Bláthnaid Ní Chofaigh
(2016) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 12 Samhain 1970 55 bliana d'aois Ontario, Ceanada |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Íosagáin |
| Áit chónaithe | Baile Átha Cliath |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | láithreoir teilifíse |
Láithreoir teilifíse Éireannach as Ráth Cairn i nGaeltacht na Mí is ea Bláthnaid Ní Chofaigh, a rugadh ar an 12 Samhain 1970.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]As Conamara do shinsir Ní Chofaigh, ach aistríodh go Ráth Cairn iad i 1935 le bunú Ghaeltacht na Mí. Rugadh ise féin i Québec i gCeanada.
Craoltóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh Bláthnaid mar láithreoir ar Echo Island, clár siamsaíochta do dhaoine óga ar Raidió Teilifís Éireann sna 1990idí.
Tuairiscíodh go ndearna an file agus léitheoir Michael Davitt ciapadh ar Bhláthnaid Ní Chofaigh nuair a thosaigh sí ag obair in RTÉ mar thuairisceoir óg (bhí sí ag obair le Davitt, SBB, Rónán Mac Aodha Bhuí agus Art Ó Briain ar "Scaoil Amach an Bobailín" ag an am).[1] [2] [3]
Chuaigh sí go Teilifís na Gaeilge (TG4 an lae inniu) nuair a bunaíodh an stáisiún sin sa bhliain 1996, agus d'oibrigh sí mar láithreoir ar chláir theilifíse do pháistí. Bhí uirthi sos a thógáil amach ón láithreoireacht agus í ag súil. Tháinig Ní Chofaigh ar ais ar an scáileán chun an clár RTÉ Celebrity Farm a chur i láthair, le réaltaí eile ar nós Twink (Adele King), George McMahon agus Máiréad McGuiness.
Bhí Bláthnaid ina láithreoir do RTÉ agus TG4 le haghaidh Comórtas Domhanda Samhraidh na gCluichí Oilimpeacha 2003 in Éirinn. Bhí sí ina comhláithreoir do chlár de chuid RTÉ, mar shampla The Afternoon Show (ó 2004). Bhí Ní Chofaigh ina ball den chlár siamsaíochta RTÉ do dhuine fásta The Podge and Rodge Show, agus thit sí i dtrioblóid faoi rudaí labhairthe aici ar an gclár faoi Dicky Rock. Bhí sí ina breitheamh ar The All-Ireland Talent Show.
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoi láthair tá Ní Chofaigh ina cónaí lena clann (cúigear) i mBaile Átha Cliath i ndeisceart na cathrach ach téann sí ar ais go minic go Ráth Chairn chun a muintir a fheiceáil. D'éag a hathair sa bhliain 2008 i Ráth Cairn. Tá a muintir fós ag cónaí i Ráth Chairn agus feictear Bláthnaid corruair sa Bhradán Feasa i Ráth Chairn.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "TV host reveals sex harassment trauma" (en). Irish Independent (2008-01-15). Dáta rochtana: 2025-04-06.
- ↑ THE man who sexually harassed RTE presenter Blathnaid Ni Chofaigh as a teenage reporter was the convicted paedophile poet Michael Davitt, the Irish Daily Mail can reveal.. "Blathnaids tormentor was poet with abuse conviction" (en). article.wn.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-06-22. Dáta rochtana: 2019-06-22.
- ↑ Frances O'Rourke. "First Encounters: Bláthnaid Ní Chofaigh and Rónán Mac Aodha Bhuí" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-11-20.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-10-23). "'Irish comes back when you're in bits'" (as ga-IE).