Iroquois
![]() | |
Cineál | náisiún |
---|---|
Teanga | Iroquoian languages (en) ![]() |
Creideamh | an Protastúnachas, Caitliceachas agus Longhouse Religion (en) ![]() |
Tréimhse | luach ar iarraidh ![]() |
Baile | luach ar iarraidh ![]() |
Suíomh Gréasáin | haudenosauneeconfederacy.com |
Is náisiún Meiriceánach Dúchasach iad na hIroquois a mhaireann i Stát Nua-Eabhrac sa lá atá inniu ann. .[1] Tugann siad Haudenosaunee (Mohawk: Rotinonshón:ni, Seneca: Hodínöhšö:ni:h) orthu féin. `

Ó nath Iroquois hiro kone a tháinig an focal Iroquois; chum na taiscéalaithe Francacha an focal seo.[2] Bíonn na hIroquois ina gcónaí den chuid is mó i Nua-Eabhrac (stát) agus i gQuébec.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bíonn na hIroquois ina gcónaí i Meiriceá Thuaidh ó 12,000 RC no fiú i bhfad níos luaithe.[3] Tugann na hIroquois "Turtle Island" (Oileán Turtair) ar Meiriceá Thuaidh.[4]

Thosaigh na hIroquois ag talmhaíocht timpeall 800-1000.[5] Cruthaíodh an 'chónaidhm Haudenosaunee' timpeall 1450 - 1660 (nó níos lú b'fhéidir). Bhí cúig náisiún ann sa chónaidhm ar dtúsː na Seneca, Cayuga, Onondoga, Oneida, agus Móháic.
Sheol an taiscéalaí Jacques Cartier ó Saint-Malo chun teachtaireacht na deabhóide Críostaí a chraobhscaoileadh do na bundúchasaigh le hais an Saint Laurent.[6]
Ar an 24 Iúil, chuir Cartier cros 10 méadar in airde agus ghlac sé seilbh na tíre in ainm François I, Rí na Fraince. Tá an miotas greanta i bpánaí ildaite gloine atá leathcheilte ar chúl bosca faoistine i Notre Dame Montréal, an tIndiach luite ar a chúl ar an talamh agus Cartier ag seanmóintíocht as leabhar dó, mura bé an Bíobla é.
Chuaigh na Tuscaroraigh ó Carolina Thuaidh isteach sa chónaidhm Haudenosaunee sna 1700idí.
Chuir teacht na nEorpach sna 1500í saol na mbundúchasach as riocht. Bhí saibhreas le baint as an trádáil i bhfionnadh na mbéabhar, rud a chothaigh neart coimhlinte.
Mharaigh na hEorpaigh go leor Iroquois i rith an 18ú céad, agus coigistíodh a gcuid tailte.[7]

Sa 18ú haois, bhí ról lárnach ag Molly Brant i gCónaidhm na Haudenosaunee, sochaí a bhí bunaithe ar riail mhatrarcachta, gaois éiceolaíochta agus an daonlathas rannpháirtíoch (ag dul i bhfad siar roimh theacht na nEorpach).[8]
Béaloideas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Scéal Cruthaithe ag na Haudenosaunee a deir gur tháinig Bean Spéire anuas ón Domhan Uachtarach ar dhroim turtair. Chabhraigh ainmhithe na n-uiscí titim Bhean Spéire a mhaolú. Rug ealta ealaí uirthi agus leag siad í ar dhroim turtair. Thóg an muscfhrancach an domhan aníos ó bhun an uisce agus cuireadh é ar dhroim an turtair, rud a d’fhás isteach i Meiriceá Thuaidh. Is é seo an fáth go nglaonn cuid de bhundúchasaigh Mheiriceá ‘Oileán an Turtair’ ar an ilchríoch sin.[8]
Is léiriú ar an nasc láidir leis an talamh atá ag na Haudenosaunee é an scéal sin. Deirtear go bhfuil an chónaidhm idir náisiúin Móháic, Oneida, Onondaga, Seneca agus Cayga ar cheann de na daonlathais rannpháirtíochta is sine ar domhan. Tháinig na Tuscarora isteach ar an gcónaidhm san ochtú haois déag nuair a dhíbir coilínigh as North Carolina iad.
Ba iad na treibheanna bunús na sochaí matrarcachta. Bhí smacht ag na mná ar chúrsaí talún, talmhaíochta agus rialtais. Bhailigh siad bia fiáin, thug siad aire do ghairdíní, agus réitigh siad seithí ainmhithe agus feoil don gheimhreadh.
Bhí córas talmhaíochta dá gcuid féin acu, cuid mhór de bunaithe ar na ‘triúir deirfiúracha’ (arbhar, pónairí, scuais). D’fhástaí na hábhair seo ar mhullóga a bhí scartha trí troithe óna chéile. Thugadh gais an arbhair tacaíocht d’fhíniúnacha na bpónairí. Ba é an fheidhm a bhí ag duilleoga na scuaise foscadh a thabhairt agus an chré a choinneáil tais. Chomh maith le sin, chuir na duilleoga an ruaig ar an luifearnach.[8]
Inniu
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá timpeall 125,000 Iroquois ann, 45,000 i gCeanada agus 80,000 sna Stáit Aontaithe.
Tá comhairle na bhfear agus comhairle na mban ag na hIroquois, agus tá na mná i gceannas ar an réadmhaoin, an talmahaíocht, agus mar sin de. Bhí rialtas daonlathach ann.[9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Iroquois” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-06-04.
- ↑ Barbara Alice Mann, Iroquoian Women: The Gantowisas (Boston: Peter Lang, 2000), 16-17.
- ↑ Ibid., 32-5.
- ↑ Ibid., 33.
- ↑ Ibid., 35-6.
- ↑ Liam Ó Muirthile (2016). "‘Is é Cairdinéal Dearg an cheoil é, éan a eitlíonn go hard os cionn na cathrach’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-01.
- ↑ Ibid., 41-9.
- ↑ 8.0 8.1 8.2 Kerron Ó Luain (2025-04-18). "Molly Brant agus treabh na Haudenosaunee" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-04-19.
- ↑ Ibid.