Micheál Ó Maolallaí
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Samhain 1945 Tuar Mhic Éadaigh, Éire |
Bás | 31 Lúnasa 2010 64 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Siocair bháis | Eimfiséime scamhóige |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Mhuire, Gaillimh Ollscoil na Gaillimhe |
Gníomhaíocht | |
Gairm | múinteoir, aisteoir scannáin, aisteoir stáitse, aisteoir teilifíse |
Tréimhse oibre | 1974 – |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Aisteoir Éireannach a bhí i Micheál Ó Maolallaí[1] (Béarla: Michael "Mick" Lally) a rugadh i Mí na Samhna 1945, agus a d'éag 31 Lúnasa 2010.[2][3]
Rugadh é i dTuar Mhic Éadaigh i gContae Mhaigh Eo agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Naomh Mhuire, i Gaillimh. Chuaigh sé leis an múinteoireacht ar dtús ach d'éirigh sé as a phost chun bheith ina aisteoir.
Réaltaigh sé sa dráma Translations le Brian Friel sa bhliain 1980 i gContae Dhoire nuair a bhí sé ina bhall den Chomhlacht Drámaíochta Field Day, bunaithe ag Brian Friel agus Stephen Rae. Bhí baint aige leis an "Druid Theatre Company" freisin.
Fuair sé ról Miley Byrne sa sobal-dráma Glenroe, ag leanúint ar aghaidh leis an gcarachtar a bhí aige i Bracken ar RTÉ sa bhliain 1978. D'éirigh go maith lena amhrán The By-Road to Glenroe sa bhliain 1990. Bhí obair déanta aige ar theilifís Éireannach agus scannáin freisin.
Fuair sé bás ar an 31 Lúnasa 2010.[3]
Saothair aisteoireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Rún Cheanannais Mhóir (2009)
- Bua (2007)
- Alexander (2004)
- Ballykissangel (2001)
- Circle of Friends (1995)
- A Man of No Importance (1994)
- Misteach Baile Ath Cliath (1994)
- The Irish R.M. (1983)
- Glenroe (1983)
- The Ballroom of Romance (1982)
- Strumpet City (1980)
- Poitín (1978)
- Bracken (1978)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Mick Lally". IMDb. Dáta rochtana: 2018-07-18.
- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “LALLY, Mick (1945–2010) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ 3.0 3.1 "Actor Mick Lally dies aged 64" (en). RTE.ie (2010-08-31). Dáta rochtana: 2018-07-18.