TG4

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Bosca Sonraí EagraíochtaTG4
TG4 logo.svg TG4 logo (2003-2012).svg
TG4, Baile na hAbhann, Conamara, Co. na Gaillimhe (2014).jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí bunúsacha
Cineál gréasán teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh 31 Deireadh Fómhair 1996
Gníomhaíocht
Ball de European Broadcasting Union (en) Aistrigh (2007–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht agus rialtas
Úinéir Teilifís na Gaeilge Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáin tg4.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: TG4TV

Is stáisiún teilifíse Éireannach é TG4 atá dírithe ar chainteoirí Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain ar an Idirlíon. Thosaigh an stáisiún ag craoladh ar Oíche Shamhna 1996 mar Teilifís na Gaeilge, nó "TnaG", ach athraíodh an t-ainm go TG4 sa bhliain 1999.

De réir TAM Ireland/Nielsen, bhí sciar laethúil de 2.8% ar an meán ag TG4 idir Oíche Nollag agus Lá Caille 2001.[1] Bhí aimsiú laethúil de 632,700 duine ag an stáisiún agus aimsiú iomláin de 1.87m.[2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

TG4, Baile na hAbhann, Conamara, Co. na Gaillimhe

I measc na n-iarratas a cuireadh faoi bhráid an rialtais in 1959 do bhunú na seirbhíse teilifíse náisiúnta nua (Teilifís Éireann níos déanaí), bhí ceann láidir ó Ghael Linn. BhíocÍh an comhlacht, faoi stiúir Dhónaill Uí Mhóráin, ag soláthar nuachtscannán ag an am agus meastar gur tugadh an-suntas dá n-iarratas, cé gur theip air i ndeireadh thiar thall.[3]

I mBealtaine 1969, gheall Taoiseach na linne, Jack Lynch, go mbunófaí stáisiún teilifíse Gaeilge (ag cruinniú de chuid Choiste na Gaeilge d'Fhianna Fáil i gCorcaigh, agus bhi olltoghchán ar na bacáin ag an am),

Ón bhliain 1973 i leith, bhi feachtas ar bun ag Conradh na Gaeilge in éadan an easpa clár Gaeilge a bhiodh á gcraoladh ag RTÉ. Eagraiodh cruinnithe poibli, mórshiúlta agus picéid agus chaith domán ball tréimhse i bpriosún cionn is gur dhiúltaigh siad ceadúnas teilifíse a cheannach mar agóid faoina laghad clár Gaeilge a bhi le feiceáil ar RTÉ. Duine acu sin ab ea Íte Ni Chionnaith agus d'inis si don chúirt go raibh ag teip ar an chraoltóir náisiúnta freastal a dhéanamh ar phobal na Gaeilge.[4]

Ó thús na 1980idí, bhí a gcainéal féin ag lucht labhartha na Breatnaise, na Bascaise, na Gailíse agus na Catalóinise. Ag an Ard-Fheis in 1980, rith an Conradh rún ag éileamh bealach úr teilifíse lánGhaeilge.

Ar 2 Iúil 1985, scaoileadh saor ón bpríosún Brian Ó Baoill a dhiúltaigh fíneáil £50 a íoc mar agóid in aghaidh a laghad Gaeilge a bhí ar RTÉ.[5]

I Márta 1986, bhunaigh Aire na Gaeltachta an ama (Pádraig Ó Tuathail) meitheal oibre ar chraolachán teilifíse trí Ghaeilge. Ba é an tátal a bhí le baint as a dtuarascáil ná gurbh fhearr go bhfágfaí cúram speisialta na Gaeilge faoi RTÉ 2. Diúltaíodh don m:holadh go mbunófaí bealach teilifíse lán-Ghaeilge.

Ar aon dul le bunú na seirbhíse raidió Gaeltachta, ba mar thoradh ar fheachtas poibli, a fíoraiodh aisling na teilifíse Gaeilge. Ba le linn deireadh seachtaine Oireachtas na nGael i nDeireadh Fómhair 1987, a chéadchraoladh an stáisiún bradach as Ros Muc.[3]

Ba é .Michael D. Higgins, ó Pháirtí an Lucht Oibre, a chinntigh go dtiocfadh bláth ar an aisling ainneoin go leor cáineadh gur diomailt airgid phoíblí a bhí ann. Ceapadh Gearóid Ó Tuathaigh, Ollamh le Stair i gColáiste na hOllscoile Gaillimh, ina Chathaoirleach ar an Choiste Bunaithe a chuir moltaí ar fáil don Aire faoi struchtúr agus cláir na seirbhíse nua. Ar 23 Samhain 1993, ghlac an Rialtas cinneadh go rachadh Teilifís na Gaeilge ar an aer in Eanáir 1995.

Ar Oíche Shamhna, 1996 las an tUachtarán, Mary Robinson, coinneal an dóchais agus saolaíodh Teilifís na Gaeilge le pléasc spleodrach. Chuir liúnna arda agus damhsa Ceilteach ó Mhacnas tús leis an siamsaíocht, buaicphointe ar bhlianta fada agóide agus stocaireachta.[3]

Bhí TG4 faoi stiúir RTÉ go dtí gur athraíodh é go corparáid neamhspleách phoiblí ar an gcéad lá d'Aibreán 2007, tar éis don reachtaíocht chaoi chun go dtarlódh sé seo dul tríd sa bhliain 2001.[6]

I mí Iúil 2007, glacadh TG4 isteach mar bhall nua d'Aontas Craolacháin na hEorpa.

Modh oibre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Samhaltán Ceol na nOileán ó 2009

Is iad na cláir Gaeilge atá ag croí TG4, agus craoltar sé uair den ábhar seo gach lá - mar shampla nuacht, spórt, ceol, cláir faisnéise agus rudaí eile. Chomh maith leis sin, taispeántar athchraoltaí de chláir éagsúla agus ansin cláir cháiliúla eile i mBéarla, cosúil le The O.C., Nip/Tuck agus cláir Mheiriceánacha eile.

Ag feidhmiú mar fhoilsitheoir agus mar chraoltóir, caitheann TG4 €20 milliún gach bliain i gcomhair cláir Gaeilge nua ó chomhlachtaí Éireannacha. Tá an sobal dráma Ros na Rún ar cheann de na cláir is rathúla, agus déanann siad cláir faisnéise chomh maith.

Samhaltán “Ar_Stáitse” (cartlann ceoil) ó 2011

Tá an chuid is mó de chláir an stáisiúin ar fáil le fotheidil as Béarla, beart conspóideach a cháintear go minic i measc cainteoirí Gaeilge toisc an easpa rogha a bhíonn ann breathnú ar an leagan bunaidh den chlár (i.e. gan fotheidil). Tá iarrachtaí áirithe déanta ag TG4 dul i ngleic leis an bhfadhb seo le hathruithe teicneolaíochta.

Player TG4[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2011, bhí breis is 150,000 cuairteoir uathúil ag suíomh TG4 sa mhí. Breathnaigh cuairteoirí an tsuímh ar os cionn 275,000 fís-sruthú go mÍosúil.[3]

Buiséad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cláracha coimisiúnaithe de réir aicme i 2006:-

Aicme Buiséad Uaireanta
Ros na Rún €3,446,000 36
Faisnéis €1,924,000 60
Spórt €3,828,000 283
Drámaíocht €2,418,000 25
Ceol €1,378,000 63
Siamsaíocht €1,391,000 60
Taisteal €267,000 4
Stiúideo €438,000 66
Iomlán €15,469,000 597

Rátálacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

2010 2009 2001 1996
900,000 800,000 730,000 250,000

Cláir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Cláir TG4
Samhaltán Glór Tíre le Dáithí Ó Sé

Nuair a bunaíodh TG4 i dtús báire, ní bhíodh a lán cláir ar siúl, tháinig deireadh luath leis an gcraoladh gach aon lá agus bhíodh a lán cláracha Béarla ann freisin. Ó shin, tá sé tar éis dul ó neart go neart, ag mealladh lucht féachana mar thoradh ar a chláir ghairmeacha. Ar dtús ní raibh a lán airgid faoi réir acu agus bhí sé faoi smacht ag RTÉ.

Bhuaigh an sraithdhráma grinn C.U. Burn “Spiorad na Féile”, An Fhéile Idirnáisiúnta Cheilteach Scannán & Teilifíse I 1997. D'údaraigh Teilifís na Gaeilge do Lios na Sí Teo [7]. Sraithchlár sé mhír a sholáthar i dtosach báire, Ach bhí glactha chomh maith sin leis an tsraith go raibh beartaithe ag Lios na Sí sraith eile a dhéanamh. Mar sin, bhí 16 cláir craolta i 1996 agus i 1997.

Samhaltán "Gradam Ceoil TG4", i 2011

Sa bhliain 1999, athsheoladh an stáisiún faoin teideal TG4 (Telefís Gaeilge 4) faoi údarás TeleGael, cumann eile faoi stiúir ag RTÉ. Ó shin i leith, tugann RTÉ buiséad do TG4 chun caitheadh mar a thagair siad. Thosaigh siad ag craoladh níos mó cláracha dírithe ar daoine fásta, ag seoladh Séideán Staire agus Ardán.

Chomh maith le sin, tá TG4 i ndiaidh cur lena chuid craoltóireachta agus raon dá chláracha a leathnú. Mar shampla, cuireadh an tsraith taisteal Amú, le Hector Ó hEochagáin i láthair. Rinne an clár seo réalta mór de Ó hEochagáin agus d'éirigh le TG4 a lucht féachana a leathnú maille leis sin. Anois, is cosúil go bhfuil TG4 ina lánrith, le príomhchláir den chéad scoth agus ainmneacha iomráiteacha ag baint leis an stáisiún.

Tá an teist tuilte ag TG4 gur stáisiún é a chruthaíonn cláir nuálacha, scannánaíocht, ealaín, dráma, cláir faisnéise agus spóirt. Mar shampla, chraol TG4 na cláir choitianta Mheiriceánacha Nip/Tuck, Carnivàle, Gossip Girl, The Wire, America's Next Top Model, The O.C., One Tree Hill, Lipstick Jungle, Everwood, Survivor, Invasion agus Curb Your Enthusiasm sula raibh siad le feiceáil sa Ríocht Aontaithe agus tíortha eile. Chomh maith le sin, thaispeáin TG4 an comórtas leadóige Wimbledon agus an rás Tour de France beo ar an aer. Tugann TG4 aird do cluichí Éireannacha chomh maith, ar nós na cluichí peil Ghaelach agus iománaíocht, mar shampla na sraitheanna náisiúnta agus comórtas na gclubanna. Níl na héachtaí seo in ann lucht féachana ábhalmhór a bhaint amach, ach ní fhéadfaí a rá gur mó atá TG4 is lucht na Gaeilge siar ná aniar leis na hiarrachtaí seo, toisc go bhfuil leantóirí rialta díbhirceach fós i ndíograis leis an tseirbhís in alt na huaire seo. Craoltar scannáin mhóra-le-rá freisin, mar shampla scannáin buachaillí bó, i dteangacha eile, go háirithe as Fraincis, Gearmáinis agus Spáinnis.

Lógó 1999
Lógó 2003

Ó thaobh cláir shiamsaíochta de, tá an seó cainte Ardán agus an clár Paisean Faisean ar an bhfód. Ar an 31 Deireadh Fómhair 2006, craoladh an chéad eipeasóid den chlár Aifric, clár grinn/dráma atá dírithe ar dhéagóirí. Ag freastal ar daoine níos sine agus na gnóthaí céanna sa treis aige, tá an clár nua Seacht a leanann na saolta seachtar mac léinn i mBéal Feirste. Ar an 24 Meán Fómhair 2007, thosaigh TG4 ag taispeáint an chláir bheochana South Park as Gaeilge. Ní taise do Sesame Street é, a chraoltar faoin ainm Tar ag Spraoi Sesame.

Chuaigh leis an stáisiún méid réimí go leor réaltaí a sheoladh in Éirinn, cuir i gcás, na deirfiúracha Seoige, Gráinne agus Síle, agus Hector Ó hEochagháin.

Ar na cúiseanna uilig á lua, tá TG4 tar éis teacht chuige féin mar acmhainn cruthanta a mbíonn ag freastal ar chúraimí na Gaeilge is na nGaeilgeoirí.

Cuireann TG4 sruth beo ó Dháil Éireann dhá lá sa tseachtain. Tá clár nuachta laethúil den chéad scoth go deo chomh maith, Nuacht TG4 agus an clár Timpeall na Tíre (bailiúchán de na scéalta móra ar bhonn seachtainiúil) agus 7 Lá (díospóireacht ar cúrsaí reatha). Is iad na cláracha faisnéise seo i dtaca le cúrsaí reatha a bhfuil ard-chaighdeán labhartha na Gaeilge acu, agus go deimhin tá dul faoi leith acu maise a chur ar do chuid Gaeilge go gasta, má chuireann tú cos as breathnú orthu go rialta.

Corp is anam, i 2009

Tá seirbhís theilithéacs ag TG4, ar a tugtar Téacs TG4. I mí an Mheithimh na bliana 2006, thosaigh siad ag craoladh cláir go beo ar an suíomh idirlín tg4.tv.

Tuaisceart Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar pháirt de Chomhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998, cuireadh TG4 (nó TnG mar a bhí sé) ar fáil i dTuaisceart Éireann. Sa bhliain 2005, thosaigh sé ag craoladh go hoifigiúil ón tarchuradóir úd Divis gar do Bhéal Feirste.

Aitheantas agus duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thuill dhá shaothar an-éagsúil mórdhuais agus aitheantas speisialta do TG4 ag comórtas tábhachtach Eorpach, Circom 2011, a tionóladh i Frederikstad san Iorua.[8] Thug an scannán An Píopa an phríomhdhuais Faisnéise leis agus tugadh aitheantas agus moladh speisialta don tsraith Gualainn le Gualainn, stair an rugbaí in Éirinn, sa duaisaicme do chláracha spóirt. Is í seo an ceathrú uair le deich mbliana a bhfuair cláracha TG4 duaiseanna agus aitheantas ó Circom.

Bronnadh Buaic-Ghradam Chumarsáide an Oireachtais ar TG4 don bhliain 2016. An tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn a bhronn an duais.[9]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. sciar de 2.2% a bhí ag TG4 le linn na Nollag in 2020
  2. "Méadú Mór ar Lucht Féachana TG4 le linn na Nollag | Preas Ráiteas" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2022-07-02.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 Breandan Delap (2012). "Ar an Taifead: Fis, Fuaim, Focal". 1lib.domains / Z-Library / Books4You. Dáta rochtana: 2022-07-02.
  4. Breandan Delap (2012-09-01). "Ar an Taifead (2012): Fis, Fuaim, Focal" (as ga). Cois Life. 
  5. Maitiú Ó Coimín (2 Iúil 2015). "30 bliain is an lá inniu cuireadh fáilte abhaile ó phriosún go Conamara roimh Bhrian Ó Baoill" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-02.
  6. Bhí Peter Quinn, iar-Uachtarán an CLG, ar an gcéad Cathaoirleach air. I measc na daoine eile a ceapadh ar an údarás ná Joe Connolly, Padraig MacDonnacha, Eilís Ní Chonghaile, Méabh Mhic Ghairbheith, Méadhbh Nic an Airchinnigh, Bríd Ní Neachtáin, Feargal Ó Sé agus Regina Culliton.
  7. Saol, Imleabhar 10 * Uimhir 1 * Eanáir 1997
  8. Nuacht Ráitis » 2011 » 12.04 - Aitheantas Eorpach do shaothar TG4 Curtha i gcartlann 2012-01-15 ar an Wayback Machine. Is é Circom cónaidhm na stáisiún réigiúnach teilifíse san Eoraip, os cionn 300 stáisiún ar fad as 38 tír. Tá ard-mheas ar a chuid comórtas agus bíonn caighdeán an-ard i gceist gach bliain.
  9. Nuacht RTÉ (2016-05-09). "Ar TG4 a bhronnfar Buaic-Ghradam Chumarsaide an Oireachtais" (as ga).