An Bíobla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá sa Bhíobla focal , de réir mar a mheasann na Críostaithe agus na Giúdaigh. Tagann "Bíobla" ón nGréigis: (τα) βιβλια, (ta) biblia, "na leabhair", iolra an fhocail βιβλιον, biblion, "leabhar". Tá dhá phríomhroinn sa Bhíobla, an Sean-Tiomna agus an Tiomna Nua. Baineann an Sean-Tiomna leis an Seanreacht, conradh nó beartas sollúnta slánaithe a socraíodh le linn Mhaois, agus tá an Tiomna sin scríofa in Eabhrais, cé is moite de shleachta i nDainéil agus in Eazrá atá scríofa in Aramais. Baineann an Tiomna Nua leis an Reacht Nua, ré Íosa Críost, agus i nGréigis atá sé scríofa.

Ní féidir liosta buan a dhéanamh de leabhair an tSean-Tiomna mar athraíonn siad de réir an leagain atá i gceist. Is ionann na chéad seacht leabhair a leanas i ngach Bíobla.

An Sean-Tiomna[athraigh | edit source]

An Peintiteoch nó Tóráh do na Giúdaigh[athraigh | edit source]

Stair[athraigh | edit source]

Na Fáithe (ceathrar Mór-Fháithe agus dáréag Mion-Fháithe)[athraigh | edit source]

An Tiomna Nua[athraigh | edit source]

Na Soiscéil[athraigh | edit source]

Stair[athraigh | edit source]

  • Gníomhartha na nAspal

Litreacha Phóil[athraigh | edit source]

Na litreacha caitliceacha[athraigh | edit source]

Is éard is brí le caitliceach anseo gur scríobhadh na litreacha seo chun gach duine seachas chun duine áirithe nó grúpa áirithe amháin.

Leabhair an Bhíobla[athraigh | edit source]

Tá difríochtaí idir na leaganacha den Bhíobla a bhaineann leis na creidiúna difriúla - Eabhraigh, Caitlicigh, Eaglaisí an Oirthir agus na Protastúnaigh. Ní ghlacann an Giúdachas le cuid ar bith den Tiomna Nua. Ní ghlactar gach dream ach an oiread le Tóibít, Iúidit, Macabaeigh I agus II, Barúch, litreacha Irimia, Leabhar na hEagna, Ecclesiasticus (leabhar Shíorach) agus cuideanna de leabhar Eistir agus Dainéil. Cé go nglacann na heaglaisí Caitliceach is Protastúnacha leis an dTiomna Nua céanna, tá cuid leabhar sa Sean-Tiomna a nglacann an Eaglais Chaitliceach amháin leo:

Stair[athraigh | edit source]

Ní raibh aon leabhar naofa oifigiúil ag na Giúdaigh roimh an Deoraíocht (587 - 537 R.Ch.). Bhí leabhair, doiciméid, cáipéisí, téacsanna liotúirgeacha agus a leithéid eile acu. Tar éis na Deoraíochta bheartaigh siad ar a raibh fágtha dá n-oidhreacht a bhailiú is a chaomhnú.

Lean an bailiú seo na céadta bliain. Le himeacht aimsire fógraíodh ranna áirithe go hoifigiúil ina scrioptúir - cáipéisí a bhí ina dtreoir sa tsionagóg. Glacadh leo sna Canónacha, agus bhí dhá chanóin nó riail ann, ceann Eabhrach agus ceann Gréagach.

Is féidir cumadh na Canóine Eabhraigh a roinnt ina dtrí chéim: an Dlí thart ar 444 R.Ch., na Fáithe timpeall na bliana 200 R.Ch. agus na Scríbhinní le linn Íosa Chríost.

Faoi am na Scríbhinní bhí dhá leagan den Chanóin ann sa domhan Gréagach-Eabhrach timpeall Chathair Alastair. Ghlac an Eaglais Chaitliceach leis an gCanóin Ghréagach, agus tá níos mó leabhar ann ná mar atá sa Bhíobla Protastúnach, mar gur leis an gCanóin Eabhrach a ghlac na Protastúnaigh.

Glacann bunús na n-eaglaisí Protastúnacha a labhraíonn Béarla leis an leagan den Bhíobla a dtugtar Leagan Rí Shéamais air, leabhar a foilsíodh sa bhliain 1611.

Naisc[athraigh | edit source]

An Bíobla Naofa