Ontario

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilOntario
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Ut incepit fidelis sic permanet» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósLoch Ontario Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 50°N 85°W / 50°N 85°W / 50; -85
Stát ceannasachCeanada Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairTorontó Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán14,223,942 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús13.21 hab./km²
Teanga oifigiúilBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla1,076,395 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce14 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceBá Hudson agus Na Lochanna Móra Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeIshpatina Ridge (en) Aistrigh (693 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleBá Hudson (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síCanada West (en) Aistrigh, Críocha an Iarthuaiscirt, Province of Canada (en) Aistrigh agus Keewatin District (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1 Iúil 1867
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisparliamentary democracy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas Ontario Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint Ontario Cuir in eagar ar Wikidata
• Monarc Cheanada Cuir in eagar ar WikidataSéarlas, Prionsa na Breataine Bige Cuir in eagar ar Wikidata
• Premier of Ontario (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataDoug Ford (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil851,176,000,000 $ (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraCanadian dollar (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistK, L, M, N agus P Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2CA-ON Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinontario.ca Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: ONgouv Cuir in eagar ar Wikidata
Eas Niagara

Is é Ontario an cúige is mó daonra agus an dara cúige is mó achair i gCeanada. Bhí daonra 13,505,900 ag Ontario sa bhliain 2013, 38.7% den daonra náisiúnta.[1] Is é Torontó an phríomhchathair agus an chathair is mó chomh maith. Tá Ottawa, príomhchathair Cheanada, suite in oirthear Ontario.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí réigiún in Ontario, mar atá machairí an tuaiscirt, an Sciath Cheanadach sa lár, agus deisceart an chúige. Bíonn na crainn gann sna máchairí ó thuaidh agus is minic an talamh riascach. Tá an tír ansin tearc i ndaoine. Réimse mhór carraige atá sa Sciath Cheanadach a shíníonn trasna an chúige ón iarthuaisceart go dtí an oirdheisceart láir. Tá mianraí éagsúla le fáil go flúirseach ann chomh maith le foraoisí, locha agus aibhneacha, cé go mbíonn carraig lom na Scéithe ar an dromchla uaireanta freisin. Sa deisceart bíonn an talamh agus an aeráid níos oiriúnaí don churadóireacht. Tá 13% d'achar an chúige sa deisceart ach is ansin a bhfuil 94% den daonra.

Cladach ar Leithinis Bruce ar Georgian Bay in Ontario. Tá Leithinis Bruce idir Georgian Bay agus Loch Huron.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad na hIndiaigh (na "Chéad Náisiúin") na chéad áitritheoirí in Ontario. Bhí treibheanna Íreacacha (Iroquois, Petun, Huron) ina gcónaí i ndeisceart Ontario. Bhíodh cónaí orthu i dtithe fada i mbailte beaga daingnithe agus shaothraigh siad an talamh (min bhuí sa chuid ba mhó). Treibheanna Algancacha (Algonquin, Cree, Ojibwa) a bhí i dtuaisceart agus in iarthar Ontario, iad ag fánaíocht agus ag seilg agus ag iascach. Tháinig na Francaigh sa bhliain 1608. Rinne siad trádáil i bhfionnaidh leis na hIndiaigh. Chuir siad dúnfoirt ar bun—Fort Frontenac (Kingston inniu), Fort Niagara, agus Fort Detroit—ach níor chuir siad bailte dá gcuid féin ar siúl.

Cúige Québec sa bhliain 1774, Ontario mar chuid de

Rinne Henry Hudson taiscéaladh ar an mbá taobh thuaidh ó Ontario a bhfuil a ainm air inniu, .i., Bá Hudson, sa bhliain 1615 agus cuireadh áiteanna trádála Sasanacha ar bun ar an gcósta úd. B'as sin a d'fhás an comhlacht Hudson Bay Trading Company a mhaireann i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe go fóill. Fuair na Briotanaigh seilbh ar Ontario ar fad, in éineacht leis na críocha Francacha eile, trí Chonradh Pháras na bliana 1763. Dílseoirí ó na 13 choilíneacht ó dheas ba mhó a lonnaigh in Ontario sna blianta ina dhiaidh sin.

D'fhan go leor de na daoine úd ó na 13 choilíneacht neodrach sa chuid le linn Chogadh 1812 ach throid cuid de mhuintir Ontario ar son na Breataine sna mílístí Ceanadacha i gcoinne ionraic na bhfórsaí Meiriceánacha. Tháinig cuid mhór imirceach ón Eoraip sna blianta i ndiaidh an chogaidh chéanna, a lán daoine ó Éirinn agus ón mBreatain ina measc. Fuair suas leis an gceathrú cuid de na himircigh bás san iarracht ach, mar sin féin, d'fhás daonra Cheanada Uachtair (mar a thugtaí ar an gcuid ba mhó de Ontario ag an am) faoi cheathair idir 1812 agus 1842. Bhí 952,000 duine ina gcónaí ann faoin mbliain 1851. Tógadh canálacha agus iarnróid sa chéad leath den 19ú haois. Ag tosnú sa bhliain 1825, chuir an Chanáil Erie nasc ar siúl idir Locha Erie agus Ontario agus Cathair Nua-Eabhrac agus le margaidh eile do tháirgí Ontario.[2]

Cuireadh Ceanada Íochtair (Québec, a bheagán nó a mhórán) agus Ceanada Uachtair le chéile sa bhliain 1840 agus baineadh féinrialachas éigin amach sa bhliain 1848 le córas an "rialtas fhreagraigh" ina raibh an rialtas i gcumhacht chomh fada agus a raibh siad ábalta tacaíocht an phobail a fháil. Nuair a cuireadh Tiarnas Cheanada ar bun ar 1 Iúil 1867 trí Acht Mheiriceá Thuaidh Briotanach, bhí Ontario ina chúige féin, in éineacht le Québec, New Brunswick, agus Albain Nua. John S. Macdonald an chéad phríomh-aire.

Mar gheall ar an fhorbairt eacnamaíoch leanúnach in Ontario sa dara leath den 19ú haois agus ina dhiaidh, bhí breis is 50% de na daoine ina gcónaí i gceantracha uirbeacha faoin mbliain 1911. An bhliain ina dhiaidh sin leathnaíodh na teorainneacha an chúige go Bá Hudson agus Bá James, rud a chuir an chruth céanna ar Ontario agus atá air an lá inniu. Tháinig inimircigh go dtí na críocha mianadóireachta sna 1920idí, daoine ón Lochlainn agus ó Québec go háirithe.

Fulaingíodh sa Spealadh Mór sna 1930idí. Chuir an Dara Cogadh Domhanda críoch leis sin agus tháinig na céadta míle teifeach ón Eoraip tar éis dheireadh an chogaidh úd. Lean an geilleagar ag fás sna blianta iarchogaidh agus thosaigh imiceacht shuntasach ón gcuid eile den domhan.

Eastát tithíochta in Markham, i ndeisceart Ontario

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá geilleagar Ontario múnlaithe go mór ag geoghraife an chúige: saothrú acmhainní nádúrtha sa lár agus an talmhaíocht sa deisceart mar a mbíonn an talamh go maith chuici. Mar gheall ar an dlús daonra sa deisceart, is ansin a bhíonn an chuid is mó den tionsclaíocht, seirbhísí, rialtas agus na meáin chumarsáide. Baintear sochar as an turasóireacht sa dá réigiún araon.

Tá foinsí hidrileictreacha flúirseach in Ontario, ach mar sin féin ceannaíonn an cúige cumhacht ó Québec agus ó Michigan (an comhpháirtí trádála is mó ag Ontario). Tá leath de dhéantúsóireacht Cheanada suite in Ontario (52% den iomlán náisiúnta sa bhliain 2004). "Réigiún an Chrú Capaill Órga" a thugtar ar na ceantracha in aice Loch Erie agus iarthar Loch Ontario ina bhfuil an chuid is mó den tionsclaíocht ar siúl. Ba C$674.485 bn. an olltáirgeacht intíre (OTI) a bhí ag Ontario sa bhliain 2012.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Suíomh oifigiúil an chúige arna rochtain ar 23 Lúnasa 2013
  2. "Ontario", World Book Encyclopedia, Iml. 14, lch. 786
  3. [1] Statistics Canada arna rochtain ar 13 Mí na Samhna 2013

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]