Henry Hudson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHenry Hudson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1565
Ríocht Shasana Cuir in eagar ar Wikidata
Básluach anaithnid (>23 Meitheamh 1611)
458/459 bliana d'aois
James Bay, Ceanada (en) Aistrigh, is dócha Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreLoingseoireacht
Gairmtaiscéalaí, mairnéalach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1607 –
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
GéillsineRíocht Shasana agus Poblacht na Seacht nDúiche Aontaithe

Find a Grave: 6621707 Cuir in eagar ar Wikidata

Taiscéalaí agus maraí Sasanach ba ea Henry Hudson a bhí gníomhach go luath san 17ú haois. Tá cáipéisi a bhreithe in easnamh ach ceaptar gur rugadh i Londain é. Ceaptar freisin gur chaith sé a óige i seirbhís ar farraige mar bhí sé ina chaptaen i gceannas ar long faoin am a bhfuil an chéad trácht air sna foinsí scríofa.

Bhí an-tóir ar spíosraí agus táirgí eile an Domhain Thoir ag an am agus mar sin bhí ceannaithe agus rialtais na hEorpa i gcomórtas géar lena chéile chun bealach ní ba dhírí sall a bhaint amach. Tar éis roinnt aistear farraige a dhéanamh ar son ceannaithe Sasanacha de chuid an Chomhlacht Muscovy, a bhí ag iarraidh teacht ar an bPasáiste Siar ó Thuaidh go dtí an India, thaiscéal Hudson cuid den réigiún ar a dtugtar Nua-Eabhrac air anois faoi choimirce Chomhlacht Dúitseach na hIndia Thoir. An Halve Maen ("Leath Gealaí") an t-ainm a bhí ar a bhád an uair sin. Ar an aistear deireanach dó, chuaigh sé ní b’fhaide ó thuaidh ar lorg an bhealaigh úd go dtí an tOirthear agus tháinig sé ar Chaolas Hudson agus ar Bhá Hudson i gCeanada. I ndiaidh an geimhreadh a chaitheamh i mBá James sa bhliain 1611, rinne cuid den chriú ceannairc ina aghaidh agus tréigeadh é i mbád beag in éineacht lena mhac, a bhí ina dhéagóir go fóill, agus le hochtar den chriú a d’fhan dílis dó nó a bhí tinn. Níl a fhios cad a tharla dóibh ina dhiaidh sin.