Ollscoil na Gaillimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaOllscoil na Gaillimhe
National University of Galway, Ireland.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí bunúsacha
Cineál ollscoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh 1845
Gníomhaíocht
Ball de Coimbra Group (en) Aistrigh
Cumann Eorpach na nOllscoileanna Cuir in eagar ar Wikidata
Líon scoláirí 18,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht agus rialtas
Líon fostaithe 2,500 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Máthaireagraíocht Ollscoil na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Figiúirí suntasacha
Ioncam iomlán 218 M€ (2015) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáin nuigalway.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: nuigalway Twitter: nuigalway

Cuireadh Ollscoil na Gaillimhe ar bun ar dtús sa bhliain 1845, mar cheann de thrí Choláiste na Banríona, maraon le Corcaigh agus Béal Feirste. De réir achta sa bhliain 1908, athainmníodh mar Coláiste na hOllscoile, Gaillimh í, agus í le bheith mar chuid de hOllscoil na hÉireann in éineacht le Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh. I 199i, athróidh a hainm go Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus d'athraigh a hainm arís i 2022, nuair a thugadh Ollscoil na Gaillimhe uirthi. Tá fás mór ar an ollscoil le blianta beaga anuas, agus tá os cionn 17,000 mic léinn anois ag freastal uirthi. Is cuid d'ollscoil chomhnasctha OÉ an ollscoil, maille le coláistí i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Is é An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh uachtarán na hollscoile faoi láthair. Tá an ollscoil rangaithe sa bharr 1% de ollscoileanna ar fud an domhain.

Tugann lámhleabhair na hollscoile foirfiú na Gaeilge mar cheann de phríomhchuspóirí na hollscoile. ´Sna hochtóidí, bhí aighneas ar siúl ag mic léinn áirithe, mar nach raibh cúrsaí áirithe tíreolaíochta le fáil ach trí mheán na Gaeilge, cé nach raibh ach fíorbheagán de chúrsaí eile le fáil as Gaeilge.

Tá an ollscoil suite gar do lár cathrach na Gaillimhe, agus mar go raibh a tailte ag leanúint ó thuaidh cois abhainn, bhí deis ag an ollscoil an-chuid tógála a dhéanamh in achar siúil cos don sean "quad".

Tá dámhanna dlí, leighis, ealaíona, innealtóireachta, eolaíochta, agus léinn Cheiltigh ann, chomh maith le muireolaíocht.

Stair na hOllscoile[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'oscail an ollscoil i 1849 faoin ainm 'Coláiste na Banríona, Gaillimh'.

Saol na hOllscoile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ceann de na cumainn is mó agus is sine é an Cumann Staire. Eagraíonn an Cumann Staire ceann de na himeachtaí bliantúla is mó san ollscoil, an en:Arts Bál, a bhíonn ar siúl gach Feabhra. Freastalaíonn thart ar 1300 daoine ar an mbál. Eagraíonn an Cumann Staire an chomhdháil staire idirnáisiúnta bhliantúil Aistir freisin.

Cloigtheach na cearnóige

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]