maighréad cosúil le Seán féin, ach ní raibh Gaeilge ó dhúchas aici, agus chaithfeadh sí dul i dtuilleamaí an fhoclóra le hadhmad a dhéanamh de shaothar a fir chéile. D'fhoghlaim clann na lánúine - Caitríona, Mícheál, agus Seán Óg - an Ghaeilge chois tinteáin, áfach.

I mbun pinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna fichidí a chuaigh Seán Mór i mbun pinn i ndáiríre. Chum sé nó d'aistrigh sé roinnt téacsleabhar scoile.

"Pádhraic Mháire Bhán, nó an Gol is an Gáire"[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an t-úrscéal Pádhraic Mháire Bhán, nó: An Gol is an Gáire an ceann is tábhachtaí dá chuid bunsaothar.

Sa bhliain 1930 ghnóthaigh sé comórtas úrscéalaíochta le "Pádhraic Mháire Bhán" (in éineacht le Barra Ó Caochlaigh, a scríobh "Lucht Ceoil"). Tá imeachtaí an scéil suite in Iorras, Maigh Eo. Tugann an t-úrscéal léargas cuimsitheach ar imeachtaí na staire ó Chogadh na Talún go Cogadh na Saoirse, agus is léir gur bhain an t-údar an-leas as an eolas a bhí aige ar stair an cheantair, go háirithe ar an dóigh ar tháinig cúrsaí polaitíochta agus náisiúnachais isteach agus an naoú haois déag ag druidim chun deireanais. I ndiaidh an iomláin, áfach, níl sna mionsonraí staire ach cúlra don scéal agus don phlota. Nuair a tháinig "Pádhraic Mháire Bhán" i gcló, bhí ráchairt as an ngnáth air. Ach ní raibh Seán Ó Ruadháin sásta leis an dóigh ar chaith An Gúm leis: go bunúsach, shealbhaigh an teach foilsitheoireachta smacht cruthaitheach an údair ar an leabhar go dtí an bhliain 1949. Dealraíonn sé go ndeachaigh an sealbhú seo i bhfeidhm ar Ó Ruadháin mar a bheadh goid ann, agus níor scríobh sé úrscéal nua riamh, pé rud a bhí léitheoirí an chéad úrscéal ag impí air.

Aos óg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh sé don aos óg den chuid is mó; scríobh sé an díolaim Grinnscéalta do na páistí.

Aistriúcháin agus ailt[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsigh sé a lán aistriúchán sna tríochaidí freisin. Sa bhliain 1933 tháinig "Sealgaireacht an Iarthair" i gcló, leagan Gaeilge ar "Wild Sports of the West" le William Hamilton Maxwell, agus ina dhiaidh sin "Mé féin is m'Asal" ("Travels with my Donkey") le Robert Louis Stevenson (1937). Ba é "David Copperfield" le Charles Dickens an t-aistriúchán ba téagartha acu go léir, áfach.

Cé gur éirigh an Ruadhánach as an úrscéalaíocht, bhí sé sásta aistí agus scríbhinní ócáidiúla a bhreacadh síos agus a fhoilsiú sna hirisí Gaeilge ag ionsaí go dtí lá a bháis. Chuaigh rogha agus togha na n-aistí faoi chlúdach leabhair i ndiaidh a bháis, agus "An Mothall Sin Ort" mar theideal ar an díolaim seo.

David Copperfield, 1849

Ar Scor[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1948 chuaigh Seán Ó Ruadháin ar scor, agus ansin chuir sé faoi i gCoillte Mach, áit a raibh cónaí ar a bhean chéile cheana féin.

I mblianta deireanacha a shaoil bhí sé ag bailiú eolais faoina chanúint féin le haghaidh foclóra, ach ní raibh sé daite dó an foclóir sin a chur in eagar. Scríobhadh sé altanna faoi cheart na teanga sna hirisí Gaeilge, agus é míshásta leis an mBéarlachas a d'aithin sé ar Ghaeilge na nGaeilgeoirí agus na meán.

Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus ina Uachtarán ar Chumann na Scríbhneoirí.

Cailleadh sa bhliain 1966 é (ar 22 Meitheamh 1966), agus cuireadh i reilig Ghráinseach an Déin é.

Dúirt Seosamh Ó Duibhginn faoi: ‘Ba fhear cúthail é nár shantaigh riamh a ainm a bheith i mbéal an phobail, ach ba fhear é a raibh creideamh láidir aige agus é daingean dúshlánach ina chuid tuairimí’.[1]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Mac Niocláis, Máirtín, Seán Ó Ruadháin: Saol agus Saothar (An Clóchomhar, 1991)

Léigh freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó Ruadháin, Seán, Pádhraic Mháire Bhán, nó: An Gol agus an Gáire (An Gúm, 1994)
  • Ó Ruadháin, Seán, Ceart nó Mícheart. Seán Ó Ruadháin i bhFeasta. Eag. Liam Mac Peaircín (Coiscéim 2007)
  • D’fhoilsigh An Clóchomhar a bheathaisnéis i 1992: Seán Ó Ruadháin: saol agus saothar le Máirtín Mac Niocláis.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Seán Ó Ruadháin: Saol agus Saothair | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2019-06-22.
  2. "Ó RUADHÁIN, Seán (1883–1966)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-06-22.