Jump to content

Deirdre Ní Choistín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDeirdre Ní Choistín
Gníomhaíocht
Gairmstiúrthóir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Is í Deirdre Ní Choistín Ard-Stiúrthóir ar TG4 í (arb as Cill Dara ó dhúchas di), ar an gceathrú Ceannasaí ar an stáisiún ó bunaíodh é in 1996, agus ar an gcéad bhean sa phost.[1]

Thosaigh Ní Choistín ag obair le TG4 sa bhliain 1999, go gairid tar éis don chainéal athbhrandáil ó TnaG go TG4. Tá taithí fhairsing aici ar gach gné den stáisiún.

Mar léiritheoir agus mar stiúrthóir a bhíodh sí ag obair den chuid is mó agus baint aici le cláir amhail 7Lá, Comhrá, Róisín agus Léirmheas Leabhar. Ba í an chéad léiritheoir ar ardán ar líne Molscéal in 2017.

D'éirigh sí ansin ina bainisteoir cumarsáide. Chuir sí straitéis cumarsáide nua ilardáin i bhfeidhm a chuir le clú TG4 le linn di a bheith ina bainisteoir cumarsáide ag TG4 ó 2019 go 2022.[1]

In 2022 ceapadh ina ceannaire nuachta agus cúrsaí reatha í. B’in an chéad uair go raibh ceannasaí nuachta dá leithéid ag TG4 a fhaigheann a soláthar nuachta agus cúrsaí reatha ó RTÉ.[2]

Roghnaigh Bord TG4 Ní Choistín mar Ard-Stiúrthóir i mí na Nollag 2024. Ghlac Rialtas na hÉireann leis an ainmniúchán ar an 4 Márta 20245. Tiocfaidh sí i gcomharbacht ar Alan Esslemont, a bhí ina Ard-Stiúrthóir ar TG4 ó 2016 i mí Aibreáin 2025.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2025-03-04). "Deirdre Ní Choistín ceaptha ina hArd-Stiúrthóir ar TG4" (as ga-IE). 
  2. "A mbeannacht tugtha ag an Rialtas do cheapachán ceannasaí nua ar TG4" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-03-04). Dáta rochtana: 2025-03-04.