Molscéal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaMolscéal
Sonraí
Cineálfíseán ar éileamh
léiriú teilifíse
foireann eagarthóireachta
seirbhís sruthaithe
cainéal Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
MáthaireagraíochtTG4 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmolsceal.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: MOLSCEALTG4 Twitter: MOLSCEAL Instagram: molsceal Cuir in eagar ar Wikidata

Aip, suíomh idirlín, agus ardán ar na meáin shóisialta is ea Molscéal atá dírithe ar phobal na Gaeilge. Bíonn físeáin á gcur amach air atá "bunaithe ar an bpobal, scéalta siamsaíochta, ábhar nuachta, cartlainne agus spóirt".[1]

Is í Deirdre Ní Choistín a chuir tús leis in 2017[2] agus sheol TG4 é ag Oireachtas na bliana 2018.[1] Tá sé dírithe ar dhaoine "a bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha acu".[3]

Comhoibriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireann Molscéal fáilte roimh 'scéalaithe físe' atá ag iarraidh ábhair a chruthú agus a fhoilsiú leo "a thugann léargas ar ócáid nó ar imeacht pobail" nó "a léiríonn gné ar leith den saol Gaelach nó den saol Gaeltachta". Cuirtear ceardlanna ar siúl dóibh san iriseoireacht mhóibíleach, agus cuirtear na físeáin amach ar chainéal YouTube TG4.[3]

"Tá comhar páirtnéireachta curtha ar bun ag TG4 le NuachtTG4, Tuairisc.ie agus MeonEile.ie chun ábhar a chur ar fáil agus sruthchraoladh beo a dhéanamh ar imeachtaí éagsúla" le Molscéal.[1]

Glacadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chruthaigh Molscéal "go maith leis an lucht féachana agus sháraigh siad spriocanna na bliana tosaigh"[1] agus faoi dheireadh 2022 bhí os cionn 2.6 mhilliún babhta féachana faighte ag físeáin an ardáin.[4]

Bronnadh Gradam Cumarsáide an Oireachtais ar Molscéal in 2022 as ucht chur i láthair a rinne siad ar imeachtaí Chomórtas Peile na Gaeltachta.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 TG4 (2018). "Tuarascáil Bhliantúil 2018". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 08 Deireadh Fómhair 2022.
  2. "Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha ceaptha ag TG4 den chéad uair". Tuairisc.ie (18 Deireadh Fómhair 2022). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 Deireadh Fómhair 2022. Dáta rochtana: 17 Bealtaine 2024.
  3. 3.0 3.1 "‘Scéalaithe Físe’ á lorg ag TG4". NÓS (20 Feabhra 2018). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Nollaig 2018.
  4. 4.0 4.1 TG4 (2022). "Tuarascáil Bhliantúil 2022". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 05 Bealtaine 2024.