Kíla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaKíla
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1987
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1987 –
SeánraCeol Ceilteach agus Ceol traidisiúnta na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Suíomh gréasáinkila.ie Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0452894 Facebook: kilaofficial Twitter: KilaRecords Youtube: UCSTfl7UYUz_bilhbrq110ww Souncloud: kila_ie Musicbrainz: 1d88ba17-a816-40e6-9194-9c249097323b Songkick: 153005 Discogs: 272252 Allmusic: mn0000078307 Cuir in eagar ar Wikidata

Buíon cheoil Gaelach clúiteach as Bleá Cliath, Éire iad Kíla a bunaíodh sa bhliain 1987 i gColáiste Eoin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Kíla sa bhliain 1987 sa mheánscoil lán-Ghaeige Coláiste Eoin;

Sa chéad bhliain théifidis ag boscáil ar Shráid Grafton beagnach gach seachtain agus ar a bharr sin sheinn siad 44 ceolchoirm. An chuid ba mhó acu ag seoltaí leabhar Coiscéim (chomhlacht foilsitheoireachta athar na Snodach), oscailtí taispeántais ealaíne Cliodhna Cussen, 9máthar Chlann Uí Snodaigh) nó ag seoltaí feachtas polaitiúla a ndearthár Aengus Ó Snodaigh. Sheinn siad a gcéad cheolchoirm da gcuid féin le táille isyeach thuas staighre sa Baggot Inn ach níor fhreastail ach triúr air, duine acu an craoltóir Bláthnaid Ní Chofaigh.

i 1988 shroich siad babhta ceannais an comórtas náisiúnta Slógadh ach bhí na breithimh crua orhtu agus dúirt nach ceol traidisiunta a bhí á sheimn acu mar gur sheinn siad píosa ceol nuachumtha de chuid Cholim Uí Shnodaigh agus mar go raibh dord á seinnt.

Go nuige seo (2024) Sheinn Kíla ag seinm i 35 tír ar chúig mhór-roinn agus ag cuid de na féilte is mó ar domhan, leithéidí Montreaux Jazz Festival, Cambridge Folk Festival, Rainforest World Music Festival i mBorneo, an Electric Picnic, Womadelaide, Glastonbury, féile Sziget na hUngáire, Féile Uisce Stócólm, Féile Challainn na hAlban gan trácht ar an iliomad féilte ceoil Gaelach agus Ceilteach sna Stáit Aontaithe, Ceanada agus sa Spáinn. Sheinn siad freisin ag Searmanas Oscailte na gCluichí Oilimpeacha Speisialta in Éirinn (2003) agus tá ceol cumtha acu do scannáin agus don teilifís agus ainmníodh iad do Oscars agus bhuaigh siad iliomad gradam dá gcuid ceoil.

Thosaigh an bhuíon faoin ainm Kíla nuair a dtáinig an dá dheartháir Karl agus Dave Odlum isteach sa bhanna. B'iad an bhun bhaill an ghrúpa roimhe sin ná Rossa Ó Snodaigh (feadóg, cnámha), Rónán Ó Snodaigh (bodhrán), Eoin Dillon (píobaí uilinn), Colm Mac Con Iomaire (fidil). Sa bhliain 1988 tháinig Colm Ó Snodaigh (Fiúit, Amhránaí) isteach sa bhanna sula ndeachaigh siad thar lear chun seinm ag a gcéad fhéile sa Ghearmáin agus roimh a gcéad taifeadadh acu.

I 2003, i léirmheas ar a n-albam Luna Park, tugadh creidiúint do chumasc Kíla de cheol traidisiúnta na hÉireann agus de cheol domhanda le híogaireacht rac nua-aimseartha as beocht úr a thabhairt go ceol dúchasach comhaimseartha na hÉireann.[1]

In 2008 thaifead Kíla, in éineacht le U2, Shane MacGowan, Sinéad O’Connor, Glen Hansard, Damien Dempsey, The Dubliners, agus go leor ealaíontóirí eile “The Ballad of Ronnie Drew”.

In 2010, chomhoibrigh an banna leis an gcumadóir Francach Bruno Coulais ar fhuaimrian an scannáin beochana de chuid Cartoon Saloon The Secret of Kells / Rún Cheanannais Mhóir agus ainmníodh é d'Oscar. An bhliain chéanna bhí a gcuid ceoil le sonrú go mór in dtrí phríomhscannán eile - Beyond the Fire le Maeve Murphy's agus Trafficked le Ciarán O'Connor agus scannán faisnéise Fight or Flight le Peter J. Mc Carthy, a bhfuil go leor duaiseanna buaite aige.

Go déanach in 2011, d’fhoilsigh KílaLeabhair Foinn le breis agus 100 fonn agus grianghraif, dánta agus próis ann, ‘Sárshaothar' an cuir síos a bhí ag Seán Laffey ó Irish Music Magazine ar an leabhar mar .

D’fhéadfaí ‘bliain na ngradam agus na n-ainmniúchán’ do Kíla a thabhairt ar 2015. Chomhoibrigh siad le Bruno Coulais arís ar an gceol don ghné bheoite a d’ainmnigh Oscar, Song of the Sea. Fuair ​​siad ainmniúchán do Ghradam Annie le haghaidh ‘Gnóthachtáil Sármhaith sa Cheol i Léiriú Gné Beoite’. Fuair ​​siad ainmniúchán Emmy freisin as a gcuid oibre ar an léiriú Crossing The Line ar a dtugtar 'The Secret Life of the Shannon'.

In 2020, thaifead Kíla ceol do dhá scannán eile: d’ainmnigh Oscar Cartoon Saloon Wolfwalkers a bhain ilghradam, agus an chéad scannán le Tomás Ó Súilleabháin Arracht a bhí mar iontráil ag IFTA do na Oscars. Ainmníodh Arracht do 11 ghradam IFTA agus bhuaigh sé dhá cheann le Kila ag bronnadh an Scór Bunaidh ab fhearr.

Le linn an dá ghlas glas Covid, rinne siad sé cheolchoirm faoi ghlas ar líne a chríochnaigh le craoladh Lá Fhéile Pádraig ar théama Wolfwalker ag dul beo chuig consalachtaí uile na hÉireann ar fud an domhain agus tar éis an ghlasála chuaigh siad ar camchuairt agus léirigh siad 3 chlár níos mó – Kíla & Tumble Circus (Meán Fómhair 2021), Kíla le Prás - (Oíche Chinn Bhliana 2021), Kíla & Cairde do Tradfest sa Staidiam Náisiúnta (Eanáir -2022).

Baill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí athrú atá tagtha ar bhaill Kíla idir 1987 2004. Sa bhliain 1988 tháinig Colm Ó Snodaigh isteach sa ghrúpa, I 1991, d’fhág an fidléir Colm Mac Con Iomaire agus an giotáraí Dave Odlum chun seinnt go lán-aimseartha le buíon Glen Hansard, The Frames. Sa bhliain céanna tháinig Dee Armstrong in áit Choilm ar an bhfidil agus in áit Dave Odlum tháinig an ngiotáraí rithime Eoin O’Brien agus an ngiotáraí áibhléiseach Dave Reidy isteach, cé go ndeachaigh seisean ar imirce go San Francisco bliain dar gcionn, ach ni sul má d'fhág sé a riain ar cheol Kíla ar an gcéad taifead leo dar tedeal 'Groovin'. I 1993 d’imigh Karl Odlum chun seinnt go lánaimseartha le buíon Mick Christopher, The Mary Janes agus tháinig an dordadóir snagcheoil Ed Kelly ina áit. D'fhág Ed agus Eoin O’Brien tar éis dóibh Mind The Gap a eisiúint i 1995. Ghlac an drumadóir agus giotáraí rithime Lance Hogan áit Eoin agus líon Laurence O Keefe isteach go sealadach ar an dord go dtí gur ghlac Brian Hogan an post sin i 1996 sular taifeadadh Tóg É Go Bog É. In 2009, ghlac an giotáraí Connalach Seanán Brennan áit Lance nuair a bhí sos gairme á ghlacadh aige agus i 2010 iarradh ar an drumadóir Dave Hingerty theacht isteach chun seinnt leo ar na drumaí. Sa bhliain 2015, d’fhág an píobaire Eoin Dillon agus tháinig James Mahon i gcorbach air siúd. Ansin sa bhlian 2023, d'éirigh Dee Armstong as a bheith ag seinnt leis an mbanna go lán-aimseartha.

Iar-bhaill[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dee Armstrong: Fidil (1991 - 2003)
  • Eóin Dillon: Píobaí Uileann (1987 - 2015)
  • Lance Hogan: Giotár, Djembe, Drumaí (1995 - 2009)
  • Laurence O'Keefe: Dord (1995 - 96)
  • Eóin O'Brien: Accoustic and Electric guitar (1991 - 1995)
  • Ed Kelly: Dord (1993 - 1995)
  • David Reidy: Giotár Aibhléiseach (1991-92)
  • Karl Odlum: Dord (1987-93)
  • Dave Odlum: Giotár (1987-91)
  • Colm Mac Con Iomaire: Fidil (1987-91)

Dlúth-Cheirníní[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]