Jump to content

Preispitéireachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lord John Thomas Alderdice (Baron Alderdice) in 2008

Is éard atá sa Phreispitéireachas ná cineál Protastúnachais agus foirm de rialtas eaglaise.[1] Tugtar Preispitéireachas ar Phrotastúnachas na hAlbain, an "Church of Scotland". Tá an Preispitéireachas an-láidir i gCúige Uladh chomh maith, agus sna Stáit Aontaithe - tugtar an Protastúnachas Soiscéalach[2] air thall ansin.

Tá na heaglaisí Preispitéireacha i measc na n-eaglaisí atá bunaithe ar mhúineadh Eoin Cailvín. Tá na Cúig Sola i measc phríomhphrionsabail an Phreispitéireachais .i. sola scriptura (an Bíobla amháin), sola gratia (grásta amháin), soli Deo gloria (an ghlóir do Dhia amháin), sola fide (creideamh amháin), agus solo Christo (i gCríost amháin).

Sa bhliain 1572, thug John Knox reiligiún Calvin ar ais go hAlbain leis. Tugtar Preispitéireachas ar an leagan den Phrotastúnachas a thagann chun cinn in Albain ag an am.[3]

Sa bhliain 2018, caitheadh vóta gan rannpháirtíocht iomlán san Eaglais a cheadú do lánúineacha comhghnéis agus a gclann. D'éirigh go leor daoine as an Eaglais Phreispitéireach ag an am mar gheall ar an vóta sin agus cuireadh éadulaingt agus tiarnúlacht i leith lucht ceannais. Cuireadh smacht ar mhinistrí agus ar sheanóirí san Eaglais de bhrí go raibh malairt tuairime acu.[4]

Sa bhliain 2022, scríobh Lord John Alderdice tuairisc, ag maígh nach raibh an Eaglais ag comhlíonadh a cuid oibleagáidí mar charthanas atá cláraithe ar dhá thaobh na teorann in Éirinn.Bhí an tuairisc curtha faoi bhráid na rialálaithe carthanas sa Tuaisceart agus sa Phoblacht araon.

Iarcheannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta sa Tuaisceart, John Alderdice, is é a chuir an tuairisc i dtoll a chéile. Seanóir san Eaglais Phreispitéireach ab ea John Alderdice ach d'éirigh sé as in 2018 i bhfianaise na conspóide faoi lánúineacha comhghnéis.[5][6] De réir Alderdice, "Léirítear imní mhór faoi chúrsaí smachta agus rialachais san Eaglais Phreispitéireach. Cáintear go láidir sa tuairisc cur chuige na hEaglaise Preispitéirí i dtaca leis na ceisteanna sin agus tuilleadh. Líomhnaítear sa tuairisc go bhfuil oifigigh shinsearacha ag déanamh bulaíocht agus imeaglú ar dhaoine eile san Eaglais agus go bhfuil siad ag baint mí-úsáid as an gcumhacht atá acu."[4]

Ba leabhar faoin gcreideamh Preispitéireach é an chéad leabhar a chlódh as Gaeilge (ní raibh cead ag Caitlicigh aon ábhar a chur i gcló ag an am).[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ""foirm de rialtas eaglaise"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2025-08-12.
  2. i mBéarla, evangelicalism
  3. 3.0 3.1 tairseachcogg.ie. "An Reifirméisean". Dáta rochtana: 2025.
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2025-08-12). "Ceannasaíocht na hEaglaise Preispitéirí cáinte i dtuairisc" (as ga-IE). 
  5. Belfast Telegraph / belfasttelegraph.co.uk (2025-08-12). "Presbyterian leaders get second mystery email criticising governance of church" (en-GB). Dáta rochtana: 2025-08-12.
  6. archive.ph / .belfasttelegraph.co.uk (2025). "Presbyterian leaders get second mystery email criticising governance of church". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-08-12. Dáta rochtana: 2025.