Tuar Mhic Éadaigh
![]() | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() ![]() | |||||||||||
Suíomh | |||||||||||
| |||||||||||
| |||||||||||
Tíreolaíocht | |||||||||||
Achar dromchla | 172.26 km² ![]() | ||||||||||
Airde | 58 m ![]() | ||||||||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||||||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||||||||
Logainm.ie | 1375331 |
Baile i ndeisceart Chontae Mhaigh Eo is ea Tuar Mhic Éadaigh. Tá sé ar an limistéar Gaeltachta is faide ó thuaidh i gceantar Gaeltachta Dhúiche Sheoigheach, ceantar a shíneann thar theorainneacha sléibhtiúla na Gaillimhe agus Mhaigh Eo. Cuimsíonn ceantar Thuar Mhic Éadaigh an stráice talún idir Loch Measca agus Sléibhte Phartraí a shíneann ó theorainn na Gaillimhe ag Droichead an tSnámha (sna Fionnaithe) sa deisceart go Droichead Dhoire Mhór (i gceantar na Sraithe) sa Tuaisceart. Cé gurb é Tuar Mhic Éadaigh príomhbhaile an cheantair tá na Fionnaithe, Coill an tSidheáin agus an tSraith fós ag feidhmiú mar mhionbhailte sa cheantar. Bhunaigh Conradh na Gaeilge Coláiste Chonnacht i 1905, áit a deirtear a chuir Éamon De Valera agus Sinéad Ní Fhlannagáin aithne ar a chéile. Ba choláiste Gaeilge a bhí ann do mhúinteoirí Gaeilge agus do lucht an chonartha. Bhunaigh Gaeltarra Éireann monarcha cniotála i bhfoirgneamh an choláiste blianta ina dhiaidh sin. Tá monarcha cniotála ag Gaeltarra Éireann ar an mbaile fós. Tá Coláiste Muire, meánscoil lán-Ghaeilge suite ar bhruach Loch Measca. Ba choláiste ullmhúcháin do mhúinteoirí a bhí ann i dtosach, ansin meánscoil chónaithe do chailíní faoi chúram Shiúracha na Trócaire, sula dearnadh meánscoil lae as. Tá an ceantar suite ar bhruach thiar Loch Measca agus bhí giota beag den cheantar ó dheas i gCo. na Gaillimhe go dtí 1898. Ar an 3ú Bealtaine, 1921, le linn Chogadh na Saoirse, tharla luíochán tábhachtach ar an mbaile.
Mhair an t-aisteoir Sasanach Robert Shaw (a bhfuil aithne mhaith air i ngeall ar na scannáin Jaws agus The Sting) ann i dTeach Droim Bán go dtí uair a bháis i 1978.
Rugadh an t-aisteoir Mick Lally ann i 1945. Is as baile Thuar Mhic Éadaigh do Mháire Ní Thuathail a bhunaigh EO Teilifís sa Spidéal.
Sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007 áiríodh an toghroinn is faide ó dheas (Abhainn Bhrain - Maigh Eo) agus an toghroinn teorantach (An Ros - Gaillimh) i gCatagóir B agus na toghranna eile ar fad i nDúiche Sheoigheach i gCatagóir C.
![]() |
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |