BLOC
Sonraí | |
---|---|
Cineál | físeán ar éileamh léiriú teilifíse foireann eagarthóireachta seirbhís sruthaithe cainéal |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 29 Samhain 2018 |
Rialachas corparáideach | |
Máthaireagraíocht | TG4 |
Suíomh gréasáin | https://bloc.tg4.ie/ |
Ardán do dhaoine óga ar na meáin shóisialta is ea BLOC. Bíonn físeáin á gcur amach air a bhaineann le "cúrsaí taistil, ceisteanna sóisialta, ábhar grinn agus gearrscannáin".[1] Sheol TG4 i dtús báire é i mí na Samhna 2018.
Cuireann BLOC fáilte roimh 'scéalaithe físe' atá ag iarraidh ábhair a chruthú agus a fhoilsiú leo "a thugann léargas ar shaol agus ar shainspéiseanna daoine óga atá ag tosú amach agus ag baint súp as an saol." Cuirtear ceardlanna ar siúl dóibh san iriseoireacht mhóibíleach.[2]
Glacadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chruthaigh BLOC "go maith leis an lucht féachana agus sháraigh siad spriocanna na bliana tosaigh"[1] agus faoi dheireadh 2022 bhí os cionn 3 mhilliún babhta féachana faighte ag físeáin an ardáin "le ríleanna Instagram agus TikTok" ar na líonraí ba mhó.[3]
Podchraoltaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá glac podchraoltaí curtha ar bun ag daoine faoi scáth BLOC.
Podchraoladh | Láithreoir(í) | Tús | Naisc |
---|---|---|---|
Gafa | Sinéad Ní Chuinn agus Rút Ní Theimhneáin | 2024 | RSS, Podbean, Podcast Republic, Apple, Spotify, Google |
Cork-Ick | Seán agus Cian | 2022 | RSS, Podbean, Podcast Republic, Apple, Spotify Google |
Canbhás Uí Chiaraidh | Micheál Ó Ciaraidh | 2020 | RSS, Spotify, Google |
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 TG4 (2018). "Tuarascáil Bhliantúil 2018". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 08 Deireadh Fómhair 2022.
- ↑ "‘Scéalaithe Físe’ á lorg ag TG4". NÓS (20 Feabhra 2018). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Nollaig 2018.
- ↑ TG4 (2022). "Tuarascáil Bhliantúil 2022". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 05 Bealtaine 2024.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |