Meon Eile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Suíomh GréasáinMeon Eile
URLhttps://www.meoneile.ie/ Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsuíomh gréasáin Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Iontráil i seirbhís2012 Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire agus Tuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata

Soláthraíonn Meon Eile scéalta ar chúrsaí reatha ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. Chomh maith leis seo, tuairiscítear go laethúil ar chúrsaí gnó, ealaíon, stíl mhaireachtála agus spóirt.

Tá an suíomh ar an fhód ó bhí 2012 ann agus dar le Ceara Ní Choinn, léiritheoir an tsuímh; Tá lucht leanúna dílis ag Meon Eile ó tháinig ann dó agus is amhlaidh atá an tóir air ag méadú de shíor. Go deimhin, is é rogha na n-ardán ar líne ag pobal na Gaeilge anois é, go háirithe ag muintir an Tuaiscirt.

Is léiriúchán de chuid 'Below the Radar' é Meon Eile atá á mhaoiniú ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann (Béarla: Northern Ireland Screen). Seo a leanas foireann 'Meon Eile'; Ceara Ní Choinn (Léiritheoir), Tomaí Ó Conghaile (Profléitheoir), Seán Ó Baoill[ (Físiriseoir Sinsearach), Caoimhe Ní Chathail (Físiriseoir), Ruairí Mac Donnacha (Físiriseoir).

Dar le Máire Bhreathnach, Ceannasaí Gaeilge 'Below the Radar; Sa lá atá inniu ann, is ar a ngutháin chliste a thagann daoine ar an nuacht agus ar ábhar físe agus tá Meon Eile ábalta freastal orthu siúd a fhaigheann scéalta nuachta sa siúl.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]