Scáthlán Stevenson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Foscadh caighdeánach i gcomhair ionstraimí meitéareolaíochta, teirmiméadair go háirithe, len iad a chosaint ar radaíocht dhíreach na Gréine. Bosca bán adhmaid atá ann, le taobhanna de lataí aerála. Suitear na teirmiméadair ann 1.25 m os cionn talún, chun na grádáin ghéara teochta gar don talamh a sheachaint agus tomhais inchomórtais a fháil ó scáthláin éagsúla. Thomas Stevenson (1818-1887), athair an údair Robert Louis Stevenson, a d'fhionn é.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Scáthlán Stevenson". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 627.