Tuairisc.ie
| Cineál | tréimhseachán, nuachtán ar líne agus suíomh nuachta |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Am tosaigh | 2014 |
| Áit a fhoilsithe | Bearna |
| Suíomh | tuairisc.ie |
Is suíomh Gaeilge nuachta é Tuairisc.ie, a chuireann seirbhís nuachta ar fáil do phobal na Gaeilge. Bíonn ailt ar chúrsaí nuachta Gaeltachta, náisiúnta agus idirnáisiúnta; cúrsaí spóirt, cultúir agus faisean; chomh maith le hailt tuairimíochta agus colúin. Cuirtear ailt leis an suíomh ar bhonn laethúil.
Tá Tuairisc neamhspleách ó thaobh cúrsaí bainistíochta agus eagarthóireachta de.[1]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuaigh Tuairisc Bheo Teoranta comórtas a reáchtáil Foras na Gaeilge i 2014 chun nuachtán Gaeilge ar líne a sholáthar.[2] Lonnaíodh oifigí an nuachtáin i mBearna i gContae na Gaillimhe[3] mar ba í sin an t-aon cheantar i nGaeltacht Chonamara a bhfuil fáil ann ar sheirbhís leathanbhanda ar ardluas.[4] Seoladh Tuairisc.ie sa Seomra Darach i dTeach an Ard-Mhéara mBaile Átha Cliath ar 9 Deireadh Fómhair 2014.[5]
Ar 5 Meitheamh 2015, d'fhógair Tuairisc.ie go raibh 1,000,000 amharc leathanaigh bainte amach ag an suíomh.[6]
Podchraoladh
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 2024, agus an aos polaitiúil ag dul i mbun feachtasaíochta, chuir lucht an nuachtáin tús leis an bpodchraoladh úrnua Tuairimí Toghcháin mar chuid dá sraith físeán Tuairisc Ó Bhéal chun na "scéalta is déanaí ó Olltoghchán 2024 á bplé ag foireann Tuairisc agus aíonna speisialta".[7]
Foireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Seán Tadhg Ó Gairbhí eagarthóir Tuairisc.ie[8] agus is é Ciarán Ó Súilleabháin bainisteoir an tsuímh.[6]
Tá beirt iriseoirí lánaimseartha fostaithe ag an suíomh, Méabh Ní Thuathaláin agus Pádraic Ó Ciardha (Maitiú Ó Coimín sna 2010idí) agus bíonn ailt rialta ann ó scríbhneoirí seachtracha ar fud na hÉireann agus an domhain. Ina measc sin tá Póilín Ní Chiaráin, Bridget Bhreathnach, Cathal Mac Coille, Seosamh Ó Cuaig, Alex Hijmans agus daoine nach iad.
Ar ga.wikipedia.org
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar Google
[cuir in eagar | athraigh foinse]Glacadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an taighdeoir Rónán Ó Muirthile den tuairim gurb é Tuairisc an nuachtán Gaeilge is fearr mar a bhaineann sé le "réimse guthanna, an doimhneacht iriseoireachta" agus mar sin de. Dúirt sé go bhfuil easpa acmhainn agus tacaíochta faoi deara pé laigeachtaí dá bhfuil aige, m.sh. níl ag éirí le Tuairisc an slacht céanna a chur ar a gcuid alt "ó thaobh íomhánna agus dearadh de" is atá ag m.sh. NÓS, dar leis. Tá sé dírithe ar chúrsaí iriseoireachta agus "tugtar áit do thuairimí difriúla, agus tá áit do dhearcthaí difriúla, agus tá daoine le dealraimh, dar liom, ag scríobh ann".[9][10]
Tá eagarthóir Gaeilge The University Times, Ollscoil na Tríonóide, Malachi Ó Marcaigh den tuairim go bhfuil Tuairisc fóinteach "mar sheirbhís nuachta" freisin.[11]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil: tuairisc.ie
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Oifig an Choimisinéara Teanga (Aibreán 2025). "Na Meáin Ghaeilge": lch 2.
- ↑ "Tuairisc.ie ag earcú foirne dá seoladh" (ga-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-09.
- ↑ "Sonraí Teagmhála" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-09.
- ↑ "Tuairisc.ie reaches one million page views" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-09.
- ↑ "Goan wonders what Kenny’s linguistic ‘legacy’ will be" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-09.
- 1 2 "1,000,000 ‘amharc leathanaigh’ bainte amach ag Tuairisc.ie" (ga-IE). Tuairisc.ie (2015-06-05). Dáta rochtana: 2024-01-21.
- ↑ "PODCHRAOLADH: ‘Ar chúis éigin, cuireann Fine Gael drochthús i gcónaí le feachtais toghcháin’". Tuairisc.ie (12 Samhain 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Samhain 2024. Dáta rochtana: 17 Samhain 2024.
- ↑ "Cormac ag a Cúig Déardaoin 9 Deireadh Fómhair 2014" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-12-09.
- ↑ Rónán Ó Muirthile (12 Feabhra 2025). "Tús Áite: Mír na Meán". Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ "Rónán Ó Muirthile - IADT" (en-GB). IEDL. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ Méabh Ní Thuathaláin ⁊ Malachi Ó Marcaigh (2019-07-10). "‘Cúngú agus tachtadh seachas fás agus bláthú’ – tuairimí faoi phlean Fhoras na Gaeilge do na meáin". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-15.