Rún Cheanannais Mhóir
The Secret of Kells | ||
---|---|---|
Buneolas | ||
Stiúrthóir | Tomm Moore agus Nora Twomey | |
Príomhcharachtair | ||
Léiriú | Paul Young, Didier Brunner agus Viviane Vanfleteren | |
Script | Fabrice Ziolkowski (en) agus Tomm Moore | |
Ceol | Bruno Coulais agus Kíla | |
Comhlacht léiriúcháin | Celluloid Dreams, Canal+ agus Cartoon Saloon | |
Mionsonraí | ||
Tír bhunaidh | an Fhrainc, an Bheilg agus Éire | |
Céadléiriú | 30 Eanáir 2009 | |
Fad ama | 75 min | |
Bunteanga | Béarla an Ghaeilge | |
Dath | daite | |
Buiséad | 8,000,000 $ | |
Tuilleamh | 3,582,797 $ (domhanda) 690,290 $ (Stáit Aontaithe Mheiriceá) | |
Cur síos | ||
Seánra | scannán fantaisíochta, scannán do pháistí agus scannán meánaoiseach | |
Príomhábhar | Leabhar Cheanannais | |
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán | ||
Ainmnithe do | Academy Award for Best Animated Feature (en) (2010) European Film Award for Best Animated Feature Film (en) (2009) | |
Suíomh gréasáin oifigiúil | gkids.com… | |
|
Is scannán fantaisíochta beochana Francach-Bheilgeach-Éireannach é Rún Cheanannais Mhóir[1] (Béarla: The Secret of Kells, Fraincis: Brendan et le Secret de Kells) arna bheochan ag Cartoon Saloon[2]. Cuireadh os comhair pobail féachana den chéad uair é ar 8 Feabhra 2009 ag 59ú Féile Idirnáisiúnta Bheirlín. Eisíodh sa Bheilg agus sa Fhrainc é ar an 11ú Feabhra, agus i bPoblacht na hÉireann ar an 3ú Márta.
Tomm Moore agus Nora Twomey a stiúir an scannán, agus Paul Young, Didier Brunner agus Vivian Van Fleteren a léirigh é. Fabrice Ziolkowski a scríobh. Dháil Gébéka Films, Kinepolis Film Distribution, StudioCanal agus Buena Vista é. Chuir Fabienne Alvarez-Giro an scannán in eagar agus chum Bruno Coulais agus Kíla an ceol dó. Tá Evan McGuire, Brendan Gleeson, Christen Mooney, Mick Lally, Michael McGrath, Liam Hourican, Paul Tylak agus Paul Young sna príomhrólanna. Ainmníodh an scannán do Dhuais an Acadaimh le hAghaidh Scannáin Bheochana.[3][4]
Plota
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Breandán, buachaill óg fiosrach idéalach, ag maireachtáil faoi dhlúthchúram a uncail, an tAb Cellach, sa phobal beag i Mainistir Cheanannais. Bíonn Cellach ag síorsmaoineamh ar bhalla a thógáil timpeall na mainistreach chun ionsaithe Lochlannacha a chosc.
Aisteoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Evan McGuire mar Breandán
- Brendan Gleeson mar an tAb Cellach
- Christen Mooney mar Aisling
- Micheál Ó Maolallaí mar an Bráthair Aodhán
- Michael McGrath mar Adult Brendan
- Liam Hourican mar na Bráithre Tang agus Leonardo
- Paul Tylak mar an Bráthair Assoua.
- Paul Young mar an Bráthair Square.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Cartoon Saloon. "Run Cheannannais Mhoir (The Secret of Kells)". Cartoon Saloon. Dáta rochtana: 2018-07-18.
- ↑ "A visual feast – just add Celt".
- ↑ "Outside the Abbey's Fortified Walls, a World of Fairy Girls and Beasts".
- ↑ "An Indie Takes on Animation's Big Boys".