Rith fola ceirbreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Eachtra rith géar fola taobh istigh d'ábhar na hinchinne. Claonadh ann go dtarlaíonn a leithéid nuair a bhíonn brú na fola ard, balla fuileadáin cheirbrigh lagaithe ag athruithe meata (mar shampla, le hartairiscléaróis), nó bolgadh áitiúil sa bhfuileadán (ainéaras). Braitheann an míchumas néareolaíoch a tharlaíonn dá bharr ar dhéine is ionad an rith fola.