Robert Louis Stevenson
Rugadh Robert Louis Balfour Stevenson ar an 13 Samhain 1850 i nDún Éideann na hAlban, agus bhásaigh sé ar an 3 Nollaig 1894 in Vailima, Samó.
Úrscéalaí, file, agus scríbhneoir taistil a bhí ann. Bhain sé cáil amach mar scríbhneoir lena bheo, agus áirítear anois é ar dhuine de na scríbhneoirí is mó a bhfuil aistriúcháin déanta ar a chuid saothair.
I measc roinnt dá shaothar tá Oileán an Órchiste[1] (Béarla: Treasure Island, A Child's Garden of Verses, An Fuadach (Béarla: Kidnapped), Cás Aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde (Béarla: The Strange Case of Dr. Jekyll and Mr. Hyde), agus Maighistir Bhaile na Trágha (Béarla: The Master of Ballantrae.
Thomas Stevenson (1818 - 1887), athair an údair, a d'fhionn an "scáthlán Stevenson"[2].
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Oileán an Órchiste | Leabhar Breac". leabharbreac.com. Dáta rochtana: 2020-12-03.
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Robert Louis Stevenson |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |