Jacques Cartier
Jacques Cartier | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
Iúil 24, 1534 - Eanáir 15, 1541 ← no value - Jean-François Roberval (en) ![]() | |||
Saol | |||
Eolas breithe | Saint-Malo, 31 Nollaig 1491 | ||
Náisiúntacht | Ríocht na Fraince | ||
Bás | Saint-Malo, 1ú Meán Fómhair 1557 | ||
Áit adhlactha |
Saint-Malo Cathedral (en) ![]() | ||
Cúis bháis |
bás nádúrtha (plá tíofas) | ||
Muintir | |||
Céile/Céilí |
Mary Catherine des Granches (en) ![]() | ||
Oideachas | |||
Teangacha | An Fhraincis | ||
Gairm | |||
Gairm | loingseoir, taiscéalaí agus mairnéalach | ||
Céim | Aimiréal | ||
![]() |
Ba thaiscéalaí Francach (Briotánach) é Jacques Cartier (31 Nollaig 1491 - 1 Meán Fómhair 1557, a rugadh faoin ainm Jakez Karter). Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Ceanada.

Rinne Cartier trí thuras fharraige go Ceanada sa 16ú haois. Ba é Cartier an chéad duine a leag amach an abhainn Naomh Laurent.
1534[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tháinig na Francaigh, le Cartier mar cheannaire, go Ceanada sa bhliain 1534 nuair a sheol siad isteach san abhainn St. Lawrence. Sheol Jacques Cartier ó Saint-Malo chun teachtaireacht na deabhóide Críostaí a chraobhscaoileadh do na bundúchasaigh le hais an Saint Laurent.[1]
Ar an 24 Iúil 1534, chuir Cartier cros 10 méadar in airde agus ghlac sé seilbh na tíre in ainm François I, Rí na Fraince. Tá an miotas greanta i bpánaí ildaite gloine atá leathcheilte ar chúl bosca faoistine i Notre Dame Montréal, an tIndiach luite ar a chúl ar an talamh agus Cartier ag seanmóintíocht as leabhar dó, mura bé an Bíobla é.
1535[cuir in eagar | athraigh foinse]
An bhliain dar gcionn, thug Cartier cuairt an cheantar Montréal, áit a raibh muintir Huron ag an am, i 1535. Bhaist sé Mont Royal (An Sliabh Ríoga) ar shliabh a bhí crochta os cionn abhainn an St Lawrence.
Tagann an t-ainm Ceanada ó kanata, focal a chiallaíonn "baile beag" nó "lonnaíocht" i dteanga de chuid na nIroquois. Ba é sin an focal a d'úsáid na hIroquois i gceantar Chathair Québec nuair a threoraigh siad Jacques Cartier chun Stacona, baile beag acusan.
Thug Cartier an t-ainm sin ar an gceantar uilig a bhí faoi Donnacona, taoiseach na treibhe úd. Faoin mbliain 1545, bhí na hEorpaigh ag cur an ainm ar a gcuid léarscáileanna le haghaidh an réigiúin ar fad.
1542[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'fhill Cartier i 1542 le sagairt agus coilínigh agus bhunaigh sé an sráidbhaile Ville Marie.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Liam Ó Muirthile (2016). "‘Is é Cairdinéal Dearg an cheoil é, éan a eitlíonn go hard os cionn na cathrach’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-01.