Micheál Ó Maolallaí
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 10 Samhain 1945 Tuar Mhic Éadaigh, Éire |
| Bás | 31 Lúnasa 2010 64 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
| Siocair bháis | Bás nádúrtha (Eimfiséime scamhóige) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Mhuire, Gaillimh Ollscoil na Gaillimhe |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | múinteoir, aisteoir scannáin, aisteoir stáitse, aisteoir teilifíse |
| Tréimhse oibre | 1974 – |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Aisteoir Éireannach a bhí i Micheál Ó Maolallaí[1] (Béarla: Michael "Mick" Lally) a rugadh i Mí na Samhna 1945, agus a d'éag 31 Lúnasa 2010.[2][3]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Micheál i nDoire Mhianaigh, dTuar Mhic Éadaigh i gContae Mhaigh Eo, an duine is sine as seachtar a bhí sa chlann acu: beirt bhuachaillí agus cúigear cailíní. Bhí feirm tríocha acra ag a athair Tommy ar thalamh sléibhe ann. Ceantar Gaeltachta an dúiche sin agus cainteoirí dúchais Gaeilge a athair agus a mháthair, May Nic Ging (Nig Fhinn an gnáthlitriú ach ba é Nic Ging an fhoirm a d’fhoghlaim sí ar scoil), arbh as Páirc an Teampaill, Tuar Mhic Éadaigh di.
I Scoil Náisiúnta Thuar Mhic Éadaigh bhí Seosamh Ó Maolruanaigh mar mhúinteoir ag Micheál agus b’fhéidir gurbh eisean a spreag spéis sa drámaíocht ann den chéad uair (Mícheál Ó Conaola, Foinse 8 Meán Fómhair 2010). Bhíodh an scoil sin páirteach i bhFéile Drámaíochta na Scol. Ach ba dhóigh lena mháthair (Imeall, TG4, 4 Samhain 2010) gurbh iad drámaí Radio Éireann gach Domhnach sna 1950idí luatha a chuaigh i gcion air.
Seanathair leis i Stáit Aontaithe Mheiriceá a d’íoc costais an oideachais a cuireadh air i nGaillimh: bhí sé ina dhalta cónaitheach i gColáiste Mhuire, Gaillimh, agus Gaeilge agus stair na hábhair chéime aige i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Bhí baint aige leis an gCumann Dornálaíochta san ollscoil agus thug leis uair craobh idir-ollscoile na hÉireann agus na Breataine sa dornálaíocht. Deireadh sé nárbh éagsúil le chéile in aon chor cró na dornálaíochta agus a bheith ar stáitse na hamharclainne. Bhí sé ina bhall den Chumann Drámaíochta san ollscoil. Bhí sé páirteach go minic i léiriúcháin na Taibhdheirce, ach go háirithe i rith na sé bliana sin a chaith sé mar mhúinteoir sa cheardscoil i dTuaim, Co. na Gaillimhe. In Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970 (Ó Siadhail 1993) tá grianghraf de agus é páirteach in An béal bocht sa Taibhdhearc. B’fhéidir a rá go raibh aird phobal amharclainne na Gaillimhe air mar aisteoir. I samhradh na bliana 1975 thug Garry Hynes, stiúrthóir drámaí, agus Máire Mullen, aisteoir, cuireadh dó a bheith in éineacht leo chun an Druid Theatre Company a bhunú.
Thug an cheardscoil cead scoir dó agus as sin amach bhí sé ina aisteoir gairmiúil. Comhlacht eachtrach fiontraíoch ba ea an Druid. Stáitsídís drámaí le scríbhneoirí Meiriceánacha agus Eorpacha agus ba iad ba thúisce a chuir saothair Martin McDonagh ar stáitse. Cuimhneofar, gan amhras, ar a fheabhas a bhí Mick in Playboy of the Western World le Synge, agus páirt Christy aige, in Famine le Tom Murphy (dráma a d’aistrigh sé go Gaeilge faoin teideal Gorta), agus in The wood of the whispering le M.J. Molloy. Ainmníodh é do dhuais amharclainne Irish Times/ESB i ngeall ar an ról a bhí aige sa léiriú a rinne Druid ar The dead school le Pat McCabe. Bhí sé tamall freisin ina bhall de Field Day Theatre Company agus bhí an phríomhpháirt aige sa chéad léiriú a rinne an comhlacht sin ar dhráma Brian Friel, Translations. In Amharclann na Mainistreach bhí páirt aige den chéad uair in 1977 agus sin sa dráma Wild Oats. Ba mhinic ina dhiaidh sin páirteanna aige san amharclann sin. Ba liosta le lua na scannáin a raibh rólanna aige iontu, bídís fada nó gairid, ach cuimhnítear go háirithe ar Poitín (1978), The Ballroom of Romance (1982), Our boys (1981), The Year of the French (1982), Circle of friends (1995) agus The Secret of Kells (2009). Maidir le teilifís, thuill a pháirt mar Miley Byrne in Bracken Duais Jacob dó in 1979. Ba é an Miley céanna arís é ó 1983 amach in Glenroe. Níor thaitin leis gur mar ghamal geanúil tuaithe a d’fhéachfadh pobal mór na hÉireann air ach gan aon amhras ba é an ról sin a thuill clú mór dó i measc an phobail sin nach dtaithíonn amharclanna. Sobalchláir eile a raibh páirteanna aige iontu is ea Ballykissangel agus Ros na Rún.
Amhránaí maith é freisin. Is go deireanach ina shaol a bhí páirt an tiarna talún aige in Scéalta ó Theach na mBocht, scéalta a chum Eugene McCabe faoin nGorta Mór i ndeisceart Uladh in 1848, a aistríodh go Gaeilge agus a léigh Lally. Is le hómós dó a chraol TG4 iad ar 11 Samhain 2010.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]In éineacht le Mary McEvoy, réalt eile de chuid Glenroe, bhí sé ag taisteal leis an dráma The matchmaker, ar leagan nua é de dhráma John B. Keane, agus bhí beartaithe go gcuirfí ar stáitse an Gaiety é. Ach rud é nár tharla toisc gur laige croí ba thrúig bháis dó ar 31 Lúnasa 2010.[3] Bhí eimfiséime air mar iarsma an niúmóine sin a bhuail é deich mbliana roimhe sin. Ó 1979 bhí sé pósta ar Pheige Ní Chonghaile, banaltra as Inis Meáin agus bhí iníon agus beirt mhac acu. Ba í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh agus is ar scoileanna lán-Ghaeilge a d’fhreastail na páistí.
Saothair aisteoireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Rún Cheanannais Mhóir (2009)
- Bua (2007)
- Alexander (2004)
- Ballykissangel (2001)
- Circle of Friends (1995)
- A Man of No Importance (1994)
- Misteach Baile Ath Cliath (1994)
- The Irish R.M. (1983)
- Glenroe (1983)
- The Ballroom of Romance (1982)
- Strumpet City (1980)
- Poitín (1978)
- Bracken (1978)
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Mick Lally". IMDb. Dáta rochtana: 2018-07-18.
- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “LALLY, Mick (1945–2010) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- 1 2 "Actor Mick Lally dies aged 64" (en). RTE.ie (2010-08-31). Dáta rochtana: 2018-07-18.