Leabhar Cheanannais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharLeabhar Cheanannais

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcoidéacs agus lámhscríbhinn dhathmhaisithe Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Teangaan Laidin Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodhc. 800 (Féilire Ghréagóra)
800í
Bunábharveilleam Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
340 folio (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Suíomh gréasáinbookofkells.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: TheBookOfKellsOfficial Twitter: bookofkellstcd Instagram: thebookofkellsofficial Cuir in eagar ar Wikidata
Léiríonn Fóilió 32v Críost mar Rí.

Is lámhscríbhinn dhathmhaisithe i Laidin é Leabhar Cheanannais (Laidin: Codex Cenannensis Béarla: Book of Kells) (Baile Átha Cliath, Leabharlann Choláiste na Tríonóide, LS A.I. (58), ar a dtugtar Leabhar Cholm Cille uaireanta) ina bhfuil ceithre Shoiscéal an Tiomna Nua, mar aon le réamhthéacsanna agus táblaí éagsúla. Scríobh manaigh Cheilteacha amach é thart ar an mbliain 800. Díorthaíodh téacs na Soiscéal ón Vulgáid den chuid is mó, cé go gcuimsítear roinnt sleachta ó luathleaganacha an Bhíobla ar a ngairtear an Vetus Latina chomh maith. Is mórshaothar callagrafaíochta Iartharaí é agus seasann sé do bhuaic an dathmhaisithe Oileánaigh. Ceaptar go forleathan freisin gurb é an tseoid náisiúnta is fearr in Éirinn é.

Tá léaráidí agus maisiú Leabhar Cheanannais níos fearr ná Soiscéil Oileánacha eile ó thaobh na fairsinge agus na castachta de. Sa mhaisiú, feictear teaglaim d’íocónagrafaíocht thraidisiúnta Chríostaí agus móitífeanna ornáideacha guairneánacha is gnách don ealaín Oileánach. Cuirtear beocht le leathanaigh na lámhscríbhinne le fíoracha daoine, ainmhithe agus béisteanna miotasacha, chomh maith le snaidhmeadh casta agus le patrúin dualaíochta ar dhathanna beoga. Tá cuid mhaith de na gnéithe beaga maisiúla sin lán de shiombalachas Críostaí agus cuireann siad tuilleadh béime ar théamaí na mórléaráidí dá bharr.

Tá 340 fóilió i gceist leis an lámhscríbhinn anois, agus tá sí faoi cheangal i gceithre imleabhar ón mbliain 1953. Is ar phár lao ar ardchaighdeán atá na duilleoga, agus cuimsítear sa mhaisiú mionsaothraithe gan fasach deich léaráid lánleathanaigh agus leathanaigh téacs atá beo le túslitreacha historiated agus le mionsamhlacha idirlíneacha. Sonraíonn siad buaic na gcáilíochtaí frithchlaisiceacha agus bríomhara d’ealaín Oileánach. Dealraítear gur saothar triúr scríobhaithe éagsúla ar a laghad é mórscript Oileánach an téacs féin. Tá an litreoireacht scríofa i ndúch iaranngháil, agus tháinig na dathanna a úsáideadh ó réimse fhairsing substaintí. Cuid mhór de na substaintí seo, rinneadh iad a thabhairt isteach sa tír ó thíortha i bhfad i gcéin.

Tá an lámhscríbhinn ainmnithe as an mainistir i gCeanannas ina raibh sí ar feadh na gcéadta. Tá sí ar taispeáint bhuan i leabharlann Choláiste na Tríonóide anois i mBaile Átha Cliath, Éire. De ghnáth, cuireann an leabharlann dhá cheann de na ceithre imleabhar reatha ar taispeáint i ndiaidh a chéile – ceann amháin acu ag léiriú mórléaráide agus an ceann eile ag léiriú gnáthleathanach téacs.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimsíonn Fóilió 27r ó Shoiscéil Lindisfarne réamhrá Liber generationis de Shoiscéal Mhatha. Déan comparáid idir an leathanach seo agus an leathanach comhfhreagrach ó Leabhar Cheanannais (féach anseo), go háirithe foirm an mhonagraim Lib.

Tá Leabhar Cheanannais ar cheann de na samplaí is fearr agus is cáiliúla de ghrúpa lámhscríbhinní ar an stíl Oileánach, mar a thugtar orthu, a rinneadh ó dheireadh an tséú haois go tús an naoú haois i mainistreacha na hÉireann, na hAlban agus Shasana, agus i mainistreacha na mór-roinne de bhunús Éireannach nó Sasanach.[1] Áirítear ar na lámhscríbhinní sin Cathach Cholm Cille, Ambrosiana Orosius, Soiscéal briste i leabharlann ardeaglaise Durham (iad uile ó thús an tseachtú haois), agus Leabhar Dharú (ón dara leath den seachtú haois). Tagann Soiscéil Durham, Soiscéil Echternach, Soiscéil Lindisfarne (féach léaráid ar dheis), agus Soiscéil Lichfield ó thús an ochtú haois. Is ó dheireadh an ochtú haois a thagann Leabhar Soiscéil Naomh Gall agus Soiscéil Macregal. Is ó thús an naoú haois a thagann Leabhar Ard Mhacha (ón mbliain 807-809), Mír Leabhar Soiscéil Turin, Priscian Leiden, Priscian Naomh Gall agus Soiscéal Macdurnan. Cuireann scoláirí na lámhscríbhinní sin le chéile bunaithe ar chosúlachtaí stíle ealaíonta, scripte agus traidisiún téacsúil. Ciallaíonn stíl lánfhorbartha an mhaisithe go dtagann Leabhar Cheanannais déanach sa tsraith, ó dheireadh an ochtú haois nó ó thús an naoú haois. Tá cuid mhaith de na traidisiúin íocónagrafaíochta agus stíleacha atá sna luath-lámhscríbhinní seo le fáil i Leabhar Cheanannais chomh maith. Mar shampla, ábhar iontais is ea an chomhsheasmhacht ó thaobh fhoirm na litreacha maisithe de i réamhleathanaigh na Soiscéal agus na Soiscéal Oileánach. Déan comparáid, mar shampla, idir réamhleathanaigh Shoiscéal Mhatha i Soiscéil Lindisfarne agus i Leabhar Cheanannais. Tá snaidhmeadh casta maisiúil taobh istigh d'imlínte cheannlitreacha méadaithe an téacs sa dá leabhar. (Chun liosta níos cuimsithí de lámhscríbhinní ábhartha a fheiceáil, féach: List of Hiberno-Saxon illustrated manuscripts).

Díorthaíonn an t‑ainm Leabhar Cheanannais as Mainistir Cheanannais i gCeanannas, Contae na Mí, Éire, ina raibh sé ar feadh cuid mhaith de na meánaoiseanna. Tá an dáta agus an áit a ndearnadh an lámhscríbhinn ina ábhar díospóireachta suntasaí. Go traidisiúnta, creideadh gur cruthaíodh an leabhar le linn thréimhse Cholm Cille, agus fiú gur shaothar a lámh féin é b’fhéidir. Tá an traidisiún sin díchreidiúnaithe le fada ar bhonn pailéagrafach agus stíleach. Tacaíonn an chuid is mó den fhianaise le dáta déantúis thart ar 800, i bhfad i ndiaidh bhás Cholm Cille sa bhliain 597. Tá traidisiún eile ann, atá coitianta i measc scoláirí na hÉireann, a áitíonn gur cruthaíodh an lámhscríbhinn le haghaidh chomóradh 200 bliain bhás an naoimh.

Níor críochnaíodh an lámhscríbhinn riamh. Tá cúig theoiric iomaíocha ar a laghad maidir le háit bhunaidh agus am críochnaithe na lámhscríbhinne. Sa chéad chás, seans gur cruthaíodh an leabhar, nó an téacs amháin, in Í agus gur tugadh go Ceanannas ansin é, ar cuireadh na léaráidí leis, b’fhéidir, agus nár críochnaíodh riamh é. Sa dara cás, seans gur cruthaíodh an leabhar ar fad in Í. Sa tríú cás, seans gur cruthaíodh an lámhscríbhinn sa teach screaptra i gCeanannas. Sa cheathrú cás, seans gur cruthaíodh i dtuaisceart Shasana é, ag Lindisfarne b’fhéidir, agus gur tugadh go hÍ é agus uaidh sin go Ceanannas. Faoi dheireadh, seans go ndearnadh é ag mainistir anaithnid in Albain in aimsir na gCruithneach. Cé nach cosúil go mbeidh freagra conclúideach ar cheist déantúis an leabhair riamh, glactar go forleathan leis an gcéad teoiric faoi láthair – gur tosaíodh air in Í agus gur cuireadh leis i gCeanannas. Gan aird ar cibé teoiric atá fíor, táthar cinnte go ndearna manaigh Cholm Cille, a raibh an-bhaint acu leis an bpobal in Í, Leabhar Cheanannais.

Na Meánaoiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Lochlannaigh slad ar Mhainistir Cheanannais roinnt mhaith amanna sa deichiú haois, agus ní heol conas a mhair an leabhar. Is in iontráil na bliana 1007 d’Annála Ulaidh atá an tagairt stairiúil is luaithe don leabhar agus, go deimhin, don leabhar a bheith i gCeanannas. Tá taifead san iontráil ar an gcaoi ar goideadh Soiscéal Cholm Cille, (Columba) príomhiarsma an Domhain Thiar, i rith na hoíche ó shacraistí iartharach an mhórshéipéil chloiche ag Ceanannas mar gheall ar a chumhdach ceardúil. Aisghabhadh an lámhscríbhinn faoi fhód roinnt míonna ina dhiaidh sin – gan a clúdach órga uscarach. Déantar talamh slán de i gcoitinne gurb é “Soiscéal Cholm Cille” Leabhar Cheanannais. Más fíor sin, ciallaíonn sé go raibh an leabhar i gCeanannas fada go leor faoin mbliain 1007 le go mbeadh a fhios ag gadaithe go raibh sé ann. B’fhéidir go bhfuil fóiliónna ar iarraidh ó thús agus ó chríoch Leabhar Cheanannais mar thoradh ar réabadh na lámhscríbhinne óna clúdach. Tugtar le fios ón gcur síos sna hAnnála ar an leabhar a bheith “ó Cholm Cille” – is é sin, gur le Colm Cille an leabhar, nó go ndearna Colm Cille é – gur creideadh an tráth sin gurbh in Í a rinneadh an leabhar.

Ar aon nós, bhí an leabhar i gCeanannas cinnte sa dara haois déag nuair a rinneadh cóip de chairteacha talún a bhain le Mainistir Cheanannais ar chuid dá leathanaigh fholmha. Bhí an cleachtas sin – cairteacha a chóipeáil isteach i leabhair thábhachtacha – forleathan sna meánaoiseanna, agus tugann inscríbhinní dá leithéid i Leabhar Cheanannais cruthúnas cinnte maidir lena láthair ag an am sin.

Díscaoileadh Mainistir Cheanannais de bharr leasuithe eaglasta an dara haois déag. Tiontaíodh séipéal na mainistreach ina shéipéal paróiste inar coinníodh Leabhar Cheanannais.


Cuimsíonn Fóilió 27v siombalacha na gCeathrar Soiscéalaithe (ar deiseal ón mbarr clé): fear (Matha), leon (Marcas), iolar (Eoin) agus damh (Lúcás)

Leabhar Chill Dara[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Giraldus na Breataine Bige, scríbhneoir ón dara haois déag, cur síos ar an Mórleabhar Soiscéil a chonaic sé i gCill Dara i sliocht cáiliúil óna leabhar Topographia Hibernica, agus ceapann cuid mhaith daoine ó shin gur Leabhar Cheanannais a bhí ann. Gabhann an cur síos le Ceanannas cinnte:

Dar leis, cuimsíonn an leabhar teacht le chéile na gceathrar soiscéalaithe dar le hIaróm, agus ar gach leathanach ar leith tá dearaí ar leith, agus iad suaitheanta ag dathanna éagsúla. Féadtar, dar leis, aghaidh mórgachta agus í tarraingthe go diaga a fheiceáil anseo; ansiúd féadtar siombail mhistéireacha na Soiscéalaithe a fheiceáil le sciatháin – péire sciathán, sé sciathán, ceithre sciathán, péire arís. Iolar anseo, gamhain ansiúd; fear anseo, leon ansiúd agus gach foirm eile atá ann, infinideach nach beag. Má thugann tú gnáth-shracfhéachaint orthu, dar leis, sílfidh tú gur scriosadh atá ann, seachas fíochán. Tá togha na ceardaíochta mórthimpeall ort, ach seans nach dtabharfadh tú faoi deara é. Déan grinnscrúdú air agus treáfaidh tú scrín na healaíne. Déanfaidh tú amach castachtaí, chomh mín agus chomh fíneálta sin, chomh lom lán de shnaidhmeanna agus de thrilseáin, ar dhathanna chomh húr agus chomh beoga, go gceapfaidh tú, dar leis, gur saothar aingil atá ann seachas saothar fir. Ós rud é go n‑áitíonn Giraldus go bhfaca sé an leabhar sin i gCill Dara, b’fhéidir gur leabhar eile a chonaic sé ar an gcaighdeán céanna le Leabhar Cheanannais atá caillte anois, nó b’fhéidir go ndearna sé dearmad faoina láthair.

An Nua-Aois[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhan Leabhar Cheanannais i gCeanannas go dtí 1654. Sa bhliain sin, bhí marcshlua Chromail ag fanacht sa séipéal i gCeanannas, agus sheol gobharnóir an bhaile an leabhar go Baile Átha Cliath le go mbeadh sé sábháilte. Bhronn Henry Jones, a bhí ina easpag ar an Mí tar éis an Reistiréisin, an lámhscríbhinn ar Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1661, áit ar fhan sí ó shin i leith, cé is móite d’iasachtaí gearra go leabharlanna eile agus go hiarsmalanna. Tá sí ar taispeáint phoiblí sa tSeanleabharlann ag Coláiste na Tríonóide ón naoú haois déag.

Thar na blianta, cuireadh roinnt aguisíní le téacs Leabhar Cheanannais. Sa séú haois déag, chuir Gerald Plunkett as Baile Átha Cliath sraith uimhreacha Rómhánacha le caibidlí na Soiscéal de réir na rannta a chruthaigh Ard-Easpag Canterbury an tríú haois déag, Stephen Langton. Rinne an ministir suntasach Anglacánach, James Ussher, comhaireamh agus uimhriú ar na fóiliónna sa bhliain 1621, go gairid i ndiaidh do Rí Séamas I é a ainmniú ina Easpag ar an Mí. Tugadh cuireadh don Bhanríon Victoria agus don Phrionsa Albert an leabhar a shíniú sa bhliain 1849. Déanta na fírinne, áfach, shínigh siad fordhuilleog nua-aoiseach ar creideadh, go lochtach, gur cheann de na fóiliónna bunaidh í. Baineadh an leathanach lena gcuid sínithe nuair a athcheanglaíodh an leabhar sa bhliain 1953.

Thar na céadta, rinneadh an leabhar a athcheangal roinnt uaireanta. Le linn athcheangal an ochtú haois déag, rinneadh sioscadh antuisceanach ar na leathanaigh agus cailleadh codanna beaga de roinnt léaráidí. Rinneadh an leabhar a athcheangal sa bhliain 1895 freisin, ach thit an t‑athcheangal sin as a chéile go tapa. Faoi dheireadh na 1920idí, scoireadh roinnt fóiliónna ón bpríomh-imleabhar go huile is go hiomlán. Sa bhliain 1953, rinne an ceanglóir leabhar, Roger Powell, an lámhscríbhinn a athcheangal ina ceithre imleabhar, agus shín sé roinnt leathanach ina raibh boilsceanna. Is féidir breathnú ar dhá imleabhar a bhíonn ar taispeáint i gColáiste na Tríonóide de ghnáth – ceann acu oscailte ar leathanach mórmhaisithe, agus ceann eile chun dhá leathanach téacs bheagmhaisithe a thaispeáint.

Sa bhliain 2000, seoladh an t‑imleabhar ina bhfuil Soiscéal Mharcais go Canberra san Astráil i gcomhair taispeántais de lámhscríbhinní dathmhaisithe. Níorbh é sin ach an ceathrú huair a seoladh Leabhar Cheanannais thar lear le haghaidh taispeántais. Faraor, d’fhulaing an t‑imleabhar “miondíobháil lí”, mar a thugtar air, ar an mbealach go Canberra. Meastar go mb’fhéidir gur tharla an díobháil de bharr creathanna ó innill an eitleáin le linn na heitilte fada.

Macasamhla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimsítear an téacs “Erat autem hora tercia” (“ansin a bhí an tríú huair”) i bhfóilió 183r ó fhacsamhail Leabhar Cheanannais na bliana 1990. Sa bhliain 1951, rinne an foilsitheoir Eilvéiseach, Urs Graf-verlag Bern, an chéad fhacsamhail de Leabhar Cheanannais.

Macasamhlaíodh an chuid is mó de na leathanaigh i ngrianghraif dhubha agus bhána, ach bhí 48 macasamhail dhaite san eagrán freisin, lena n‑áirítear na maisithe lánleathanaigh ar fad. Le cead Bhord Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, rinne Thames agus Hudson eagrán facsamhla eile sa bhliain 1974. D’áirigh an t‑eagrán seo na léaráidí lánleathanaigh ar fad ón lámhscríbhinn agus cuid ionadaíoch de mhaisiú na leathanach téacs, chomh maith le roinnt sonraí méadaithe de na léaráidí. Bhí na macasamhla ar fad lándaite agus ba é John Kennedy, Green Studio, Baile Átha Cliath, a rinne an ghrianghrafadóireacht.

Sa bhliain 1979, d’iarr foilsitheoir Eilvéiseach, Faksimile-Verlag Luzern, cead chun facsamhail lándaite den leabhar a dhéanamh. Diúltaíodh cead ar dtús, mar cheap oifigigh Choláiste na Tríonóide go raibh baol ró-ard díobhála ann. Faoin mbliain 1986, bhí próiseas forbartha ag Faksimile-Verlag a bhain úsáid as súchán séimh chun an leathanach a dhíriú ionas go mbeifí in ann grianghraf den leathanach a ghlacadh gan teagmháil a dhéanamh leis, agus fuair siad cead facsamhail nua a fhoilsiú dá bharr. Tar éis dóibh grianghraf a ghlacadh de gach leathanach, ullmhaíodh facsamhail aonleathanaigh chun é a chur i gcomparáid leis an mbunleagan agus rinneadh coigeartú air nuair ba ghá. Foilsíodh an saothar críochnaithe sa bhliain 1990 i dtacar de dhá imleabhar le facsamhail iomlán agus tráchtaireacht léannta. Tá cóip amháin díobh i seilbh na hEaglaise Anglacánaí i gCeanannas ar shuíomh na bunmhainistreach.

Cur Síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimsíonn Leabhar Cheanannais ceithre Shoiscéal na scrioptúr Críostaí scríofa i ndúch dubh, dearg, corcra agus buí i mórscript oileánach, le réamhráite, le hachoimrí agus le comhchordachtaí de shleachta Soiscéil ag teacht rompu. Tá 340 duilleog pháirfóilió ann anois. Tá formhór na bhfóiliónna ina gcodanna de dhuilleoga níos mó, ar a dtugtar défhóiliónna, atá fillte ina leath chun dhá fhóilió a chruthú. Tá na défhóiliónna neadaithe ina chéile agus fuaite le chéile chun fithíní ceathrúna páipéir a chruthú. Scaití, ní cuid de dhéfhóilió é an fóilió, ach leathanach singil is ea é a cuireadh isteach sa cheathrú páipéir. Tá na fóiliónna atá ar marthain dlúite ina 38 ceathrú páipéir. Tá idir ceithre fhóilió agus dhá fhóilió dhéag (idir dhá agus sé dhéfhóilió) i ngach ceathrú páipéir. Go minic, ach ní i gcónaí, bíonn na fóiliónna ceangailte i ngrúpaí deich bhfóilió. Is leathanaigh shingile iad cuid de na fóiliónna, mar is iondúil i gcás na leathanach tábhachtach maisithe. Tarraingíodh línte ar na fóiliónna le haghaidh an téacs, uaireanta ar an dá thaobh, tar éis na fóiliónna a fhilleadh. Tá lorg pricíní agus línte treoracha fós le feiceáil ar chuid de na leathanaigh. Tá an párpháipéar ar ardchaighdeán, cé go bhfuil tiús na bhfóiliónna míchothrom. Tá cuid acu gar do leathar agus cuid eile acu chomh tanaí sin go bhfuil siad beagnach tréshoilseach.

Faoi láthair, is é toise an leabhair 330 faoi 250 mm. Ar dtús, ní raibh na fóiliónna ar ghnáthmhéid, ach sioscadh iad go dtí an mhéid reatha le linn athcheangal an ochtú haois. Tá an spás don téacs tuairim agus 250 faoi 170 mm. Tá idir 16 agus 18 líne téacs ar gach leathanach. Tá an lámhscríbhinn i bhfíordhea-riocht agus an mhóraois atá aici, cé go ndearna díobháil don obair ealaíne fhíneálta ar chuid mhaith leathanach de bharr cuimilte. Caithfidh go raibh mórtheach screaptra ag obair ar an leabhar ar feadh na mblianta, ach níor críochnaíodh riamh é de réir dealraimh, agus níl ach imlínte an mhaisithe bheartaithe ar chuid de na leathanaigh. Creidtear gur cailleadh tuairim agus 30 fóilió den bhun-lámhscríbhinn thar na céadta. Rinne Ussher 344 fóilió a chomhaireamh sa bhliain 1621, ach tá roinnt duilleog caillte cheana féin ó shin. Tá an meastachán foriomlán bunaithe ar bhearnaí sa téacs agus ar easpa roinnt mórléaráidí.

Clár Ábhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimsíonn an leabhar atá ar marthain réamhábhair, téacs iomlán Shoiscéal Mhatha, Mharcais agus Lúcáis, agus Soiscéal Eoin go dtí Eoin 17:13. Tá an chuid eile d’Eoin agus méid anaithnid den réamhábhair ar iarraidh agus seans gur cailleadh é nuair a goideadh an leabhar luath sa 11 aois AD. Cuimsítear dhá liosta bhriste d’ainmneacha Eabhracha atá sna Soiscéil, Breves causae (achoimrí Soiscéil), Argumenta (gearr-bheathaisnéisí na Soiscéalaithe), agus táblaí canóna de chuid Eusebius sna réamhábhair eile. Is dócha gur chuimsigh cuid den réamhábhair atá caillte mar atá sé i Soiscéil Lindisfarne agus i Leabhar Dharú agus Ard Mhacha litir Iaróim, ar a dtugtar Novum opus, chuig an bPápa Damasus I ina míníonn Iaróm cúis a aistriúcháin. Cé nach bhfuil an dóchúlacht chéanna ann, seans gur chuimsigh an ábhair chaillte litir Eusebius chuig Carpianus ina míníonn sé úsáid na dtáblaí canóna. Ar na Soiscéil oileánacha go léir, níl an litir sin ach i lámhscríbhinn Lindisfarne.

Cuimsíonn fóilió 5r leathanach de Chanónacha Eusebius.

Tá dhá bhlúire de liostaí ainmneacha Eabhracha; ceann ar recto an chéad fhóilió a mhaireann agus ceann ar fhóilió 26, atá curtha isteach ag críoch an réamhábhair d’Eoin. Cuimsíonn an chéad liosta briste críoch an liosta le haghaidh Shoiscéal Mhatha. Theastódh dhá fhóilió eile le haghaidh na n‑ainmneacha atá in easnamh ar Mhatha. Tá tuairim agus aon cheathrú den liosta do Lúcás sa dara liosta briste, ar fhóilió 26. Theastódh trí fhóilió eile le haghaidh an liosta do Lúcás. Ciallaíonn struchtúr na ceathrún páipéir ina bhfuil fóilió 26 gur éagosúil go bhfuil trí fhóilió ar iarraidh idir fhóilió 26 agus 27, agus táthar beagnach cinnte nach bhfuil fóilió 26 ina bhunláthair anois. Níl tásc ná tuairisc ar líostaí Mharcais agus Eoin.

Tagann táblaí canóna Eusebius as Caesarea i ndiaidh an chéad liosta briste. Forbraíodh na táblaí seo chun na Soiscéil a chrostagairt agus gabhann siad roimh théacs na Vulgáide. Roinn Eusebius an Soiscéal ina chaibidlí agus chruthaigh sé táblaí ansin a chuir ar chumas léitheoirí eachtraí áirithe de bheatha Chríost a aimsiú sna Soiscéil. Go traidisiúnta, áiríodh na táblaí canóna i réamhábhair fhormhór na gcóipeanna meánaoiseacha de théacs Vulgáide na Soiscéal. Tá sé fíordheacair táblaí Leabhar Cheanannais a úsáid, áfach, mar gur chomhdhlúthaigh an scríobhaí na táblaí sa chaoi agus go bhfuil siad trí chéile anois. Chomh maith leis sin, níor cuireadh na huimhreacha comhfhreagracha caibidle isteach in imill an téacs riamh, rud a chiallaíonn go bhfuil sé dodhéanta na codanna dá bhfuil na táblaí canóna ag tagairt a aimsiú. Ní léir an fáth ar fágadh ar lár iad: b’fhéidir go raibh sé ar intinn ag an scríobhaí na tagairtí a chur leis tar éis dó a bheith críochnaithe, nó b'fhéidir gur fhág sé ar leataobh iad d’aon ghnó ionas nach millfeadh sé cuma na leathanach.

Tá tús Breves causae Lúcáis i bhfóilió 19.

Baineann na Breves causae agus Argumenta le traidisiún lámhscríbhinne réamh-Vulgáide. Is achoimrí iad na Breves causae ar aistriúcháin sa tSean-Laidin ar na Soiscéil agus tá siad roinnte ina gcaibidlí uimhrithe. Ar nós uimhreacha na dtáblaí canóna, ní úsáidtear na huimhreacha caibidle seo ar leathanaigh téacs na Soiscéal. Ní dócha go mbainfí úsáid as na huimhreacha sin, fiú amháin dá gcríochnófaí an lámhscríbhinn, mar chomhfhreagair na huimhreacha caibidle do na haistriúcháin sa tSean-Laidin agus bheadh sé deacair iad a chur in oiriúint do théacs na Vulgáide. Is bailiúcháin finscéalta faoi na Soiscéalaithe atá sna Argumenta. Tá eagar aisteach ar na Breves causae agus Argumenta: tagann na Breves causae agus Argumenta do Mhatha ar dtús, ansin na Breves agus Argumenta do Mharcas, agus ansin, aisteach go leor, tagann na Argumenta do Lúcás agus d'Eoin araon roimh a gcuid Breves causae. Seo an ord aimhrialta céanna atá i Leabhar Dharú, ach sa chás sin, tagann na codanna atá as áit ag deireadh na lámhscríbhinne seachas mar chuid de réamhrá leanúnach. I lámhscríbhinní oileánacha eile, ar nós Shoiscéil Lindisfarne, Leabhar Ard Mhacha agus Shoiscéil Echternach, caitear le gach Soiscéal mar shaothar aonair agus tagann a gcuid réamhráite díreach rompu. Bhain an scoláire, T.K. Abbot, de thátal as an athrá moghach ar na Breves causae agus Argumenta ó Leabhar Dharú i Leabhar Cheanannais, go raibh Leabhar Dharú nó samhail choitianta in aice láimhe ag scríobhaí Leabhar Cheanannais.

Téacs agus script[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimsíonn Leabhar Cheanannais téacs na gceithre Shoiscéal bunaithe ar an Vulgáid. Ní chuimsíonn sé cóip ghlan den Vulgáid áfach. Tá roinnt éagsúlachtaí leis an Vulgáid ann, áiteachaí ar úsáideadh aistriúcháin sa tSean-Laidin seachas téacs Iaróim. Cé go bhfuil na héagsúlachtaí seo coitianta sna Soiscéil oileánacha ar fad, níl an chuma ar an scéal go bhfuil patrún comhsheasmhach éagsúlachta idir na téacsanna oileánacha éagsúla. Tugann fianaise le tuiscint gur bhraith scríobhaithe go minic ar an gcuimhne seachas ar eiseamláir agus iad ag scríobh an téacs.

Cuimsíonn fóilió 309r téacs ó Shoiscéal Eoin atá scríofa i mórscript Oileánach ag an scríobhaí ar a dtugtar Lámh B.

Den chuid is mó, scríobhtar an lámhscríbhinn i mórscript oileánach le roinnt samplaí de litreacha mionscripte anseo agus ansiúd (e nó s go hiondúil). Scríobhtar an téacs i líne fhada amháin trasna an leathanaigh de ghnáth. Shainaithin Françoise Henry triúr scríobhaithe sa lámhscríbhinn seo ar a laghad, ar ar thug sí Lámh A, Lámh B agus Lámh C. Faightear Lámh A ar fhóilió 1 go 19v, fóilió 276 go 289, agus fóilió 307 go deireadh na lámhscríbhinne. Den chuid is mó, scríobhann Lámh A ocht nó naoi líne dhéag in aghaidh an leathanaigh i ndúch gáil donnnós coitianta san Iarthar. Faightear Lámh B ar fhóilió 19r go 26 agus ar fhóilió 124 go 128. Tá claonadh beagán níos mó ag Lámh B le mionscript a úsáid, agus úsáideann sé dúch dearg, corcra agus dubh, agus líon éagsúil línte in aghaidh an leathanaigh. Faightear Lámh C ar fud fhormhór an téacs. Tá claonadh níos mó ag Lámh C ná mar atá ag Lámh A le mionscript a úsáid freisin. Úsáideann Lámh C an dúch gáil scothdhonn céanna a úsáideann Lámh A agus scríobhann sé seacht líne dhéag in aghaidh an leathanaigh beagnach i gcónaí.

Ginealach Íosa de chuid Lúcáis (a chuimsíonn trí leathanach)

Earráidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt difríochtaí idir an téacs agus na Soiscéil aitheanta. Ainmníonn Leabhar Cheanannais sinsear breise go lochtach i nginealach Íosa a thosaíonn ag Lúcás 3:23. I mball eile, ba chóir go mbeadh “I came not to send peace, but the sword,” ach tá gaudium (“áthas”) inar chóir do gladium (“claíomh”) a bheith, agus aistrítear é mar "Ní síocháin [amháin] a tháinig mé a chur ach áthas" dá bharr.


Maisiú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gabhann cuid mhaith mionsamhlacha lánleathanaigh leis an téacs, agus feictear níos mó maisithe beaga péinteáilte ar fud an téacs ná riamh roimhe. Tá cáil ar mhaisiú an leabhair as mionsonraí casta a chur le chéile le déantúis dhána fhuinniúla. Baintear amach buaicthréithe na ceannlitreach lámhscríbhinne Oileánaí anseo, mar a dhéanann Carl Nordenfalk cur síos orthu: “the initials ... are conceived as elastic forms expanding and contracting with a pulsating rhythm. The kinetic energy of their contours escapes into freely drawn appendices, a spiral line which in turn generates new curvilinear motifs...” Bíonn réimse leathan dathanna i gceist leis na léaráidí, go háirithe corcra, liathchorcra, dearg, bándearg, glas agus buí. Tá claonadh sna lámhscríbhinní luatha i dtreo pailéad níos lú. Ní úsáideann Leabhar Dharú ach ceithre dhath mar shampla. Mar ba ghnách le saothar Oileánach, níor baineadh úsáid as órdhuilleairgead-duille sa lámhscríbhinn. Dhéantaí na líocha le haghaidh na léaráidí, a d’áirigh ócar dearg agus buí, lí copair ghlais (ar a dtugtar verdigris uaireanta), indeagó agus lapis lazuli, a iompórtáil ó réigiún na Meánmhara agus, i gcás an lapis lazuli, ó oirthuaisceart na hAfganastáine.

Tá an clár maisithe mhórthaibhsigh i bhfad níos suntasaí ná aon leabhar Soiscéil Oileánaigh eile a mhaireann. Tá deich léaráid lánleathanaigh a mhaireann lena n‑áirítear dhá phortráid soiscéalaithe, trí leathanach le ceithre shiombail soiscéalaithe, leathanach cairpéid, mionsamhail den Mhaighdean Mhuire agus de Mhac na hÓighe, mionsamhail de Chríost mar Rí, agus mionsamhlacha de Ghabháil Íosa agus de Chathú Chríost. Tá trí lánleathanach déag de théacs maisithe a mhaireann lena n‑áirítear leathanaigh le haghaidh an chéad chúpla focal de na Soiscéil ar fad. Tá maisiú fairsing ar ocht gcinn de na deich leathanach táblaí canóna. Is fíordhóchúil go raibh leathanaigh eile mhionscripte agus téacs maisithe ann atá caillte anois. Chomh maith leis na príomhleathanaigh sin, tá scata mór maisithe beaga agus ceannlitreacha maisithe ar fud an téacs. Go deimhin, níl ach dhá leathanach ann gan mhaisiú.

Cuimsíonn fóilió 2r de Leabhar Cheanannais ceann de Chanónacha Eusebius.

Tosaíonn fóiliónna na lámhscríbhinne atá ar marthain le blúire de ghluais na n‑ainmneacha Eabhracha. Tá an blúire sin ar cholún na láimhe clé d’fhóilió 1r. Tá mionsamhail de na ceithre shiombail soiscéalaithe, a bhfuil cuma an chaite orthu anois, ar cholún na láimhe deise. Tá an mhionsamhail treoshuite sa chaoi agus go gcaithfear an t‑imleabhar a iompú nócha céim chun é a fheiceáil i gceart. Is téama amhairc iad na ceithre shiombail soiscéalaithe atá fite fuaite sa leabhar. Léirítear iad le chéile beagnach i gcónaí chun béim a leagan ar an teagasc maidir le haontacht teachtaireachta na gceithre Shoiscéal.

Leagtar béim bhreise ar aontacht na Soiscéal trí mhaisithe tháblaí canóna Eusebius. Léiríonn na táblaí canóna féin aontacht na Soiscéal go dúchasach trí shleachta comhfhreagracha ó na Soiscéil a eagrú. Teastaíonn dhá leathanach déag le haghaidh tháblaí canóna Eusebius de ghnáth. I Leabhar Cheanannais, bheartaigh lucht déanta na lámhscríbhinne ar dhá leathanach déag (fóilió 1v go 7r) ach ar chúis anaithnid, chomhdhlúthaigh siad le deich leathanach é, a d’fhág fóilió 6v go 7r folamh. Chiallaigh an comhdhlúthú seo nach rabhthas in ann na tablaí canóna a úsáid. Tá maisiú an chéad ocht leathanach de na táblaí canóna go mór faoi thionchar Luathleabhair Shoiscéil ón Meánmhuir, ina raibh traidisiún na táblaí a fhágáil laistigh de stuara (ar nós Táblaí Canóna Londan). Cuireann lámhscríbhinn Cheanannais an mhóitíf seo i láthair ar bhealach Oileánach, a chiallaíonn nach bhféachtar ar na stuaraí mar ghnéithe ailtireachta, ach go mbíonn siad ina bpatrúin chéimseatúla stílithe le maisiú Oileánach. Tá na ceithre shiombail soiscéalaithe sna spásanna faoi agus os cionn na stuanna. Cuirtear an dá thábla canóna dheireanacha i láthair laistigh de ghréille. Níl an láithriú sin le feiceáil ach amháin i lámhscríbhinní Oileánacha agus chonacthas ar dtús i Leabhar Dharú é.

I bhfóilió 7v tá íomhá den Mhaighdean Mhuire agus de Mhac na hÓighe. Is é seo an íomhá is sine den Mhaighdean Mhuire atá ar marthain i lámhscríbhinn de chuid an Iarthair.

Tá an chuid eile den leabhar roinnte ina chodanna, agus is le mionsamhlacha agus le leathanaigh iomlána de théacs maisithe a thosaíonn na ranna. Cuirtear tús le gach Soiscéal le clár leanúnach maisithe. Breathnaítear ar an réamhábhar mar chuid inti féin agus is le leathanaigh áille mhaisithe a chuirtear tús leis. Chomh maith leis na réamhábhair agus na Soiscéil, is le maisiú a thosnaíonn an “dara tús” de Shoiscéal Mhatha.

Is le híomhá íocónach den Mhaighdean Mhuire agus de Mhac na hÓighe a chuirtear tús leis an réamhábhar (fóilió 7v). Is í an mhionsamhail seo an chéad léiriú den Mhaighdean Mhuire i lámhscríbhinn de chuid an Iarthair. Is meascán aisteach é an léiriú seo de staidiúir thosaigh agus de staidiúir ¾ Mhuire. Chomh maith leis sin, tá cosúlacht stíle idir an mhionsamhail seo agus an íomhá snoite ar chlár chónra Naomh Cuthbert ón mbliain 698. Tá seans ann gur tháinig íocónagrafaíocht na mionsamhla seo ó íocón Oirthearach nó ó íocón Coptach.

Is í an mhionsamhail den Mhaighdean Muire agus de Mhac na hÓighe atá os comhair an téacs, agus tá sé ina réamhrá oiriúnach le ‘Breves Causae’ Mhatha. Cuireann sé sin tús le ‘Nativitas Christi in Bethlem’ (Breith Íosa Críost sa Bheithil). Tá leathanach tosaigh théacs an ‘Breves Causae’ maisithe agus timpeallaithe ag fráma mionsaothraithe (fóilió 8r). Is ráiteas beo tosaigh don réamhrá iad an dá leathanach ar a bhfuil an mhionsamhail agus an téacs. Tá líne thosaigh gach coda a ghabhann leis an réamhábhar meádaithe agus maisithe (féach ‘Breves Causae Lúcáis’ thuas). Mar sin féin, níor caitheadh le haon chuid eile de na réamhábhair mar a caitheadh le ‘Breves Causae Mhatha’.

Tá portráid den Soiscéalaí Eoin i bhfóilió 291v.

Dearadh an leabhar seo sa tslí go gcuirfí tús le gach ceann de na Soiscéal le clár maisithe beo. I dtosach, bhí mionsamhail lánleathanaigh leis na ceithre shiombail soiscéalaí mar réamhrá ag gach Soiscéal. Ina dhiaidh sin, bhí leathanach bán. Ansin, bhí portráid mhionsaothraithe den soiscéalaí os comhair théacs tosaigh an tSoiscéil a bhfuil maisiú mionsaothraithe leis. Tá portráid den Soiscéalaí (fóilió 28v) agus a leathanach de shiombailí soiscéalaí (fóilió 27r féach thuas) fós le feiceáil i Soiscéal Mhatha. I Soiscéal Mharcais, tá portráid an tSoiscéalaí in easnamh ach tá an leathanach leis na siombailí Soiscéalaí fós ann (fóilió 129v). Níl an phortráid ná na siombailí soiscéalaí i Soiscéal Lúcáis. Tá an phortráid (fóilió 291v féach ar dheis) agus na siombailí Soiscéalaí (fóilió 290v) le feiceáil i Soiscéal Eoin mar atá i Soiscéal Mhatha. Féadtar talamh slán a dhéanamh de gurbh ann do phortráidí i Soiscéal Mharcais agus Lúcáis, mar aon le leathanach na siombailí i Soiscéal Lúcáis tráth, ach gur cailleadh iad ó shin. Tá úsáid na gceithre shiombail Shoiscéalaí ar fad os comhair gach Soiscéil mhórthaibhsigh. Úsáideadh é chun aontacht na Soiscéal a chur chun cinn.

Ba mhórthaibhseach é an maisiú a rinneadh ar fhocail tosaigh gach Soiscéil. Rinneadh ‘leathanaigh chairpéid’ de na leathanaigh seo. Tá maisiú na dtéacsanna seo chomh mórthaibhseach sin gur fhág sé an téacs féin beagnach doléite. Is féidir leathanach tosaigh Shoiscéal Mhatha a thabhairt mar shampla (fóilió 28r). (Féach an léiriú ar chlé) Níl sa leathanach seo ach dhá fhocal: Liber generationis (“Leabhar na Glúine”). Is monagram ollmhór, a chlúdaíonn an leathanach ar fad, iad na litreacha Lib ón bhfocal Liber. Léirítear na litreacha er mar ornáid fhite taobh istigh den litir b ón monagram. Rinneadh trí líne den fhocal Generationis agus tá sé timpeallaithe ag fráma mionsaothraithe sa cheathrú íochtarach ar dheis an leathanaigh. Tá an rud ar fad timpeallaithe ag imlíne mhionsaothraithe.

Tá réamhrá Shoiscéal Mhatha i bhfóilió 29r.

Is le bíseanna mórthaibhseacha agus le hobair shnaidhme – cuid mhór acu i bpatrúin mhíolchruthacha – atá an imlíne agus na litreacha féin maisithe. Chomh maith leis sin, ba mar seo a cuireadh le focail tosaigh Mharcais Initum evangeli (Tús an tSoiscéil), Lúcáis Quoniam quidem multi agus Eoin Inprincipio erat verbum (“I dtosach bhí an briathar”) chomh maith. Cé go raibh maisiú na leathanach seo ní b'fhorleithne i Leabhar Cheanannais, bhí na leathanaigh seo ar fad maisithe i ngach ceann de na Leabhair Soiscéal Oileánacha.

Tosaíonn Soiscéal Mhatha le ginealach Íosa Críost. Is ag Matha 1:18 a thosaíonn fíorinsint bheatha Íosa Críost. Cuireadh béim mhór ar “an dara tús” seo de Shoiscéal Mhatha in go leor luath-leabhar Soiscéil, rud a d'fhág gur caitheadh leis an dá chuid mar shaothair éagsúla. Is leis an bhfocal Críost a thosaíonn an dara leath. Ba mhinic a úsáideadh na litreacha Gréagacha chi agus rho i lámhscríbhinní meánaoiseacha chun an focal Críost a ghiorrú. I Leabhair Soiscéal Oileánacha, bhí an chéad mhonagram Chi Rho méadaithe agus maisithe. I Leabhar Cheanannais, cuireadh clár maisithe i bhfeidhm ar an dara tús seo a bhí comhionann leis na cláir a bhí mar réamhrá ag na Soiscéil aonair. Tá mionsamhail de Chríost mar Rí i verso Fhóilió 32. (Áitítear go bhfuil an mhionsamhail seo ar cheann de na portráidí Soiscéalaí a cailleadh. Tá an íocónagrafaíocht éagsúil leis na portráidí atá ar marthain, áfach, agus glacann an léann reatha leis an aitheantas agus an socrú seo don mhionsamhail seo.) Os comhair na mionsamhla seo, ar recto fhóilió 33, tá an t‑aon leathanach cairpéid de chuid Leabhar Cheanannais atá ina mhionsamhail aimhrialta; tá cúig leathanach cairpéid ag Soiscéil Lindisfarne agus tá sé cinn ag Leabhar Dharú. Tá verso bán fhóilió 33 os comhair na mionsamhla is mórthaibhsí ón luath-thréimhse mhéanaoiseach, is é sin monagram Chi Rho Leabhar Cheanannais. Is mar réamhrá don insint ar Bheatha Críost atá sé.

Tá an monagram Chi Rho i bhfóilió 34r. Is iad Chi agus Rho an chéad dá litir san fhocal Críost sa Ghréigis.

I Leabhar Cheanannais, tá an monagram Chi Rho chomh mór sin anois go gclúdaíonn sé an leathanach ar fad. Clúdaíonn an litir chi an leathanach ar fad le géag amháin ag dul trasna fhormhór an leathanaigh. Is faoi ghéaga an Chi atá an litir rho. Roinntear an dá litir i gcodanna atá maisithe go mórthaibhseach le hobair snaidhme agus le pátrúin eile. Is maisiú déanta d'obair snaidhme agus de ghuairneáin atá sa chúlra chomh maith. Laistigh den mhaisiú seo, tá ainmhithe agus feithidí faoi cheilt. Éiríonn trí aingeal ó cheann de ghéaga croise an chi. Tá an mhionsamhail seo ar an monagram Chi Rho is mó agus is mórthaibhsí ar marthain in aon Leabhar Soiscéal Oileánach. Is toradh é seo ar thraidisiún a thosaigh le Leabhar Dharú.

Tá dhá mhionsamhail eile lánleathanaigh i Leabhar Cheanannais a léiríonn eachtraí ó scéal na Páise. Tá téacs Mhatha maisithe le maisiú lánleathanaigh de Ghabháil Íosa. (fóilió 114r). Léirítear Íosa faoi stuara stílithe agus dhá fhíor eile, atá i bhfad níos lú, á bhreith. I dtéacs Lúcáis, tá mionsamhail lánmhéide de Chathú Críost (fóilió 202v). Léirítear Críost ón gcoim aníos ar bharr an Teampaill. Ar a dheis tá slua daoine, léiriú dá dheisceabail is dócha. Ar a chlé agus taobh thíos de, tá an phearsa fhíordhubh de Shátan ann. Tá beirt aingeal os a chionn. [40]

Tá leathanach iomlán de théacs maisithe a thosaíonn le “Tunc dicit illis” i verso an fhóilió ina bhfuil Gabháil Críost. Os comhair mhionsamhail Chathú Críost, tá leathanach iomlán eile de théacs maisithe (fóilió 203r “Iesus autem plenus”). Chomh maith leis an leathanach seo, tá maisiú mionsaothraithe ar chúig leathanach iomlán eile. I Soiscéal Mhatha, tá leathanach iomlán eile lán de mhaisiú (fóilió 124r, “Tunc crucifixerant Xpi cum eo duos latrones”). I Soiscéal Mharcais, tá dhá leathanach de théacs maisithe chomh maith (fóilió 183r, “Erat autem hora tercia”, agus fóilió 187v, “[Et Dominus] quidem [Iesus] postquam”). Tá dhá leathanach de théacs iomlán maisithe i Soiscéal Lúcáis (fóilió 188v, “Fuit in diebus Herodis”, agus fóilió 285r, “Una autem sabbati valde”). Cé nach bhfuil mionsamhlacha bainteach leis na téacsanna seo, is dócha go raibh mionsamhlacha le bheith le gach ceann de na téacsanna seo ach gur cailleadh iad nó nár críochnaíodh riamh iad. Níl leathanach amháin iomlán de théacs i Soiscéal Eoin ar marthain, seachas an Réamhrá. Sa trí Shoiscéal eile, áfach, is le hinsint na Páise atá gach ceann de na leathanaigh iomlán de théacs maisithe seachas fóilió 188c a thosaíonn insint Bhreith Íosa. Os rud é, áfach, go raibh insint na Páise sna fóiliónna a cailleadh ó Shoiscéal Eoin, is dócha gur cailleadh na leathanaigh iomlán de théacs maisithe chomh maith.

I mbeagnach gach fóilió i Leabhar Cheanannais, tá maisithe beaga cosúil leis an túslitir mhaisithe seo.

Níl maisiú an leabhair dírithe ar na mórleathanaigh amháin. Tá an téacs breac le túslitreacha maisithe agus le fíoracha maisithe beaga d’ainmhithe agus de dhaoine, déanta de shnaidhmeadh casta go minic. Tá túslitreacha maisithe ag go leor téacsanna suntasacha mar an Pater Noster. Ar imeall clé an leathanaigh ar a bhfuil téacs na mBiáide, i Soiscéal Mhatha (fóilió 40v), tá mionsamhail mhór ann agus tá an litir B – ar tús gach abairt í – ceangailte di ina slabhra ornáideach. Tá mionsamhail dá samhail le feiceáil ar an leathanach ar a bhfuil ginealach Chríost i Soiscéal Lúcáis (fóilió 200r). Bíonn an focal ‘qui’ ceangailte di go minic san imeall ar chlé. Seasann go leor de na hainmhithe beaga atá scaipthe tríd an téacs do “casadh-sa-chonair” (is é sin, áit ar críochnaíodh líne i spás os cionn na bunlíne nó faoin mbunlíne). Is ann do go leor ainmhithe eile chun spásanna fágtha ag deireadh línte a líonadh. Ní mar a chéile aon dá léaráid dá leithéid. Níl an oiread sin maisithe i luath-lámhscríbhinn eile atá ar marthain.

Mar a thaispeántar sa léiriú beag seo ar leathanach an mhonagraim Chi Rho, tá go leor de mhaisiú Leabhar Cheanannais go breá casta. (Fóilió 34r)

Is maisiúcháin d’ardchaighdeán iad go léir agus bíonn siad thar a bheith casta go minic. I maisiú amháin a chlúdaíonn cearnóg aon orlach de leathanach, tá 158 píosa de ribín bán, le himeall dubh, fite fuaite ar a chéile. Ní féidir roinnt den mhaisiú a fheiceáil ach amháin le gloine formhéadúcháin, cé nach eol dúinn go raibh a leithéid de ghloine, leis an gcumhacht cheart, ar fáil go dtí na céadta bliain i ndiaidh an leabhar a bheith críochnaithe. Freagraíonn an snaidhmeadh casta agus na léaráidí fite, ar thángthas orthu i gCeanannas agus i mainistreacha gaolmhara eile, de mhiotalóireacht agus shnoíodóireacht chloiche na tréimhse sin. Ó tosaíodh ag teacht orthu arís, diaidh ar ndiaidh, ón 9ú haois déag ar aghaidh, tá éileamh leanúnach ar na léaráidí seo. Go deimhin, úsáidtear go leor de na móitífeanna seo san ealaín choiteann, lena n‑áirítear seodra agus tatúnna.

Feidhm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá feidhm shacraiminteach seachas oideachais ag an leabhar. Is ar altóir ard sa séipéal a d’fhágfaí Sóisceál a bhí chomh mór mórthaibhseach is a bhí Leabhar Cheanannais. Ní bhainfí é ach chun an Soiscéal a léamh le linn an Aifrinn. Ba é ba dóichí, áfach, ná go mbeadh an téacs de ghlanmheabhair ag an léitheoir agus nach mbeadh air an téacs a léamh ón leabhar. Is ábhar suntasach é go ndearbhaíonn Croinicí Uladh gur goideadh an leabhar ón sacraistí (ina raibh soithigh agus feisteas an Aifrinn) seachas ó leabharlann na mainistreach. Tá sé soiléir ó dhearadh an leabhair go raibh an fheidhm seo i gceist leis, is é sin, tugadh tosaíocht do dhearadh an leabhair ar chúrsaí praiticiúla. Tá líon mór botún sa téacs nár ceartaíodh riamh. Rinneadh línte a chríochnú go minic i spás folamh sa líne os a gcionn. Níor cuireadh teidil na gcaibidlí taobh istigh d’imill na leathanach, ar teidil iad a bhí ag teastáil le go mbeifí in ann úsáid a bhaint as na táblaí canónaigh. Go ginearálta, ní dhearnadh aon ní a chuirfeadh isteach ar chuma aeistéitiúil an leathanaigh. Tugadh tosaíocht don aeistéitic ar fheidhmiúlacht an leabhair.

I scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh scannán beochana sa bhliain 2009 dar theideal Rún Cheanannais Mhóir ina n‑áirítear scéal ficseanúil faoin mbealach a tháirgeann Aodhán, manach aosta, agus a phrintíseach Breandán Leabhar Cheanannais agus ruaigeanna scriosta na Lochlannach á mbagairt orthu. Tomm Moore a stiúir an scannán. Ainmníodh é don Duais i gComhair an Scannán Beochana Is Fearr de chuid na Academy Awards sa bhliain chéanna.[2] Tugadh moladh dó as cuid den bheochan a bhunú ar na bunleathanaigh ardmhaisithe.[3]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Henry 1974, 150.
  2. "The 82nd Academy Awards (2010) Nominees and Winners". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 October 2014. Dáta rochtana: 28ú Samhain 2011.
  3. Felperin, Leslie. "Brendan and the Secret of Kells". Variety Magazine. Dáta rochtana: 2a Nollaig 2009.;Jeremy W. Kaufmann of Ain't It Cool News called its animation "absolutely brilliant,""An Early Look at Distinctive Animated Film The Secret of Kells – US Premiere This Weekend". Ain't It Cool News. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Eanáir 2019. Dáta rochtana: 2 December 2009. and reviewers at Starlog called it "one of the greatest hand drawn independent animated movies of all time."Koller, Cameron and Riley. "THE SECRET OF KELLS: The Little Movie That Should". Starlog.com. Dáta rochtana: 4ú Nollaig 2009.[nasc briste go buan]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]