Tuscaroraigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Meiriceánaigh Dúchasacha is ea na Tuscaroraigh ("cnuasaitheoirí cnáibe"), de chuid teangacha na nIroquois, le baill i Nua-Eabhrac, i gCeanada, agus i gCarolina Thuaidh. Meastar gur chomhcheangal siad le chéile mar daoine ar fud na Lochanna Móra, le linn bhorradh na Cúig Náisiún de chuid na nIroquois bunaithe i gceantar Nua-Eabhrac mar atá anois ann. I bhfad roimh theacht na nEorpach go dtí Meiriceá Thuaidh, chuaigh na Tuscaroraigh ar imirce ó dheas agus shocraigh siad síos sa réigiún ar a dtugtar anois Oirthir Carolina air. Na daoine dúchasacha is líonmhaire sa cheantar, bhí cónaí orthu le taobh na n-aibhneacha Roanoke, Neuse, Tar (Torhunta nó Narhontes), agus Pamlico i gCarolina Thuaidh. Bhuail siad, don chéad uair, le taiscéalaithe agus lonnaitheoirí Eorpacha i gCarolina Thuaidh agus Virginia.